Tá Dotsy Ar Ais!

Dea-scéal do Ger Cunningham agus do lucht leanta na Dubs go bhfuil Dotsy O’Callaghan ar ais ag traenáil le foireann iomána na Dubs le trí seachtaine anuas. Níor imir Dotsy, atá 33 anois, leis na Dubs ón gcluiche in aghaidh Chill Chainnigh i gCraobh Laighean anuraidh. Chuaigh sé faoi scian i mí Dheireadh Fómhair seo caite le damáiste a bhí déanta dá chuid néaróg, de bharr diosca a bheith tite ina dhroim, a leigheas. Tá sé ar ais anois agus níl aon amhras ach go gcuirfidh sé go mór leis an bpainéal.

OCallaghanDavid_UpClose

Tá dhá Chraobh Chúige Laighean buaite ag Dotsy le peileadóirí Átha Cliath agus bhí sé ar an bhfoireann iomána nuair a bhuaigh na Dubs Craobh Chúige Laighean sa mbliain 2013 agus nuair a bhuaigh siad an tSraith Náisiúnta thiar sa mbliain 2011. D’fhág sé an painéal peile sa mbliain 2008 le díriú ar an iomáint.

Is le Baile Buadáin Naomh Éanna atá Dotsy ag imirt anois théis dó a chlub baile Naomh Marc a fhágáil sa mbliain 2015. Ba le croí trom a d’fhág sé Cumann Naomh Marc agus labhair sé amach ag an am faoin ngá a bhí ann, dar leis, go mbeadh club amháin iomána i dTamhlacht le go bhféadfaidís a bheith iomaíoch.

Tabharfaidh an nuacht seo, go bhfuil Dotsy ag filleadh ar an bpainéal, muinín do lucht leanta na Dubs agus iad réidh le haghaidh a thabhairt ar an Tulach Mhór agus cluiche ceathrú ceannais Chraobh Laighean in aghaidh na Gaillimhe. Cuimhnímis go bhfuil imreoirí Chuala ar ais faoin am seo, freisin. Níl aon amhras ach go bhfuil dúshlán ollmhór romhainn in aghaidh Churaidh na Sraithe ach beidh na Dubs réitithe dóibh.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

*Míle buíochas le hAoife Ní Oistín as cur in iúl dom go bhfuil Dotsy théis filleadh ar Chumann Naomh Marc! #FíorDub!

Advertisements

2 thoughts on “Tá Dotsy Ar Ais!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s