Áth Cliath 2-15 Muineachán 1-15

Páirc Naomh Tiarnach, Cluain Eois, 2 Aibreán, 2017

 Slua: 13,277

Céard is féidir a rá faoi thaispeántas seo na Dubs? Arís eile, níor imir siad chomh maith is atá siad in ann ach léirigh siad mórtas, muinín is misneach le teacht ar ais agus an bua a fháil, tar éis dóibh a bheith sé chúilín taobh thiar agus gan ach 21 nóiméad fágtha.

Tá Muineachán le moladh. Níor lig siad do na Dubs imirt agus d’oibrigh siad uafásach crua. Bhí luas sa gcluiche seo a d’fheicfeá go hiondúil ag cluiche craoibhe i mí Lúnasa. Ní raibh aon rud éasca ag na Dubs. Bhí Jack McCarron damanta do na hUltaigh agus d’éirigh leis 1-08 a aimsiú. Níl aon amhras ach go mbeidh Muineachán an-chontúirteach an samhradh seo.

Muin v BÁC

In ainneoin nach raibh aon chluiche caillte ag Áth Cliath sa tSraith i mbliana ní raibh aon chinnteacht go mbeadh siad sa gcluiche ceannais. Níl aon amhras ach gur chuir sé sin leis an gcluiche iontach a chonaic muid i gCluain Eois Dé Domhnaigh seo caite, 2 Aibreán.

An Chéad Leath

Thosaigh Muineachán an cluiche seo an-láidir agus bhí sé soiléir ón tús go mbeadh lá crua roimhe na Dubs. Bhí siad ceithre chúilín chun tosaigh tar éis 15 nóiméad ar scór 0-04 go dtí 0-01. Dhúisigh sé na Dubs, áfach, agus d’éirigh leo an cluiche a chothromú le scóranna ó Brian Fenton, Dean Rock agus ó Paddy Andrews idir an 16ú agus an 19ú nóiméad. D’aimsigh Ciarán Reddin agus Dean Rock cúilín an duine roimh an mbriseadh leathama, ach d’éirigh le McCarron trí chúilín a aimsiú do Mhuineachán. Scór leathama: Muineachán 0-07 Áth Cliath 0-06.

An Dara Leath

Tháinig Muineachán amach sa dara leath agus choinnigh siad orthu ag cur brú ar Áth Cliath.Taobh istigh de 13 nóiméad den dara leath siad imithe sé chúilín chun tosaigh, le cúl ó McCarron san áireamh, agus bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an lá leo. Tá sé an-deacair na Dubs a chloí, áfach.

Deanó

Choinnigh foireann Jim Gavin orthu ag cloí leis an bpróiseas a mbíonn siad ag tagairt de, go foighneach, agus bhí na foirne cothrom arís tar éis 66 nóiméad. Ansin sa 70ú nóiméad rinne Jack McCaffrey ruathar agus tugadh pas láimhe dó agus é ag déanamh ar an gcúl. Bháigh sé an liathróid go cúl na heangaí agus bhí na Dubs cúl chun tosaigh in am cúitimh gortaithe. Ochtar ar fad a d’aimsigh na scóranna sin do na Dubs sa dara leath. Scór deiridh: Áth Cliath 2-15 Muineachán 1-15.

Tábla na Sraithe

  I B CS C S G P
Áth Cliath 7 4 3 0 127 84 11
Ciarraí 7 3 2 2 121 108 8
Dún na nGall 7 3 2 2 105 95 8
Muineachán 7 3 2 2 100 97 8
Maigh Eo 7 4 0 3 99 102 8
Tír Eoghain 7 3 1 3 96 93 7
An Cabhán 7 1 2 4 84 107 4
Ros Comáin 7 1 0 6 103 149 2

Cluiche Ceannais na Sraithe v Ciarraí

Is iad Áth Cliath agus Ciarraí a bheidh ag tabhairt aghaidhe ar a chéile i gcluiche ceannais na Sraithe anois. Beidh na Dubs ag iarraidh na Ciarraígh a choinneáil faoi chois. Mar sin féin, is cinnte go bhfuil na Ciarraígh in ísle brí de bharr na gcluichí uilig atá caillte acu in aghaidh fhir na príomhchathrach le blianta beaga anuas agus go mbeidh siad ag iaraidh cúrsaí a chur ina gceart. Beidh siad réidh don chluiche seo. An-chluiche a bheidh ann.

Níl Áth Cliath ag imirt leis an tsaoirseacht chéanna a bhí acu blianta eile agus beidh an fhoireann bainistíochta ag súil le taispeántas mór uathu Dé Domhnaigh seo chugainn. Cuirfear an fhoireann is láidre atá ar fáil don dá fhoireann chun páirce. An mbuafaidh muid an tSraith don chúigiú bliain i ndiaidh a chéile? An bhfaighidh muid an ceann is fearr ar na cute hoors arís eile? Beidh le feiceáil…

Ar aghaidh linn. Laochra Jim Gavin abú!

Áth Cliath: S Cluxton, M Fitzsimons, D Byrne, P McMahon (0-01), J McCarthy (0-02), C Reddin (0-02), E Lowndes, B Fenton (0-01), C Kilkenny (0-01), P Flynn, K McManamon, N Scully, D Rock (0-04), P Andrews (0-02), C McHugh

Ionadaithe: B Brogan (1-01) do C McHugh, D Connolly do N Scully, J McCaffrey (1-01) do C Reddin, P Mannion do K McManamon, C O’Sullivan do D Connolly, MD Macauley do P Flynn

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s