Slán agus Céad Míle Beannacht Ort, a Bhernard Dunne

Fógraíodh gurbh é Bernard Dunne a bheadh mar Stiúrthóir Ardghníomhaíochta nua de chuid an IABA (Cumann Dornálaíochta Amaitéarach na hÉireann) le gairid. Dea-scéal dó féin dar ndóigh, ach, drochscéal do lucht leanta na Dubs, faraor! D’fhógair sé go gairid théis dó glacadh leis an bpost go mbeadh air éirí as an ról a bhí aige ar fhoireann bainistíochta Jim Gavin.

GG 3

Dar ndóigh, is laoch spóirt é Bernard de chuid mhuintir na hÉireann uilig, agus ní de chuid mhuintir Bhaile Átha Cliath amháin, de dheasca a chuid éachtaí dornálaíochta. Bhuaigh sé Craobh For-Choileachmheáchain na hEorpa sa mbliain 2007 agus chuaigh sé céim níos faide sa mbliain 2009 nuair a bhuaigh sé Craobh For-Choileachmheácháin an domhain. Tá an oíche áirithe sin san 02 Arena ar 21 Márta, 2009, nuair a fuair Bernard an ceann is fearr ar Ricardo Cordova, greannta i stair spóirt na hÉireann.

Tá Bernard an-ghnóthach ó d’éirigh sé as an dornálaíocht sa mbliain 2010. Tá go leor rudaí móra bainte amach aige ó shin i leith. Shocraigh sé go raibh sé chun Gaeilge a fhoghlaim agus chuaigh sé ar turas leis an tír uilig lena chlár Bród Club a craoladh ar RTÉ. Sa gclár sin spreag sé na mílte daoine le gabháil amach agus a gcuid Gaeilge a úsáid agus spreag sé daoine eile lena foghlaim. Chraol RTÉ sraith cláracha miotaseolaíochta dá chuid anuraidh agus d’fhoilsigh sé a dhírbheathaisnéis, Bernard Dunne My Story, sa mbliain 2010.

DSCN6155

Ó dheireadh 2012 i leith, bhí ról ag Bernard ar fhoireann bhainistíochta Átha Cliath. Ní fios céard go díreach a bhí ar bun aige ach tuigtear gur forleathan gur ag plé le cúrsaí leasa na n-imreoirí a bhíodh sé. Ba mhinic é a fheiceáil ar an taobhlíne, freisin, is é ag caitheamh buidéal uisce chuig na himreoirí le linn cluichí. Le linn a sheala leis na Dubs d’éirigh leo trí Chraobh uile-Éireann, ceithre Shraith Náisiúnta, ceithre Chraobh Laighean is Craobh Chorn Uí Bhroin amháin a bhuachan.

Is léir ón agallamh a rinne Bernard le RTÉ, nuair a fógraíodh an scéal seo, go ndeachaigh Jim Gavin agus a stíl bainistíochta go mór i bhfeidhm air. Nuair a ceistíodh é faoin gcur chuige bainistíochta a bheadh aige thagair sé den ‘phróiseas’! Luaigh sé, freisin, an tábhacht a bhí le saol maith a bheith ag na dornálaithe taobh amuigh den spórt. Seo rudaí atá ag croílár chur chuige bainistíochta Jim Gavin agus na Dubs. Tá sé ag déanamh céim máistreachta i siceolaíocht spóirt faoi láthair agus is cinnte go gcabhróidh sé sin go mór leis ina ról mar Stiúrthóir Ardghníomhaíochta. Níl aon amhras ann ach go n-éireoidh go hiontach le Bernard.

Ní fios go fóill cén uair go díreach a mbeidh Bernard ag fágáil na Dubs, mara bhfuil sé théis fágáil cheana féin, ach guímis gach rath air. Cailliúint mhór a bheidh ann dúinne, mar sin féin.

Ar aghaidh linn na Dubs abú! Bernard Dunne abú!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s