Áth Cliath v Ceatharlach

Páirc Uí Mhórdha, 3 Meitheamh, 2017

Cuirfidh na Dubs tús lena rás le Corn Sam Maguire a choinneáil sa bpríomhchathair anocht i bPáirc Uí Mhórdha i bPort Laoise. Is iad foireann Turlough O’Brien, Ceatharlach, a bheidh mar chéilí comhraic acu tar éis a mbua ar Loch Garman.

Untitled design

Beidh na Dubs réidh don oíche anocht agus in ainneoin go bhfuil Con O’Callaghan agus Niall Scully ainmnithe ar an gcéad 15 don chéad uair, foireann an-láidir a ghabhfas chun páirce. Is ar an taispeántas, seachas ar chlár na scór, a bheidh foireann Jim Gavin dírithe anocht agus níl aon amhras ann ach gur drochscéal é sin do Cheatharlach. Tá géariomaíocht ar phainéal na Dubs agus beidh chuile dhuine a fhaigheann seans anocht ag iarraidh gabháil i bhfeidhm ar an mbainisteoir.

Rinne Ceatharlach éacht nuair a bhuaigh siad ar na Carmannaigh coicís ó shin. Tá imreoirí maithe acu, Brendan Murphy agus Daniel Saint Ledger ina measc, ach beidh sé an-deacair orthu anocht. Beidh sé mar sprioc acu scór Átha Cliath a choinneáil chomh híseal agus is féidir leo.

Áth Cliath nó Ceatharlach?

bí ag súil le mórphlé ó lucht anailíse ar an ngéarghá atá le dhá chomórtas éagsúla le freastal ar na contaetha ‘laga’

Ní dhéanfaidh na Dubs aon trócaire ar mhuintir Cheatharlach agus beidh bearna de níos mó ná fiche cúilín idir na foirne. Má tharlaíonn sé sin, bí ag súil le mórphlé ó lucht anailíse ar an ngéarghá atá le dhá chomórtas éagsúla le freastal ar na contaetha ‘laga’. Mara mbíonn ach deich gcúilín nó mar sin idir na foirne cuirfear a leithéid de chaint siar píosa!

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath

  1. Stephen Cluxton
  2. Michael Fitzsimons
  3. Jonny Cooper
  4. Eric Lowndes
  5. Niall Scully
  6. Cian O’Sullivan
  7. Jack McCaffrey
  8. Brian Fenton
  9. James McCarthy
  10. Ciarán Kilkenny
  11. Diarmuid Connolly
  12. Paul Mannion
  13. Kevin McManamon
  14. Con O’Callaghan
  15. Dean Rock
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s