Ciarraí 0-13 Áth Cliath 0-13

Páirc Aibhistin de Staic, 18 Márta, 2017

(Slua: 11,858)

Tá 34 cluiche Sraithe is Craoibhe imrithe ag foireann iontach seo na Dubs i ndiaidh a chéile anois gan chailleadh agus níl siad críochnaithe fós. Má fhíoraíonn foireann Jim Gavin an sprioc atá acu an tSraith, Corn Uí Dhúshláine agus Corn Shomhairle Mhig Uidhir a choinneáil sa bpríomhchathair ar feadh bliana eile, beidh orthu chuile chluiche eile a imreoidh siad i mbliana a bhuachan. Dúshlán mór millteach a bheadh ansin dóibh ach níl amhras ar bith ann ach do dtabharfaidh siad faoin dúshlán seo le díograis is le díocas.

Ba iad Ciarraí féin an t-aon fhoireann eile le gabháil 34 cluiche gan chailleadh ó bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael agus, a Mhaighdean bheannaithe, rinne siad a seachtain ndícheall an churiarracht sin a chosaint agus na Dubs a chloí sa gcluiche seo. Ní raibh siad sásta scaoileadh leis an móréacht a rinne foireann Chiarraí rompu sna fichidí agus sna tríochaidí gan troid – agus troid a bhí ann!

Ciarraí v BÁC

Bhí cluiche an-chrua ann agus bhí imreoirí in adharca a chéile fud fad na páirce ó thús deireadh. Bhí luas cluiche craoibhe le sonrú sa gcluiche seo agus ní raibh ceachtar den dá fhoireann sásta orlach a ghéilleadh mar a mbeifeá ag súil leis. Mar sin féin, tá foireann seo na Dubs in ann buachaint ar an mbealach éasca nó ar an mbealach crua nuair is gá. Mar a dúirt Kieran McGeaney théis cluiche idir Éire agus an Astráil tráth;

‘Ya wanna box? Say ye wanna box and we’ll box. Ye wanna play football? Say ye wanna play football and we’ll play football.’

Níl na Dubs ag imirt chomh maith agus atá siad in ann faoi láthair ach de bharr an spioraid, na huaillmhéine agus an dearcadh atá acu gan ghéilleadh tá ag éirí leo torthaí maithe a bhaint amach. Bhí siad dhá chúilín taobh thiar in am cúitimh gortaithe agus níor chaill siad. Beidh muintir Chiarraí míshásta nár éirigh lena bhfoireann an jab a chríochnú.

An Chéad Leath

Bhí gaoth láidir leis na Dubs sa gcéad leath agus súil ag a lucht leanta go n-éireodh leo bearna mhór a chur idir na foirne sa gcéad 35 nóiméad, nó mar sin. Ní mar a shíltear a bítear, áfach, agus d’oibrigh Ciarraí go han-chrua agus d’éirigh leo na Dubs a chloí. Ba iad na Ciarrígh a bhí chun tosaigh tar éis 22ú nóiméad ar scór 0-03 go dtí 0-01. Bhí Áth Cliath níos fearr sa gcuid eile don leath ach bhí siad ag brath go mór ar Dean Rock, a bhí iontach arís ó na saorchiceanna. Chuaigh na foirne isteach cothrom ag an mbriseadh ar scór 0-05 go dtí 0-05.

20170318_184330

Bhí beagnach an méid céanna cártaí buí sa gcéad leath is a bhí scóranna. Seachtar ar fad a bronnadh ar na himreoirí. Ceithre cinn do Chiarraí agus trí cinn do na Dubs. Ba iad Ciarán Kilkenny, Stephen Cluxton, agus Michael Fitzsimons a fuair na cartaí buí do na Dubs. Ba iad Paul Geaney, Tadhg Morley, David Moran agus Peter Crowley a fuair na cártaí buí do na Ciarraígh. Bhí tuilleadh le teacht sa dara leath.

As na gcúig scór a d’aimsigh na Dubs sa gcéad leath fuair Rock ceithre cinn acu agus fuair Conor McHugh an ceann eile. Bhí Paul Geaney thar cionn do na Ciarraígh agus fuair sé trí cinn den chúig chúilín a fuair lucht na Ríochta.

