Ciarraí Curaidh Sraithe 2017

Ciarraí 0-20 Áth Cliath 1-16

 Páirc an Chrócaigh, 9 Aibreán, 2017

 Slua: 53,840

Ní raibh anseo ach an tríú cluiche as 33 atá caillte ag na Dubs ó thosaigh mé an blag seo. Chaill siad in aghaidh an Longfoirt i gCraobh Chorn Uí Bhroin anuraidh. Chaill siad in aghaidh UCD i gCraobh Chorn Uí Bhroin i mbliana agus chaill siad an cluiche seo in aghaidh Chiarraí. Tá mé buíoch agus bródúil as na laochra seo de pheileadóirí atá againn. Ní athraíonn an cluiche seo tada.

BÁCvCiarr2

Comhghairdeas le hÉamonn Fitzmaurice is lena fhoireann. Bhí siad iontach ar an lá. Bhí siad níos díocasaí ná na Dubs thar an 75+ nóiméad. Tá Ciarraí ag fulaingt de bharr na cluichí atá caillte acu in aghaidh na Dubs le cúpla bliain anuas agus tharraing an phian, a bhaineann leis an bhfulaingt sin, thar an líne sa gcluiche seo iad. Níl aon amhras faoi ach go bhfuil todhchaí bhreá i ndán d’imreoirí óga Chiarraí. Caithfidh na Dubs a bheith réidh don ghéariomaíocht agus do na coimhlintí móra a bheidh idir na foirne seo sna blianta amach romhainn.

Chuaigh na himreoirí amach chun catha fear ar fhear Dé Domhnaigh seo caite agus fuair na Ciarraígh an ceann is fearr ar na Dubs, ach ar éigean é! Dá mbeadh cic deireanach an chluiche ó Dean Rock dhá orlach eile ar chlé bheadh am breise imrithe sa gcluiche seo. Leithead cuaille de dhifear idir na foirne!

Gortóidh sé seo imreoirí Átha Cliath, mar sin féin, agus níl aon amhras ach go dtabharfaidh an bua muinín agus misneach do imreoirí Chiarraí. Tá Ciarraí ar thaobh Mhaigh Eo den tarraingt le haghaidh Chraobh an hÉireann agus tá Áth Cliath ar an taobh eile. Cá bhfios ach go mbeidh deis ag na Dubs díoltas a bhaint amach i mí Mheán Fómhair!

An Chéad Leath

Bhí an ghaoth le Ciarraí sa gcéad leath ach d’éirigh leis na Dubs brú a chur ar Chiarraí don chéad 35 nóiméad ina ainneoin sin. Tar éis 18 nóiméad bhí fir na príomhchathrach chun tosaigh ar scór 0-07 go dtí 0-04. Ba iad Paul Flynn, Philly McMahon, Dean Rock, Ciarán Reddin, Ciarán Kilkenny, James McCarthy agus Diarmuid Connolly a fuair na scóranna sin do Áth Cliath. Jack Savage, Paul Geaney, David Moran agus Paul Murphy a fuair scóranna mhuintir na Ríochta. Bhí an chuma ar an scéal, ag an bpointe sin, go mbeadh lá compordach ag na Dubs.

BÁCvCiarr1

Sa 28ú nóiméad, áfach, bronnadh cárta dubh ar Dhiarmuid Connolly, don dara cluiche i ndiaidh a chéile, théis dó Peter Crowley a tharraingt anuas. Bhí Connolly ag imirt an-mhaith go dtí sin agus d’airigh na Dubs uathu go mór é. Bronnadh cárta dubh ar Jonathan Lyne Chiarraí cúpla nóiméad roimhe sin. Chríochnaigh Ciarraí an leath go láidir agus ní raibh ach cúilín amháin eatarthu ag an mbriseadh leathama. Rock, Reddin agus Kilkenny a fuair na scóranna eile sin do na Dubs. Donnchadh Walsh, Geaney (0-02), Moran agus Jack Barry a d’aimsigh scóranna Chiarraí. Scór leathama: Áth Cliath 0-10 Ciarraí 0-09.

An Dara Leath

Thóg sé 18 nóiméad ar ionadaí Átha Cliath, Paul Mannion, céad scór an dara leath a aimsiú do na Dubs. Le linn an ama sin, d’aimsigh Ciarraí sé chúilín, rud a d’fhág go raibh na Dubs i dtrioblóid. Bhí fir na príomhchathrach taobh thiar ar scór 0-15 go dtí 0-10. Tháinig roinnt de na scóranna sin ó shaorchiceanna a thug na Dubs uathu go ró-éasca. Chuir na Dubs i bhfad an iomarca pasanna amú ar an taobh eile den pháirc, le linn an ama sin freisin, agus iad ag iarraidh Bernard Brogan a aimsiú le liathróidí fada a chur isteach chuige.

