Áth Cliath 2-29 Ros Comáin 0-14

Páirc an Chrócaigh, 25 Márta, 2017

(Slua: 20,500)

35 cluiche sraithe is craoibhe gan chailleadh. Muise, a mhac! Éacht atá déanta ag foireann Jim Gavin agus níl aon amhras ach go mbeidh caint orthu go deo. Mar sin féin, anois an t-am don lucht leanta, ach go háirithe, díriú ar éachtaí eile a d’fhéadfaí a bhaint amach. Is cinnte gur ar dhuaiseanna agus ar spriocanna níos mó atá aird na n-imreoirí dírithe. Beidh an bhéim á leagan ar Mhuineachán anois agus ar áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na Sraithe don chúigiú bliain i ndiaidh a chéile.

GG 4 Ros Comáin

Bhí na Dubs iontach sa gcluiche seo ach bhí Ros Comáin an-lag. Rinne foireann Kevin McStay éachta anuraidh fanacht i Roinn 1 ach bhí sé soiléir ó thús na sraithe nach raibh siad sách maith le gabháil in iomaíocht leis na boic mhóra i mbliana. Mar sin féin, bhí na Dubs thar cionn ar an Satharn. Don chéad uair i mbliana, chonaic muid an cineál damáiste atá siad in ann a dhéanamh thar 70+ nóiméad ach rúinne beag spáis a thabhairt dóibh. D’aimsigh 13 imreoir de chuid na Dubs scóranna sa gcluiche seo. Is cinnte go mbeidh Jim Gavin an-sásta leis an méid sin.

An Chéad Leath

Tháinig na Dubs amach an-tréan ag tús an chluiche seo, ach a bhuíochas do dhá scór mhaithe ó Donie Smith do Ros Comáin bhí na foirne cothrom théis 7 nóiméad. Rinne na Dubs scrios ina dhiaidh sin, áfach, agus sa gcéad deich nóiméad eile d’éirigh leo 1-05 a aimsiú agus níor aimsigh Ros Comáin ach cúilín amháin le linn an ama sin. Ba é Paul Flynn, a raibh an-chluiche deo aige, a fuair an cúl do na Dubs. Choinnigh na Dubs orthu ina dhiaidh sin gan mórán de throid ó Rós Comáin agus chuaigh siad isteach ag an mbriseadh leathama chun tosaigh ar scór 1-14 go dtí 0-06.

GG2 Ros Comáin

I measc na scórálaithe do na Dubs a gcéad leath bhí Paul Flynn (1-02), Bernard Brogan (0-03), Paddy Andrews (0-02), Dean Rock (0-02), Niall Scully (0-02), agus cúilín an duine ó Chiarán Reddin, Eric Lowndes agus ó Brian Fenton.

An Dara Leath

Thosaigh na Dubs an dara leath mar a thosaigh siad an chéad leath agus bhí sé soiléir nach raibh siad chun aon trócaire a ‘speáint do Ros Comáin. Bhí tionchar chomh mór céanna ag na hionadaithe, a tháinig isteach de réir a chéile le linn an dara leath, ar an gcluiche is a bhí ag 15 a thosaigh. Tháinig Shane B Carthy isteach in áit Davy Byrne, Jack McCaffrey in áit Darren Daly agus Diarmuid Connolly in áit Brian Fenton. D’aimsigh an triúr acu cúilín an duine. Tháinig Conor McHugh isteach in áit Dean Rock agus d’aimsigh sé ceithre chúilín. Bhí na Dubs uilig iontach.

GG3 ros Comáin

Gar do dheireadh an chluiche, agus in ainneoin go raibh na Dubs i bhfad chun tosaigh, chuir Conor McHugh lámh isteach le duine de thosaithe Ros Comáin a stopadh agus é ag déanamh ar an gcúl. Léirigh sé sin an dearcadh oibre atá go smior i bpainéal seo na Dubs. Choinnigh siad orthu go dtí an nóiméad deireanach. Ba é Kevin McManamon a fuair an dara cúl do Bhaile Átha Cliath. An scór deiridh: Áth Cliath 2-29 Ros Comáin 0-14.

Tábla na Sraithe

  I B CS C S G P
Áth Cliath 6 3 3 0 106 66 9
Dún na nGall 6 3 2 1 92 80 8
Muineachán 6 3 2 1 82 76 8
Tír Eoghain 6 3 1 2 79 69 7
Maigh Eo 6 3 0 3 84 89 6
Ciarraí 6 2 2 2 97 91 6
An Cabhán 6 1 2 3 71 91 4
Ros Comáin 6 0 0 6 87 136 0

An Chéad Chéim Eile

In ainneoin éachtaí agus iarrachtaí na Dubs i mbliana níl siad tríd chuig an gcluiche ceannais fós. Tá cluiche an-dian rompu amach in aghaidh Muineacháin i gCluain Eois, Dé Domhnaigh, agus ná déanaimis dearmad go bhfuil Muineachán féin in ann cáiliú don chluiche ceannais. Tá seans ag sé cinn as ocht gcinn de na foirne i Roinn 1 cáiliú don chluiche ceannais fós. Léiríonn sé sin cé chomh deacair is atá sé an tsraith a bhuachan.

Tá painéal iomlán na Dubs ar ais agus tosaíonn an fíorshéasúr peile anois. Beidh sé deacair muid a stopadh ach ar lá ar bith d’fhéadfadh trí nó ceithre cinn de na foirne eile an ceann is fearr a fháil orainn. Bímis ar airdeall.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, P McMahon, M Fitzsimons, D Daly, D Byrne, C O’Sullivan, E Lowndes (0-01), B Fenton (0-01), C Reddin (0-02), P Flynn (1-06), K McManamon (1-01), N Scully (0-02), D Rock (0-03), P Andrews (0-03), B Brogan (0-03)

 Ionadaithe: SB Carthy (0-01) do D Byrne, J McCaffrey (0-01) do D Daly, C McHugh (0-04) do D Rock, D Connolly (0-01) do B Fenton, MD Macauley do C Reddin, P Mannion do C O’Sullivan

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s