Buille do Ger Cunningham

Tuairisicíodh inniu nach mbeadh na deartháireacha Mark agus Paul Schutte, de bhunadh Chuala, ar fáil do phainéal Ger Cunningham don chluiche Craoibhe in aghaidh na Gaillimhe, ar 28 Bealtaine. Buille é seo do na Dubs go mór mór théis do Dotsy O’Callaghan filleadh ar an bpainéal, ón ngortú droma a bhí aige, le cúpla seachtain anuas.

Cuala

Is cosúil go bhfuil scrúduithe móra le déanamh ag Mark agus go bhfuil a aird dírithe go iomlán ar na scrúduithe sin. De bharr go raibh bliain chomh rathúil sin ag iománaithe Chuala ní raibh deis cheart aige díriú ar an staidéar go dtí le gairid. Cá bhfios ach go bhfeicfí é níos faide ar aghaidh sa mbliain is é ag caitheamh gheansaí na Dubs!

Maidir lena dheartháir Paul, tugadh le fios go bhfuil sé ag tógáil scíste ón iománaíocht idirchontae i mbliana. Bhí roinnt gortuithe aige le blianta beaga anuas agus tá sé ag iarraidh briseadh ceart a thabhairt dá cholainn.

Níl aon amhras ach gur caillteanas ollmhór an bheirt seo do chúis na Dubs.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s