Ina ainneoin sin, ní raibh port na Dubs casta fós agus, de réir mar a tháinig na hionadaithe isteach, chuaigh siad ó neart go neart. Sa 60ú nóiméad d’aimsigh Mannion cúl, rud a d’fhág cúilín idir na foirne. D’aimsigh na Ciarraígh an chéad dá scór eile ó bhróga Paul Geaney agus ó laoch na himearta, David Moran, áfach. Chinntigh an dá scór sin an bua seo do Chiarraí.

Choinnigh na Dubs orthu agus nuair a tarraingíodh Mick Fitzsimons anuas 47 slat ó chúl Chiarraí i nóiméad deireanach am cúitimh gortaithe, bhí seans ag na Dubs an cluiche a chothromú. Le cic deireanach an chluiche, áfach, bhuail Rock an cuaille lena shaorchic. An scór deiridh: Ciarraí 0-20 Áth Cliath 1-16.

Anois don Chraobhchomórtas

Níor imir na Dubs leis an tsaoirseacht chéanna is a mbeifeá ag súil leo le linn na Sraithe. Ba ag brath ar dhíocas agus ar uaillmhian a bhí siad le cinntiú nar chaill siad. D’imir go leor de imreoirí Gavin os cionn 15 cluiche anruaidh agus bhreathnaigh siad tuirseach in aghaidh Chiarraí is Mhaigh Eo sna cluichí deireanacha anuraidh. Táthar a rá nár thosaigh foireann Gavin ar ais ag traenáil ceart go dtí tús na Sraithe. Tá súil agam go bhfuil na scéalta sin fíor. Bhí briseadh ceart ó na himreoirí. Má tá, beidh seans againn ar Chraobh na hÉireann, ach, tá géarghá le hardú fuinnimh i measc na dtosaithe, ach go háirithe.

Thaispeáin na Dubs an spiorad, agus an dearcadh sin atá acu gan géilleadh, dúinn le linn na Sraithe. Tá na tréithe sin go smior iontu agus is iontach an rud é do lucht leanta na Dubs sin a fheiceáil. In ainneoin nár imir siad chomh maith is atá siad in ann le linn na Sraithe, bhí sé fíordheacair ar na foirne eile an ceann is fearr a fháil orthu. Seasfaidh sé sin dóibh. Beidh sé fíordheacair ar na Dubs an tríú craobh i ndiaidh a chéile a bhuachan ach tá seans acu.

BÁCvCiarr4

Maidir le Ciarraí, níl aon amhras ach go bhfuil siad ag teacht in athuair. Tá na mionúir, a bhfuil trí Chraobh Éireann i ndiaidh a chéile buaite acu, ag teacht tríd agus gheobhaidh an dream is fearr acu seans gabháil i bhfeidhm ar Éamonn Fitzmaurice de réir a chéile. Tabharfaidh an bua seo misneach dóibh. Ná déanaimis dearmad, ach an oiread, go mbeidh roinnt ón bhfoireann f21 ar fáil don phainéal go luath. Creidfidh foireann Fitzmaurice go bhfuil siad in ann an beart a dhéanamh. B’fhéidir go bhfeicfeadh na foirne a chéile arís i mí Mhean Fómhair!

Eile

Bhí sé deas Jim Gavin a fheiceáil amuigh ar an bpáirc tar éis an chluiche ag déanamh comhghairdis le himreoirí uile Chiarraí. Léirigh sé seo an meas mór atá ag na foirne seo ar a chéile. Níor mhiste Brian Fenton bocht a lua, freisin. Ba é seo an chéad uair ar chaill sé cluiche i ngeansaí na Dubs!!

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, P McMahon (0-01), M Fitzsimons, D Daly, J McCarthy (0-01), C O’Sullivan, E Lowndes, B Fenton, C Kilkenny (0-02), P Flynn (0-01), D Connolly (0-01), C Reddin (0-02), B Brogan, D Rock (0-06), P Andrews

Ionadaithe: N Scully do D Connolly, P Mannion (1-02) do P Andrews, MD Macauley do C Reddin, K McManamon do C O’Sullivan, D Byrne do E Lowndes, E O’Gara do P Flynn

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s