Cill Chainnigh 2-20 Áth Cliath 1-16

Páirc Pharnell, 26 Márta, 2017

 (Slua: 8,500)

Tabharfaidh na Dubs aghaidh ar an gClár anois i gcluiche dílchailithe go Roinn 1b, tar éis do na Cait an ceann is fearr a fháil orthu sa gcluiche seo. Imríodh an cluiche os comhair 8,500 duine, i bPáirc Pharnell De Domhnaigh seo caite, 26 Márta. Ba é an seanscéal céanna – easpa scóranna sa dara leath ó Áth Cliath – ba chúis leis an toradh seo. Níor aimsigh siad ach seacht gcúilín sa dara leath in aghaidh Phort Láirge tar éis dóibh a bheith ag buachan ag leatham. Níor aimsigh siad ach cúig chúilín in aghaidh an Chláir sa dara leath tar éis dóibh a bheith ag buachan ag leatham agus, sa gcluiche seo in aghaidh na gCat, níor aimsigh siad ach 1-06 sa dara leath.

i-2

Tá an fhoireann óg seo atá ag Ger Cunningham iomaíoch ach, ar chúis éigin, níl ag éirí leo a ndóthain scóranna a aimsiú sa dara leath. Beidh ar Cunningham is ar a fhoireann bainistíochta díriú ar an bhfadhb áirithe seo láithreach, nó, d’fhéadfaidís a bheith ag imirt i Roinn 1b an bhliain seo chugainn.

An Chéad Leath

Bhí na Dubs an-mhaith don chéad leathuair an chloig den chluiche seo agus murach an dá chúl a scaoil siad isteach bheadh siad píosa maith chun tosaigh ag an bpointe sin.Ba iad Conor Martin agus Liam Blachfield a d’aimsigh na cúil sin do na Cait rud a d’fhág na foirne cothrom ar scór 0-09 go dtí 2-03 agus gan ach cúig nóiméad le gabháil go dtí an briseadh leathama.

Cuireadh cúl báire Átha Cliath, Gary Maguire, den pháirc sa 31ú nóiméad, áfach, nuair a rinne sé calaois é ar Liam Blanchfield agus é ag aimsiú cúil do na Cait. Bhí tionchar mór aige sin ar an gcluiche. Chuir sé sin a thuilleadh brú ar na Dubs agus bhí sé deacair orthu, ina dhiaidh sin. Tháinig Conor Dooley isteach in áit Eoghan Conroy tar éis don réiteoir, Paud O’Dwyer, Maguire a chur den pháirc. Scór leathama: Cill Chainnigh 2-05 Áth Cliath 0-10.

An Dara Leath

Bhain na Cait leas as imreoir breise a bheith acu sa dara leath. Mar sin féin, idir 36 agus 41 nóiméad d’aimsigh Dónal Burke 1-02 leis na Dubs a chur chun tosaigh ar scór 1-12 go dtí 2-08. Bhí sé an-chomporach do Chill Chainnigh ina dhiaidh sin, áfach, agus níor aimsigh Áth Cliath ach ceithre chúilín eile, uaidh sin go deireadh an chluiche. D’aimsigh na Cill Chainnigh 0-11 le linn an ama sin.

Chríochnaigh Burke an cluiche le 1-09 do na Dubs agus chríochnaigh TJ Reid le 0-10 do Chill Chainnigh. Scór deiridh: Cill Chainnigh 2-20 Áth Cliath 1-16.

Tábla na Sraithe

  I B CS C S G P
Tiobraid Árann 5 3 1 1 124 96 7
Corcaigh 5 3 0 2 103 102 6
Port Láirge 5 3 0 2 101 107 6
Cill Chainnigh 5 2 1 2 100 100 5
An Clár 5 2 0 3 105 106 4
Áth Cliath 5 1 0 4 93 115 2

Amach Anseo

Fágann an cluiche seo go mbeidh cluiche dícháilithe againn in aghaidh an Chláir, Dé Domhnaigh seo chugainn, i bPáirc Uí Chíosóig. Cluiche é seo a chaithfidh muid a bhuachan. Ba cheart go mbeadh muid níos láidre, áfach, agus imreoirí Chuala ag filleadh in am don chluiche.

Níl aon rogha againn ach fanacht dílis agus dóchasach do iománaithe Átha Cliath. Bhí seans ag Ger Cunningham go leor imreoirí a thriáil le linn na sraithe agus le linn Chraobh an Bhreathnaigh agus níl aon amhras ach go ndéanfaidh na cluichí sin maitheas do na himreoirí óga sin.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: G Maguire, F Ó Riain-Broin, E O’Donnell, S Barrett, C Crummey (0-03), L Rushe, C Mac Gabhann, B Quinn (0-01), D Fox, E Conroy, N McMorrow (0-01), R O’Dwyer (0-01), C Boland (0-01), D Burke (1-09), E Dillon

Ionadaithe: C Dooley do E Conroy, R McBride do C Mac Gabhann, C O’Sullivan do C Boland, F Whitely do D Fox

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s