An Clár 0-20 Áth Cliath 1-15

Páirc Uí Chíosóig, 12 Márta, 2017

(Slua: 4,370)

Toradh an-díomách a bhí anseo do lucht leanta na Dubs. Chonaic siad a bhfoireann ag cur a gcroí is a n-anam isteach sa gcluiche ach, díreach mar a tharla in aghaidh Phort Láirge, chaill siad an cluiche toisc nár aimsigh siad a ndóthain scóranna sa dara leath. Níor aimsigh siad ach seacht gcúilín in aghaidh Phort Láirge sa dara leath agus níor aimsigh siad ach cúig scór sa dara leath den chluiche seo in aghaidh an Chláir. Sa dá chluiche seo chuaigh siad isteach ag leatham agus iad chun tosaigh ar chlár na scór.

An Clár vrs BÁC

Léirigh siad arís eile dúinn, áfach, go bhfuil siad in ann gabháil in iomaíocht leis na foirne móra. In ainneoin an cháinte mhóir a rinneadh ar Ger Cunningham anseo, maidir leis an bpainéal a roghnaigh sé ag tús na bliana, tá an chuma ar an scéal go bhfuil go leor imreoirí maithe óga aimsithe aige. Ná déanaimis dearmad go bhfuil imreoirí Chuala le filleadh go luath, freisin.

An Chéad Leath

In ainneoin gur aimsigh Niall McMorrow céad scór an chluiche seo do na Dubs ba ag an gClár a bhí an lámh in uachtar don chéad deich nóiméad nó mar sin. Bhí siad 0-03 go dtí 0-01 chun tosaigh. Dúisíodh na Dubs, a bhí ag imirt le gaoth láidir ar a gcúl, ina dhiaidh sin, áfach. D’éirigh leo greim a fháil ar an gcluiche agus chuaigh siad isteach chun tosaigh ar scór 1-10 go dtí 0-08 ag leatham. D’fhéadfadh i bhfad níos mó a bheith eatarthu, ach, chuir Áth Cliath go leor iarrachtaí ar fóraoil agus iad ag iarraidh Eamon Dillon agus Ryan O’Dwyer a aimsiú le liathróidí arda fada ar imeall na cearnóige.

D’éirigh le go leor imreoirí éagsúla na scóranna a aimsiú do na Dubs agus níl aon amhras ach go mbeadh Cunningham sásta leis an méid sin. Ba iad Ryan O’Dwyer (1-00), Niall McMorrow (0-03), Dónal Burke (0-02), agus cúilín an duine ó Liam Rushe, Eamon Dillon, Fiontán McGibb, Chris Bennett agus Ben Quinn, a fuair na scóranna sa gcéad leath. Bhí drochlá ag Burke, áfach, agus cuireadh Bennett isteach ina áit sa 31ú nóiméad. Bhí bliain iontach ag Burke go dtí seo agus níl aon amhras ach go dtiocfaidh sé ar ais níos láidre an chéad lá eile.

An Dara Leath

Bhí an ghaoth leis an gClár sa dara leath agus thug siad faoin dúshlán an bhearna a laghdú go dian díograiseach ó chéad nóiméad an dara leath. Taobh istigh de chúig nóiméad bhí an bhearna laghdaithe acu go dtí 1-10 go dtí 0-11.

Ina ainneoin sin, d’éirigh leis na Dubs an chéad trí scór eile a aimsiú sa 41ú, sa 43ú agus sa 44ú nóiméad agus bhí dóchas ag lucht leanta Átha Cliath go n-éireodh lena bhfoireann fanacht chun tosaigh ar a gceilí comhraic. Níor éirigh leo ach dhá scór eile a fháil ina dhiaidh sin, áfach, agus le cabhair ón ngaoth d’aimsigh an Clár naoi gcúilín eile le linn an ama sin. Bhí na foirne cothrom sa 68ú nóiméad ach chríochnaigh lucht an Bhanner go láidir agus fuair siad an dá scór dheireanacha.

Ba iad Bennet (0-02), Quinn (0-01), Chris Crummey (0-01) agus Dillon (0-01) a fuair scóranna na Dubs sa dara leath. Bhí David Reidy an-chruinn ó na saorphocanna don Chlár agus chríochnaigh sé an cluiche le hocht gcúilín. Scór deiridh: An Clár 0-20 Áth Cliath 1-15.

Amach Anseo

Na Cait atá romhainn amach i gcluiche deireanach an ghrúpa Dé Domhnaigh seo chugainn, 26 Márta, i bPáirc Pharnell. Fiú má fhaigheann muid an ceann is fearr orthu tá seans maith ann go mbeidh cluiche dícháilithe le himirt againn le fanacht i Roinn 1. Má tharlaíonn sé sin, ba cheart do na Dubs an cluiche a úsáid le réiteach do Chraobh Laighean. Beidh leaids Chuala ag filleadh go luath. Mar sin, beidh seans ag foireann Cunningham a n-áit i Roinn 1 a dhaingniú.

Tábla na Sraithe

  I B CS C S G P
Tiobraid Árann 4 3 1 0 99 70 7
An Clár 4 2 0 2 80 79 4
Corcaigh 4 2 0 2 77 77 4
Port Láirge 4 2 0 2 74 82 4
Cill Chainnigh 4 1 1 2 74 71 3
Áth Cliath 4 1 0 3 74 89 2

Bímis dóchasach. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: C Dooley, J Madden, S Barrett, E O’Donnell, C Crummey (0-01), L Rushe (0-01), C Mac Gabhann, B Quinn (0-02), D Fox, F McGibb (0-01), N McMorrow (0-03), R McBride, E Dillon (0-02), R O’Dwyer (1-00), D Burke (0-02)

Ionadaithe: C Bennett (0-03) do D Burke, C Conway do R McBride, C O’Sullivan do F McGibb, C Boland do C O’Sullivan, F Ó Riain-Broin do J Madden

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s