Tuairiscíodh sna nuachtáin náisiúnta an tseachtain seo caite go raibh Mark Schutte ag traenáil le painéal Jim Gavin. Más fíor an scéal seo, agus má tá Schutte théis athrú go dtí na peileadóirí, is buille mhór é do Ger Cunningham agus do na hiománaithe. In ainneoin go raibh Schutte ar fhoireann f21 Jim Gavin sa mbliain 2012 nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann níl aon pheil imeartha aige le foireann shinsir na Dubs.
Cinnte chuirfeadh Schutte leis an bpainéal ach cheapfá go mbeadh imreoirí eile chun tosaigh air ar an mbinse. Fear mór ard 6 throigh 4 orlach is ea Schutte agus d’fhéadfaí feidhm a bhaint as ar imeall na cearnóige. Mar sin féin, chuirfeadh sé iontas mór ar lucht leanta na Dubs dá bhfeicfí é amuigh ar an bpáirc peile an samhradh seo.
Bhuaigh Schutte Craobh Iomána Uile-Éireann le Cuala i mbliana ach shocraigh sé féin agus a dheartháir Paul gan filleadh ar phainéal Ger Cunningham théis Lá ‘le Phádraig. Dar ndóigh, bhí a gcuid cúiseanna pearsanta féin acu. Mar sin féin, is léir go bhfuil fadhbanna inmheánacha ar an bpainéal iomána agus ba cheart don Bhord Contae, Ger Cunningham is na himreoirí nach bhfuil ar fáil don phainéal a thuilleadh, suí síos le réiteach a fháil ar an scéal. Níl na fadhbanna inmheánacha seo ag déanamh aon mhaith do dhuine bith.
Bheadh seans i bhfad níos fearr againn dá mbeadh na himreoirí is fearr atá againn ag imirt linn
Beidh na Dubs ag tabhairt aghaidhe ar Thulach Mhór is ar iománaithe na Gaillimhe Dé Domhnaigh seo chugainn. Tá na Gaillimhigh ag imirt go han-mhaith faoi láthair agus beidh se fíordheacair ar na Dubs an ceann is fearr a fháil orthu. Bheadh seans i bhfad níos fearr againn dá mbeadh na himreoirí is fearr atá againn ag imirt linn. Buille eile é seo do na hiománaithe.