20 Ceist ar T-Rex Ó Saurus – An Dineasár Dub!

T-Rex Ó Saurus – An Díneasár Dub!

Bíonn go leor cinéalacha éagsúla carachtar le feiceáil ag cluichí de chuid na Dubs. Bíonn ‘Briogáid na mBobhrán’ le feiceáil. Bíonn Oompa Loompa is Molly Malone le feiceáil. Bíonn an bhean a mbíonn a gadhar gléasta i ngeansaí na Dubs le feiceáil agus bíonn an Díneasár Dub Gaelach, T-Rex Ó Saurus, le feiceáil. Tá 20 ceist sciobthaí agam ar T-Rex anseo le tuilleadh aithne a chur air.

Bl 4 Gaelgory agus PJ

Dóibh siúd nach bhfuil aon chur amach acu ar T-Rex Ó Saurus, seo chugaibh roinnt físeán a rinne sé faoi na Dubs. Amhrán é seo a chum T-Rex in ómós do na Dubs – Seo Linn na Dubs abú!

https://www.youtube.com/watch?v=Pb8HRjkdvfI

Seo físeán eile de chuid T-Rex ina bhfuil an mheidhrís agus an t-éirí croí a bhain le bua chluiche ceannais na hÉireann 2011 le feiceáil ann.

https://www.youtube.com/watch?v=gFvQDU0i89w

Bígí ag coinneail súl amach do T-Rex ag cluichí na Dubs. Idir an dá linn, is féidir breathnú ar a chuid físeán atá dírithe ar lucht Ardteiste agus ar mhúineadh na Gaeilge ar bhealach spaíúil ar a stáisiún youtube ‘Gaelgory’. Acmhainní iontacha atá ina chuid físeán don seomra ranga. Is féidir é a leanacht ar twitter ag @Gaelgory nó ar facebook ag T-rex Ó Saurus.

T-Rex abú. Na Dubs abú.

1. Club? Cluain Tarbh

2. Jurassic Park nó A Dinosaur Story? Jurassic Park

3. An t-amhrán is fearr leat faoi Bhaile Átha Cliath a chastar ar an gCnoc? Dublin in the Rare Auld Times

4. An t-imreoir reatha is fearr leat? Diarmuid Connolly

5. An t-imreoir is fearr leat riamh? Kevin Moran

Bl 5

6. Ar imir tú féin agus má d’imir cén sórt peileadóra/iománaí a bhí ionat? D’imir mé peil ag uimhir 13

7. An cluiche is fearr de chuid na Dubs a chonaic tú riamh? Na Dubs V Ciarraí 2013 leathcraobh na hÉireann

8. An chéad uair a raibh tú i láthair ag cluiche de chuid na Dubs? 1979/1980 BÁC v Muineacháin i bPáirc Ruiséil i mBaile Bhlainséir

 9. An t-iománaí is fearr leat? Liam Rushe

 10. Cé a bhuafas Corn Liam Mhic Cárthaigh i mbliana? Tiobraid Árann

Bl 3

11. Brolly, Ó Sé, Wooly, Spillane nó Whelo? Brolly

12. Heffo nó Jim Gavin? Jim Gavin

 13. John O’Leary nó Stephen Cluxton? Stephen Cluxton

 14. Cé acu ab fhearr leat a bhuachan – an tSraith Náisiúnta nó Craobh Laighean? Craobh Laighean

 15. An peileadóir is fearr nach n-imríonn leis na Dubs? Conor McManus – Muineachán

Bl 2

 16. An t-iománaí is fearr nach n-imríonn leis na Dubs? Joe Canning, Gaillimh

 17. An spórt is fearr leat taobh amuigh de chluichí CLG? Lúthchleasaíocht

 18. An t-imreoir is fearr de chuid na Dubs nár bhuaigh Craobh na hÉireann? Wheelo

Bl1

19. An bhagairt is mó do na Dubs i mbliana? Ciarraí, Maigh Eo, Dún na nGall, Muineachán nó Tír Eoghain? Ciarraí

20. An mbuafaidh muid Corn Sam Maguire don tríú bliain i ndaidh a chéile i mbliana? Buafaidh

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s