An Clár 3-18 Áth Cliath 0-19

Páirc Uí Chíosóig, 2 Aibreán, 2017

 (Slua: 7,276)

An Seanphort céanna

Tá fadhb mhór ag iománaithe Bhaile Átha Cliath. Arís eile, chuaigh siad isteach chun tosaigh ag an mbriseadh leathama tar éis dóibh a bheith ag imirt go maith. Mar a tharla in aghaidh Phort Láirge, an Chláir agus Chill Chainnigh, áfach, theip orthu taispeántas den chineál céanna a thabhairt sa dara leath. Níor aimsigh siad ach sé chúilín sa dara leath agus is é sin an fáth a mbeidh siad ag imirt i Roinn 1b den tSraith Náisiúnta an bhliain seo chugainn. Níl ag éirí leis na Dubs imirt sa dara leath. Bun agus barr an scéil!

000dd9fd-800

Más fadhb aclaíochta is cúis leis seo caithfidh Ger Cunningham is a fhoireann bainistíochta tabhairt fúithi go práinneach. Caithfidh siad tabhairt fúithi in am don chluiche in aghaidh na Gaillimhe sa gcéad bhabhta de Chraobh Laighean. Níl aon amhras ach go gcuirfidh imreoirí Chuala go mór leis an bpainéal agus iad ag réiteach don chluiche sin, ach, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil easpa misnigh is muiníne ar na himreoirí. Is uafásach deacair an rud é, do bhainisteoir ar bith, imreoirí a tharraingt amach as riocht mar sin. Tá jab mór roimh Cunningham sna seachtainí amach uainn.

An Chéad Leath

Thosaigh na Dubs go láidir agus ábhar dóchais don lucht leanta a bhí ann nuair a d’éirigh leo gabháil chun tosaigh 0-04 go dtí 0-01 tar éis 14 nóiméad. Caolán Conway, Éamonn Dillon, Niall McMorrow agus David Treacy a fuair na scóranna sin do Áth Cliath. Tháinig an Clár ar ais láidir, áfach, agus seacht nóiméad ina dhiaidh sin, bhí siad imithe 1-05 go dtí 0-05 chun tosaigh. Aaron Shanagher a fuair an cúl don Chlár.

Dhúisigh an tréimhse mhaith imeartha sin, a bhí ag an gClár, na Dubs in athuair agus chríochnaigh siad an leath go láidir. D’aimsigh Treacy agus Dónal Burke trí chúilín an duine agus fuair Conway agus Dillon cúilín amháin an duine. Scór leathama: Áth Cliath 0-13 An Clár 1-08.

An Dara Leath

Mar a tharla go rómhinic roimhe seo i mbliana, áfach, níor éirigh leis na Dubs an tionchar céanna a imirt ar an gcluiche sa dara leath. Níor aimsigh siad ach sé chúilín ar fad sa leath sin. Treacy (0-04), Dillon (0-01) Chris Crummey (0-01) a fuair na scóranna sin.

Rinne an Clár scrios ar an taobh eile den pháirc agus d’éirigh leo 2-10 ar fad a aimsiú. John Conlon agus Tony Kelly a fuair na cúil don Chlár. Scór deiridh: An Clár 2-18 Áth Cliath.

Amach Anseo

Is i Roinn 1b a bheidh na Dubs ag imirt anois, i 2018. Cuirfidh sé seo brú mór ar Cunningham cúpla cluiche Craoibhe a bhuachan. Muna n-éiríonn leis sin a dhéanamh, d’fhéadfadh todhchaí éiginnte a bheith i ndán dó. Tá obair mhaith déanta aige sa mhéid is go bhfuil sé tar éis go leor imreoirí nua maithe a thabhairt tríd, ach, níl aon amhras ach go bhfuil na Dubs théis sleamhnú go mór ón áit a raibh siad nuair a tháinig sé isteach. Ní ar Cunningham an milleán uilig, dar ndóigh, ach, ar deireadh thiar thall, is é an bainisteoir agus tá freagracht mhór ag baint le ról an bhainisteora.

Tá sé in am anois ag iománaithe Átha Cliath díriú ar Ghaillimh is ar Chraobh Laighean. Ar a laghad, beidh imreoirí Chuala acu agus iad ag réiteach don chluiche. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Áth Cliath: C Dooley, S Barrett, E O’Donnell, O Gough, C Crummey (0-03), L Rushe, C O’Callaghan, D O’Connell, B Quinn, R O’Dwyer, N McMorrow (0-01), C Conway, D Treacy (0-07), D Burke (0-03), E Dillon (0-03)

 Ionadaithe: J Malone do B Quinn, C Boland do C Conway (0-02), R McBride do R O’Dwyer, F Whitely do N McMorrow, S Ó Riain do D Treacy

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s