Peil Átha Cliath – Cé chomh heolach is atá tú uirthi?

Má fhaigheann tú idir 15-20 tá tú an-eolach!

 Má fhaigheann tú idir 10-15 ta tú eolach!

 Má fhaigheann tú níos lú ná 10 ná bíodh aon imní ort, beidh 20 ceist eile agam daoibh go luath!

jamieblog

1. Cé a bhuaigh Craobh Shinsir Peile Átha Cliath sa mbliain 2010?

2. Cé a d’aimsigh an cúl do na Dubs i gcluiche ceannais na hÉireann sa mbliain 2011?

3. Athraigh na litreacha seo a leanas thart le teacht ar iarpheileadóir de chuid na Dubs – LEY LCOMJAN.

4. Ainmnigh an peileadóir seo a d’imir leis na Dubs le linn ré Tommy Carr mar bhainisteoir.

Wayne McCarthy

5. Cé a d’ardaigh Corn Sam Maguire le John O’Leary nuair a bhuaigh na Dubs Craobh na hÉireann sa mbliain 1995?

6. Bhuaigh na Dubs Craobh na hÉireann sa mbliain 1963. Cé a bhí mar chéilí comhraic acu sa gcluiche ceannais?

7. Cén club lena n-imríonn Con O’Callaghan?

8. Cá mhéad uair a bhfuil Craobh na hÉireann buaite ag na Dubs?

9. Bhuaigh na Dubs trí Ghradam Sárimreora (All-Star) sa mbliain 2003. Ainmnigh na himreoirí a fuair iad?

10. Cén club a imríonn a gcuid cluichí baile ar Bhóthar Mobhí?

11. Ainmnigh an Laoch seo de chuid an Chnoic?

Vinnie Murphy

12. Cén club lena n-imríonn Colm Basquel?

13. Cé a ainmníodh ag uimhir 14 in aghaidh Mhaigh Eo san athimirt, i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh?

14. Cé a bhí mar bhainisteoir ar na Dubs roimh Pat Gilroy?

15. Cé a bhí mar roghnóirí (triúr ar fad) ag Tommy Carr nuair a tugadh bata is bóthar dó mar bhainisteoir ar fhoireann peile Átha Cliath sa mbliain 2001?

16. Chaill Áth Cliath i gcluiche leathcheannais na hÉireann sa mbliain 1993. Cé a bhí mar chéilí comhraic acu?

17. Cé he seo? Kevin Heffernan

Heffo

18. Bhuaigh na Dubs ar Thír Eoghain ar scór 1-15 go dtí 0-13 i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann sa mbliain 2010. Cé a d’aimsigh an cúl do na Dubs?

19. Athraigh na litreacha seo a leanas thart le teacht ar iarpheileadóir agus ar iarbhainisteoir de chuid na Dubs – KARL LECUPA

20. Cé hiad an fhoireann dheireanach leis an gceann is fearr a fháil ar na Dubs i gCraobh Chúige Laighean?

Cuirfear na freagraí ar fáil ar 2 Bealtaine. Coinnigh amach ó Google!!!

Freagraí

1. Cill Mochuda Na Crócaigh 2. Kevin McManamon 3. Joe McNally 4. Wayne McCarthy 5. Paul Curran 6. Gaillimh 7. Cuala 8. 26 9. Stephen Cluxton, Paddy Christie agus Ray Cosgrove 10. Na Fianna 11. Vinnie Murphy 12. Baile Buadáin Naomh Éanna 13. Diarmuid Connolly 14. Paul ‘Pillar’ Caffrey 15. Dom Twomey, Richie Crean, John O’Leary 16. Doire 17. Kevin Heffernan 18. Eoghan O’Gara 19. Paul Clarke 20. An Mhí

 

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s