An Rás le hAghaidh Sam – Súil Chun Cinn

Cuireadh tús le Craobhchomórtas Peile na hÉireann agus an rás le haghaidh Sam Dé Domhnaigh, 7 Bealtaine, nuair a fuair Sligeach an ceann is fearr ar Nua Eabhrac i gCraobh Chonnacht. Mar sin, tá sé in am dom súil a chaitheamh chun cinn ar an gcraobh peile atá amach romhainn agus ar na spriocanna éagsúla a bheidh ag na foirne éagsúla idir seo agus an tríú seachtain de mhí Mheán Fómhair. Is cinnte go mbeidh neart ábhar conspóide, scéalta is buaicphointí againn idir an dá linn.

cropped-1231260_10151665375984226_1127079083_n.jpg

Fadhbanna Iomaíochta

Is léir don dall go bhfuil easpa cluichí iomaíocha sna comórtais cúige faoi láthair. Is beag seans a bheadh ag aon fhoireann taobh amuigh de Roinn 1 cluichí ceannais na hÉireann a bhaint amach gan a bheith ag caint ar chomórtais cúige a bhuachan. D’éirigh le Gaillimh an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Eo i gCraobh Chonnacht anuraidh nuair a bhí siad i Roinn 2 ach ní bheinn ag súil go dtarlódh a leithéid arís i mbliana. D’éirigh leis na Tiobraidigh na cluichí leathcheannais a bhaint amach anuraidh ach beidh foirne eile réidh dóibh i mbliana. Beidh sé fíordheacair orthu cur leis an dul chun cinn atá déanta acu le blianta beaga anuas.

De bharr nach bhfuil seans ag formhór mór na bhfoirne Corn Sam Maguire a bhuachan beidh spriocanna éagsúla ag foirne éagsúla

In ainneoin gur éirigh le foirne a bhfuil daonra íseal iontu Craobhacha uile-Éireann a bhuachan san am atá caite, tá sé i bhfad níos deacra a leithéid a dhéanamh anois de bharr a phroifisiúntaí atá na foirne idirchontae sa lá atá inniu ann. Nárbh fhearr i bhfad dá mbeadh na contaetha ‘laga’seo in iomaíocht le foirne ar chomhchaighdeán leo i gCraobhchomórtas eile seachas a bheith ag fáil léasadh i ndiaidh léasadh ó na foirne láidre? Alt eile do lá eile b’fhéidir!

De bharr nach bhfuil seans ag formhór mór na bhfoirne Corn Sam Maguire a bhuachan beidh spriocanna éagsúla ag foirne éagsúla. Beidh Maigh Eo, Ciarraí, Áth Cliath, Tír Eoghain, Dún na nGall agus Muineachán dírithe ar chraobhacha cúige a bhuachan agus ar chluichí leathcheannais na hÉireann a bhaint amach ar a laghad. Is iad Ciarraí, Maigh Eo agus na Dubs a bheidh mar rogha na coitiantachta ach beidh na hUltaigh den tuairim go bhféadfaidís Sam a thabhairt ó thuaidh.

ce4

Beidh sé de sprioc ag leithéidí Gaillimh, An Mhí, An Dún, Corcaigh, An Cabhán, Cill Dara, Tiobraid Árann, Ros Comáin agus Doire áit a aimsiú sna cluichí ceathrú ceannais dóibh féin tríd na babhtaí cáilithe. Níl na foirne seo sách maith Craobh na hÉireann a bhuachan ag an bpointe seo, ach beidh siad ag iarraidh mí Lúnasa a bhaint amach agus iad fós san iomaíocht. Dá n-éireodh le haon cheann de na foirne sin cluiche ceathrú ceannais a bhuachan bheadh siad thar a bheith sásta leis an mbliain.

Beidh sé de sprioc ag na foirne eile cluiche amháin, ar a laghad, a bhuachan cé go bhféadfadh le leithéidí Ard Mhacha, An Iarmhí agus an Clár níos mó ná cluiche amháin a bhuachan.

Na hIomaitheoirí

Ciarraí

Níl aon amhras faoi ach go bhfuil an-díomá ar mhuintir Chiarraí nár bhuaigh siad an Chraobh f21

Tá Ciarraí ag teacht in athuair agus tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar na Dubs i gcluiche ceannais na Sraithe i mbliana, beidh siad cinnte iontu féin go mbuafaidh siad Craobh na hÉireann. Ní bheidh aon cheist faoina gcuid díocais. Beidh tuilleadh den fhoireann f21 ar fáil dóibh anois, rud a chuirfidh go mór lena bpainéal. Níl aon amhras faoi ach go bhfuil an-díomá ar mhuintir Chiarraí nár bhuaigh siad an Chraobh f21. Gríosfaidh sé sin cuid mhaith de na leaids óga le Corn Sam Maguire a thabhairt ar ais go Ciarraí.

