Áth Cliath v Gaillimh

Cluiche Ceathrú Ceannais Chúige Laighean, Páirc Uí Chonchubhair,

28 Bealtaine, 4.00pm

Tabharfaidh Ger Cunningham is a fhoireann aghaidh ar Thulach Mhór agus ar iománaithe na Gaillimhe, Dé Domhnaigh seo chugainn, 28 Bealtaine. Ní bheidh jab éasca aige agus ní bheidh Darragh O’Connell, Dotsy O’Callaghan, Cian Boland ná Fionntán Mac Gibb ar fáil dó de bharr go bhfuil siad gortaithe.

i-2

Níl ag éirí go ró-iontach le foireann na príomhchathrach le cúpla bliain anuas agus ní gach Dub atá ag ceapadh go mbeidh an bua acu Dé Domhnaigh. Mar sin féin, bheifeá ag súil go mbeadh siad iomaíoch ó thús go deireadh – agus ní ar feadh 50 nóiméad mar a tharla dóibh i go leor cluichí le linn na sraithe.

Tá Gaillimh ar cheann de na foirne is fearr sa tír faoi láthair. Ní raibh ach cúilín idir iad féin agus Tiobraid Árann i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh agus d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar na Tiobraidigh i gcluiche ceannais na sraithe i mbliana. Tá siad ag imirt go maith faoi stiúir Mhichil O’Donoghue agus níl aon amhras ach go bhfuil fíorsheans acu i mbliana an chraobh a bhuachan.

Cé a bhuafas?

Gaillimh atá mar rogha na coitiantachta. Tá sé an-deacair rud ar bith a fheiceáil anseo ach bua do na Gaillimhigh. Mar sin féin, bheinn ag súil go dtabharfadh na Dubs cluiche maith dóibh. Mar a dúirt Liam Rushe i rith na seachtaine, is í an aidhm a bhíonn aige ná níos mó cluichí a imirt sa gcraobh in aon bhliain amháin ná mar a d’imir an bhliain roimhe. Má ta na Dubs lena leithéid a dhéanamh teastaíonn taispeántas maith uathu Dé Domhnaigh sa Tulach Mhór. Gaillimh le 7+ cúilín.

An Fhoireann

  1. Conor Dooley
  2. Cian O’Callaghan
  3. Eoghan O’Donnell
  4. Oisín Gough
  5. Chris Crummey
  6. Liam Rushe
  7. Shane Barrett
  8. Ben Quinn
  9. Seán Moran
  10. Eoghan Conroy
  11. Niall McMorrow
  12. David Treacy
  13. Dónal Burke
  14. Ryan O’Dwyer
  15. Eamon Dillon
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s