Port Láirge 2-19 Áth Cliath 1-17

Páirc an Chrócaigh, 4 Márta, 2017

In ainneoin gur chaill Áth Cliath an cluiche seo ábhar dóchais don bhliain amach romhainn ab ea an chaoi ar imir na Dubs óga. Ná déanaimis dearmad go bhfuil leaids Chuala le theacht ar ais fós. Tá brú mór ar phainéal óg Ger Cunningham fanacht i Roinn 1a ach chonaic muid sa gcluiche seo go bhfuil siad réidh don dúshlán.

ÁC v Désie

Taobh amuigh den chéad chluiche in aghaidh Thiobraid Árann bhí na Dubs iomaíoch go dtí seo i Roinn 1a. Bhí foireann mhaith amuigh ag Port Láirge Dé Sathairn seo caite, ach fós d’éirigh leis na Dubs cluiche deacair a thabhairt dóibh. Éacht a bhí anseo nuair a thugtar san áireamh an easpa taithí atá ag go leor de na himreoirí a thosaigh an cluiche seo do fhir na príomhchathrach – Caolán Conway, Eoghan Conroy, James Madden, Ben Quinn agus Donal Burke mar shampla.

Tá foireann óg láidir ag na Déise agus ní chuirfeadh sé puinn iontais ar go leor dá mbuafadh siad Craobh na hÉireann i mbliana. Tá siad i measc leithéidí Thiobraid Árann is Chill Chainnigh mar rogha na coitiantachta. Tá siad píosa maith chun tosaigh ar na Dubs ag an bpointe seo ach cúis misnigh do iománaithe Átha Cliath gur éirigh leo roinnt fadhbanna a chruthú dóibh.

An Chéad Leath

Nuair a d’aimsigh Stephen Bennett cúl sa 5ú nóiméad le Port Láirge a chur chun tosaigh ar scór 1-01 go dtí 0-00 bhí faitíos ar go leor de lucht leanta na Dubs go mbeadh tráthnóna fada ag a bhfoireann. Mhúscail tús spleodrach sin Phort Láirge na Dubs óga, áfach, agus d’éirigh leo deich gcinn den chéad 13 scór eile aimsiú agus cúl ó Dhonal Burke san 18ú nóiméad ina measc. D’fhág sé sin na Dubs chun tosaigh ar scór 1-09 go dtí 1-04. Chríochnaigh na Déise an leath go láidir, áfach, agus laghdaigh siad an bhearna a bhuíochas do scóranna ó Kevin Moran, Pauric Mahony agus ó Austin Gleeson roimh an mbriseadh.

Bhí Eamon Dillon thar cionn do na Dubs sa gcéad leath agus d’aimsigh sé 0-04. Ba iad Donal Burke (1-04), Chris Crummey (0-01) agus Rian McBride (0-01) a fuair na scóranna eile do Áth Cliath sa gcéad leath. Scór leathama: Áth Cliath 1-10 Port Láirge 1-08.

An Dara Leath

Thosaigh Port Láirge an dara leath go láidir agus tar éis an 39ú nóiméad bhí siad chun tosaigh ar scór 2-10 go dtí 1-10. Shane Bennett a fuair an cúl do na Déise. Choinnigh na Dubs orthu ina dhiaidh sin agus ní raibh ach trí chúilín eatarthu sa 55ú nóiméad. Chríochnaigh foireann Derek McGrath an cluiche go láidir, áfach, agus d’éirigh leo an bhearna a mhéadú go cúig chúilín.

I measc na scórálaithe do na Dubs sa dara leath bhí Burke (0-03), Ryan O’Dwyer (0-02), Niall McMorrow (0-01) agus McBride (0-01). Scór deiridh: Port Lairge 2-19 Áth Cliath 1-17.

Amach Anseo

Cúis dóchais ab ea an chaoi nár luigh iománaithe óga Átha Cliath síos tar éis do Phort Láirge an dá leath a thosú láidir. Má léiríonn siad an spiorad is an díocas céanna don chuid eile den bhliain ba cheart go mbeadh muid iomaíoch. Tá muid ag aireachtáil uainn imreoirí Chuala go mór, mar sin féin.

Tá dhá chluiche fágtha sa tSraith – in aghaidh an Chláir inniu agus in aghaidh na gCat an tseachtain seo chugainn. Dá n-éireodh linn bua a fháil in aghaidh an Chláir bheadh seans maith againn fanacht i Roinn 1a.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Tábla na Sraithe

  I B CS C S G P
Tiobraid Árann 3 3 0 0 76 47 6
Port Láirge 3 2 0 1 58 58 4
An Clár 3 1 0 2 60 61 2
Cill Chainnigh 3 1 0 2 51 58 2
Corcaigh 3 1 0 2 53 61 2
Áth Cliath 3 1 0 2 56 69 2

 

Áth Cliath: C Dooley, J Madden, E O’Donnell, S Barrett, B Quinn, L Rushe, C Crummey (0-01), N McMorrow (0-01), C Conway, R McBride (0-02), E Dillon (0-04), E Conroy, F Mac Gib, R O’Dwyer (0-02), D Burke (1-07)

Ionadaithe: C Boland do C Conway, C Mac Gabhann do J Madden, C Bennett do E Conroy, C O’Sullivan do B Quinn, F Ó Riain-Broin do S Barrett

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s