Áth Cliath 1-16 Maigh Eo 0-07

Páirc an Chrócaigh, 4 Márta, 2017

(Slua: 34,758)

Tá sé an-luath sa mbliain fós ach bua iontach a bhí anseo do na Dubs in aghaidh Mhaigh Eo. Is cinnte go mbeidh foireann Stephen Rochford san iomaíocht ag deireadh an tsamhraidh ach buille a bhí anseo dóibh. Ní maith leo cailleadh in aghaidh na Dubs agus rinneadh scrios orthu. 12 cúilín a bhí le sparáil ag Áth Cliath. Gortóidh sé seo Rochford is a fhoireann.

Maigh Eo 3

D’fheabhsaigh Áth Cliath ón dá chluiche dheireanacha a bhí acu in aghaidh Thír Eoghain is Dhún na nGall. Má bhí aon cheist ann faoina gcuid díograise agus a gcuid uaillmhéine go dtí seo freagraíodh na ceisteanna sin leis an taispeántas a thug siad sa gcluiche seo. Bhí Philly McMahon damanta. Bhí Michael Darragh Macualey damanta. Bhí Eric Lowndes damanta. D’aimsigh Dean Rock ocht gcúilín agus péire acu sin ón imirt. 1-03 a d’aimsigh Conor McHugh. ‘Speáin sé féin agus Niall Scully arís eile dúinn go bhfuil siad sách maith imirt ag an leibhéal seo.

Bhí na Dubs gan Diarmuid Connolly, Bernard Brogan, Jonny Cooper, Cormac Costello, Cian O’Sullivan agus roinnt eile. Imreoirí móra iad seo do Áth Cliath a d’imir i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh. Bhí Maigh Eo gan muintir Uí Shé ach foireann láidir a chuaigh chun páirce dóibh. Gortóidh sé seo Maigh Eo.

An Cluiche Féin

Ón gcéad nóiméad bhí sé soiléir go mbeadh oíche dheacair ag Maigh Eo. Thosaigh na Dubs ar luas lasrach agus taobh istigh de 7 nóiméad bhí siad 1-02 go dtí 0-00 chun tosaigh. Conor McHugh (1-01) agus Dean Rock (0-01) a fuair na scóranna sin do Áth Cliath. D’aimsigh Cillian O’Connor an chéad dá scór eile do Mhaigh Eo ach chríochnaigh na Dubs an leath go láidir ina dhiaidh sin le scóranna ó McMahon, Rock agus Lowndes.

Maigh Eo 2

In ainneoin an smachta a bhí ag na Dubs ar an gcluiche,, d’éirigh le Maigh Eo cúpla seans ar chúl a chruthú ach bhí cluiche iontach ag Stephen Cluxton idir an dá chuaille báire. Bhí cúpla seans ag Eoghan O’Gara na Dubs a chur níos faide chun tosaigh ag an taobh eile den pháirc ach chuir sé dhá sheans ar chúl amú.

Tá drochnimh idir na foirne seo agus tá sé fíordheacair réiteoireacht a dhéanamh ar chluichí eatarthu le tamall de bhlianta anuas. Ní raibh an cluiche seo pioc níos difriúla. Bhí go leor imreoirí in adharca a chéile fud fad na páirce. Thug Cillian O’Connor sonc uilinn do Philly McMahon leathbhealach tríd an gcéad leath. In áit a bheith ag caoineachán faoi, áfach, thug Philly ceann de na taispeántais peile is fearr a chonaic muid uaidh le fada an lá, mar fhreagra ar an sonc sin. Ba ag Philly a bhí ‘Laoch na hImeartha’ sa gcluiche seo. Scór leathama: Áth Cliath 1-05 Maigh Eo 0-02.

An Dara Leath

Bhí na Dubs iontach sa dara leath, freisin, agus chríochnaigh siad an cluiche go compordach. Ba iad Rock (0-06), McHugh (0-02), Lowndes (0-01), McMahon (0-01) agus Paul Flynn (0-01) a fuair scóranna na Dubs sa dara leath.

D’fhéadfadh rudaí a bheith níos measa do Mhaigh Eo dá n-éireodh le Paddy Andrews cic éirice a scóráil sa 49ú nóiméad tar éis do Vaughan calaois a dhéanamh ar Rock agus é ag deánamh ar chúl Mhaigh Eo. Bhí an-sábháil ag Clarke, áfach, agus d’éirigh leis an liathróid a choinneáil amach. Scor deiridh: Áth Cliath 1-16 Maigh Eo 0-07.

Tábla na Sraithe

  I B CS C S G P
Áth Cliath 4 2 2 0 58 39 6
Tír Eoghain 3 2 1 0 42 32 5
Dún na nGall 4 2 1 1 66 60 5
Muineachán 4 2 1 1 45 46 5
Ciarraí 4 2 0 2 71 65 4
Maigh Eo 4 2 0 2 56 60 4
An Cabhán 3 0 1 2 29 44 1
Ros Comáin 4 0 0 4 57 78 0

 

Amach Anseo

Tá trí chluiche fágtha ag an Dubs anois. Imreoidh siad in aghaidh Chiarraí agus Ros Comáin as baile agus cuirfidh siad fáilte roimh Mhuineachán go bPáirc an Chrócaigh sa gcluiche deireanach den tsraith. Cheapfá gur leor dhá bhua as an trí chluiche sin le cluiche ceannais Sraithe eile a bhaint amach.

Maigh Eo 1

Is féidir linn a bheith ag súil le leithéidí Cian O’Sullivan, Diarmuid Connolly agus Bernard Brogan a fheiceáil ar ais i gcuid de na cluichí sin. Má tá laochra Jim Gavin leis an tSraith, Corn Uí Dhúshláine agus Sam a bhuachan arís i mbliana imreoidh siad 10 gcluiche eile. Éacht uafásach mór a bheadh anseo dá n-éireodh leo an sprioc sin a bhaint amach ach tá an cumas, an uaillmhian is an dícoas iontu é a dhéanamh. Thógfadh sé iarracht ollmhór ó fhoireann iontach lena stopadh. Beidh Ciarraí, Maigh Eo agus Tír Eoghainn ag briseadh a gcroíthe iad a chloí. Tosaíonn an chraic anois…

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, M Fitzsimons, P McMahon (0-02), D Byrne, D Daly, J Small, E Lowndes (0-02), B Fenton, MD Macauley, N Scully, D Rock (0-08), SB Carthy, C Kilkenny, E O’Gara, C McHugh (1-03)

Ionadaithe: P Andrews do E O’Gara, P Flynn (0-01) do SB Carthy, K McManamon do C McHugh, C Reddin do D Byrne, E Ó Conghaile do B Fenton, C Mulally do J Small

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s