Tháinig Daidí na Nollag luath chuig lucht leanta na Dubs i mbliana leis an dea-scéala, a fógraíodh an tseachtain seo, gur ghlac Jim Gavin le tairiscint ón mBord Contae fanacht mar bhainisteoir ar fhoireann peile Átha Cliath go dtí 2019. Scéal iontach é seo don Bhord Contae, do na himreoirí is do lucht leanta na Dubs trí chéile. Bhí imní ag teacht ar go leor de lucht na príomhchathrach le tamall anuas go n-éireodh Jim as go luath. Cuirfidh an fhógairt mhór seo deireadh leis an imní sin agus tiocfaidh dóchas ina háit.
Tar éis do Jim glacadh leis an tairiscint seo thug sé le fios gur mór an onóir dó é a bheith ina bhainisteoir ar na Dubs. Dúirt sé gur pribhléid a bhí ann dó. Nuacht iontach é sin don lucht leanta.
D’imir Gavin le foireann peile Átha Cliath idir na blianta 1992-2002 agus bhuaigh sé bonn uile-Éireann sa mbliain 1995. Bhuaigh sé an tSraith Náisiúnta leo sa mbliain 1993. Bhuaigh sé 3 Craobh uile-Éireann agus é ina bhainisteoir ar fhoireann peile f21 na Dubs. Ó ceapadh ina bhainisteoir ar an bhfoireann shinsearach é ag deireadh na bliana 2012, tá Craobh na hÉireann buaite aige trí huaire chomh maith le 4 Shraith Náisiúnta agus 4 Chraobh Laighean.
Bail ó Dhia ar Jim sin againne. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!