Beidh sé deacair iad a stopadh. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé tarlú go mbeidh orthu é a dhéanamh an bealach deacair. Má bhuann Maigh Eo Craobh Chonnacht, agus cluiche ceathrú ceannais na hÉireann ina dhiaidh sin, is in aghaidh Mhaigh Eo a imreoidh Ciarraí i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Sin ag glacadh leis go ndéanfaidh lucht na Ríochta amhlaidh i gcúige Mumhan, dar ndóigh. Má éiríonn leis na Dubs cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach casfaidh na Ciarraígh orthu sa gcluiche ceannais.

Maigh Eo

Bhí Maigh Eo lag go leor sa tsraith i mbliana díreach mar a bhí anuraidh. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil siad ag díriú ar a bheith réidh ó mhí Lúnasa ar aghaidh arís i mbliana. Mar sin féin, ghortaigh sé iad go mór go bhfuair Gaillimh an ceann is fearr orthu i gCraobh Chaonnacht anuraidh. Is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh Corn Nestor a bhuachan ar ais.

bacme-2

Níl a fhios ag aoinne cé chomh maith is atá Maigh Eo faoi láthair ach is féidir a bheith cinnte faoi go mbeidh siad réidh do na dúshláin éagsúla atá rompu amach. In ainneoin an bhriseadh croí uilig a d’fhulaing siad le roinnt blianta anuas tá spiorad aisteach iontu. Tagann siad ar ais bliain i ndiaidh bliana. Mar sin, ní chuirfeadh sé puinn iontais ar aoinne dá n-éireodh leo deireadh a chur leis an ‘mallacht’ i mbliana.

ní chuirfeadh sé puinn iontais ar aoinne dá n-éireodh leo (Maigh Eo) deireadh a chur leis an ‘mallacht’ i mbliana

Níl aon cheist ann ach go bhfuil siad sách maith, ach caithfidh leithéidí Aidan O’Shea cinnireacht a léiriú sna cluichí móra. Tá foireann iontach ag Maigh Eo le cúig nó sé de bhlianta anuas ach tá an t-am ag breith suas ar go leor dá gcuid imreoirí. Má tá an fhoireann áirithe seo chun an beart a dhéanamh, caithfidh siad é a dhéanamh go luath.

Áth Cliath

Tá go leor ceisteanna le freagairt ag na Dubs. An bhfuil siad tuirseach? An bhfuil an uaillmhian is an díocas céanna iontu is a bhí anuraidh agus an bhliain roimhe? Má tá Michael Darragh Macauley imithe don chuid eile den bhliain an mbeidh siad sách láidir i lár na páirce? An bhfuil sé in am tosú ag cur Bernard Brogan isteach ón mbinse. An mbeidh Diarmuid Connolly in ann smacht a choinneáil air féin? An mbeidh tionchar ag leithéidí Cormac Costello, Paul Mannion agus Con O’Callaghan ar an gcraobh. An mbeidh mionathruithe le feiceáil ar a stíl imeartha is ar chur chuige na foirne? Tá go leor ceisteanna ansin ach má tá freagra dearfach ag Jim Gavin is a imreoirí orthu beidh sé fíordheacair iad a stopadh.

2017-05-15

Mar sin féin, ní mórán foirne a n-éiríonn leo trí Chraobh uile-Éireann a bhuachan i ndiaidh a chéile. Tá sé sách deacair dhá cheann a bhuachan i ndiaidh a chéile! Thosaigh na Dubs ar ais ag traenáil níos deireanaí ná na foirne eile i mbliana. Bhí cuma thuirseach orthu sna cluichí deireanacha a bhí acu in aghaidh Chiarraí is Mhaigh Eo anuraidh. Is dócha go raibh sé sin taobh thiar den chinneadh gan tosú ar ais go dtí na seachtainí deireanacha i mí Eanáir. An mbeidh siad in ann brú ar aghaidh anois? Beidh le feiceáil!

Tír Eoghain, Dún na nGall, Muineachán

Is féidir le Tír Eoghain, Dún na nGall agus le Muineachán an ceann is fearr a fháil ar aon fhoireann eile ar aon lá ar leith. Feictear dhom, áfach, go bhfuil siad rúinne beag taobh thiar de Mhaigh Eo, Chiarraí is Áth Cliath. Mar sin féin, beidh siad dea-eagraithe, oibreoidh siad go han-chrua agus beidh plean acu. Ní bheidh sé éasca an ceann is fearr a fháil orthu. Ón mbealach a bhfuil na cúigí leagtha amach i mbliana imreoidh curaidhUladh in aghaidh curaidh Laighean i gcluiche leathcheannais na hÉireann, má éiríonn leis na curaidh sin a gcuid cluichí ceathrú ceannais a bhuachan. Mar sin, bheinn ag súil go mbeadh na Dubs ag imirt in aghaidh Thír Eoghain ag deireadh mhí Lúnasa. Feictear dhom go mbeidh fir Mickey Harte ábhairín beag níos fearr ná Muineachán is Dún na nGall.

Na Buaiteoirí

Craobh Laighean: Áth Cliath

Craobh Uladh: Tír Eoghain

Craobh Chonnacht: Maigh Eo

Craobh na Mumhan: Ciarraí

Craobh na hÉireann: Áth Cliath (mo ‘chroí gorm’ ag rá liom go mbuafaidh na Dubs ach Ciarraí is Maigh Eo chomh dainséarach céanna)

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s