An Dara Leath

Is le Ciarraí a bhí cóir na gaoithe sa dara leath agus tar éis 43 nóiméad bhí siad imithe ceithre chúilín chun tosaigh ar scór 0-09 go dtí 0-05. Bhí na Dubs i dtrioblóid. Iarracht ollmhór a bheadh ag teastáil gan an cluiche a chailleadh. Is gaiscígh iad imreoirí seo na Dubs, mar sin féin, agus thugadar faoin dúshlán.

Idir an 42ú agus an 49ú nóiméad chuir Gavin Paul Flynn, Kevin McManamon, Eoghan O’Gara agus Paul Mannion isteach. Cuireadh Cian O’Sullivan isteach ag leatham. Bhí tionchar acu uilig ar an gcluiche agus bhí ardú mór fuinnimh in imirt na Dubs. D’éirigh leo an chéad sé scór eile den chluiche a fháil ó Rock (0-04), McHugh (0-01) agus ó O’Gara (0-01). D’fhág sé seo dhá chúilín chun tosaigh iad agus gan fágtha ach 10 nóiméad.

Ní raibh Ciarraí críochnaithe, áfach, agus tháinig siad ar ais le ceithre chúilín dá gcuid féin. Bhí siad dhá chúilín chun tosaigh in am cúitimh gortaithe. Tháinig na Dubs ar ais uaidh sin agus d’aimsigh siad an dá scór dheireanacha sa 72ú agus sa 74ú nóiméad, ó Rock agus Mannion.

Cuireadh Kilkenny den pháirc sa nóiméad deireanach nuair a tugadh an darna cárta buí dó. Tugadh cártaí buí do Stephen O’Brien, Donnchadh Walsh agus Barry John Keane ó Chiarraí agus do O’Gara ó Áth Cliath, le linn an dara leath. Scór deiridh: Ciarraí 0-13 Átha Cliath 0-13.

Tábla na Sraithe

  I B CS C S G P
Áth Cliath 5 2 3 0 71 52 7
Dún na nGall 5 3 1 1 78 66 7
Tír Eoghain 5 3 1 1 67 55 7
Muineachán 5 3 1 1 68 62 7
Ciarraí 5 2 1 2 84 78 5
Maigh Eo 5 2 0 3 71 76 4
An Cabhán 5 1 1 3 58 78 3
Ros Comáin 5 0 0 5 45 67 0

 

Amach Anseo

Má bhreathnaíonn muid siar ar chluichí ceannais na hÉireann i 2016 in aghaidh Mhaigh Eo agus ar an gcluiche seo, is léir go bhfuil foirne den tuairim go gcaithfidh siad na Dubs a stopadh ag imirt leis an gceann is fearr a fháil orthu. Is cosúil go bhfuil sé de sprioc acu a bheith chomh fisiciúil agus is féidir agus cluichí in aghaidh na Dubs a chur ina gcíor thuathail. Beidh ar Gavin agus a fhoireann a bheith ar airdeall agus a bheith ag súil le tuilleadh cluichí den chineál seo.

20170318_204958
Eddie Ó Mórdha agus a iníon Áine

In ainneoin nár chaill Áth Cliath fós sa tSraith, níl aon chinnteacht ann fós go ngabhfaidh siad ar aghaidh chuig an gcluiche ceannais. Tá ceithre fhoireann ar 7 bpointe, rud a chiallaíonn go mbeidh orthu an dá chluiche dheireannacha a bhuachan.

Níl aon amhras ach gur i dtreise a bheidh an painéal ag gabháil sna seachtainí amach romhainn. Na déanaimis dearmad nach bhfaca muid Denis Bastick, Con O’Callaghan ná Diarmuid Connolly i ngeansaí na Dubs fós i mbliana. Ní fhaca muid aon rian de Bernard Brogan ná Cian O’Sullivan go dtí an tseachtain seo.

Níl tada buaite againn fós agus tá sé an-luath sa mbliain ach is am iontach é seo le bheith i do Bhaile Átha Cliathach.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Áth Cliath: S Cluxton, P McMahon, M Fitzsimons, D Byrne, D Daly, J Small, E Lowndes, B Fenton, MD Macauley, N Scully, D Rock (0-09), SB Carthy, C Kilkenny, P Andrews, C McHugh (0-02)

Ionadaithe: C O’Sullivan do D Byrne, P Flynn do N Scully, K McManamon do MD Macauley, E O’Gara (0-01) do P Andrews, P Mannion (0-01) do J Small, B Brogan do C McHugh

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s