Gaillimh 2-28 Áth Cliath 1-17

Cluiche Ceathrú Ceannais Chúige Laighean, Páirc Uí Chonchubhair, 28 Bealtaine

Gaillimh2

Drochghreadadh a thug Gaillimh do na Dubs Dé Domhnaigh seo caite, 28 Bealtaine, i bPáirc Uí Chonchubhair. Bun agus barr an scéil. Bhí a fhios againn uilig go mbeadh lá deacair acu agus chonaic muid go soiléir cé chomh mór is atá iománaithe Átha Cliath tar éis titim siar le cúpla bliain anuas. Níl muid i measc na mboc mór a thuilleadh.

Níl muid i measc na mboc mór a thuilleadh.

Tá na Dubs i dtroiblóid. Níl ach trí chluiche buaite acu go dtí seo i mbliana – in aghaidh UCD agus Cheatharlach i gCraobh Chorn an Bhreathnaigh agus in aghaidh Chorcaí sa tSraith Náisiúnta. D’fhéadaidís Tiobraid Árann a fháil anois sa gcéad bhabhta de na cluichí cáilithe. Beidh jab mór ag Ger Cunningham a fhoireann óg a ghríosadh agus a spreagadh don chéad lá eile.

Gaillimh

Níl aon amhras ach go mbeidh foireann Mhichil Uí Dhonnchú san iomaíocht níos faide ar aghaidh sa samhradh. In ainneoin go raibh lá compordach acu Dé Domhnaigh, beidh siad réidh do na catha móra a bheidh amach rompu. Bhí imirt a gcuid tosaithe an-slachtmhar agus Joe Canning á stiúradh go deas éifeachtach. Ní chuirfeadh sé aon iontas ar lucht iomána dá ngabhfadh Corn Liam Mhic Cárthaigh siar thar an tSionainn go Gaillimh i mbliana.

Gaillimh1

An Chéad Leath

Fuair Chris Crummey céad scór an chluiche seo ach d’éirigh leis na Gaillimhigh an chéad cheithre scór eile a aimsiú. Bhí siad chun tosaigh ar scór 0-04 go stí 0-01 tar éis 12 nóiméad. D’fhreagair na Dubs an tús maith sin leis gcéad cheithre scór eile, áfach, agus tar éis 16 nóiméad bhí siad chun tosaigh don chéad uair agus don uair dheireanach sa gcluiche seo.

Tháinig Gaillimh ar ais go láidir, ina dhiaidh sin, leis an gcéad cheithre scór eile. Sa 27ú nóiméad d’aimsigh Jason Flynn cúl dóibh lena gcur chun tosaigh 1-09 go dtí 0-07 ar chlár na scór. Fuair Ben Quinn cúl díreach roimh leatham, áfach, leis an mbearna a laghdú do Áth Cliath. Fuair Quinn, a bhí ag imirt cluiche craoibhe leis na Dubs don chéad uair, cúl eile i lár na leithe ach níor ceadaíodh é de bharr an iomarca céimeanna a bheith tógtha aige. Scór leathama: Gaillimh 1-10 Áth Cliath 1-07.

An Dara Leath

Thosaigh Gaillimh an dara leath go han-láidir agus tar éis 41 nóiméad bhí siad imithe chun tosaigh ar scór 1-15 go dtí 1-07. Le linn an ama sin, cuireadh Cian Ó Ceallacháin den pháirc do na Dubs théis dó an dara cárta buí a fháil. D’éirigh le fir na príomhchathrach cúpla scór eile a aimsiú ina dhiaidh sin, mar sin féin, agus ní raibh ach sé chúilín idir na foirne agus gan fágtha ach fiche nóiméad.

Gaillimh4

Mar a tharla i bhfórmhór na gcluichí sraithe i mbliana, áfach, thit an tóin as na Dubs sa 20 nóiméad deireanach. Chríochnaigh na Gaillimhigh an cluiche láidir agus d’aimsigh siad 1-11 sa 20 nóiméad sin. Níor éirigh leis na Dubs ach sé chúilín a aimsiú le linn an ama sin. Scór deiridh: Gaillimh 2-28 Áth Cliath 1-17.

Imreoidh Gaillimh in aghaidh Uíbh Fhailí i gcluiche leathcheannais Chúige Laighean anois.

Amach Anseo

Beidh sé fíordheacair ar na Dubs teacht ar ais uaidh seo. Mar sin féin, caithfidh Ger Cunningham na himreoirí a thabhairt le chéile agus iad a réiteach chomh maith agus is féidir leis don chéad chluiche eile. Tá sé tabhachtach go mbuafadh imreoirí óga nua Áth Cliath cúpla cluiche. Seans go bhfuil deireadh ag teacht le ré Ger Cunningham.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Na Foirne

Áth Cliath: C Dooley, C O’Callaghan, E O’Donnell, O Gough, C Crummey (0-02), L Rushe, S Barrett (0-01), S Moran, N McMorrow, E Conroy, B Quinn (1-00), D Treacy (0-05), D Burke (0-03), R O’Dwyer, E Dillon (0-02)

Ionadaithe: Rian McBride (0-01) do E Conroy, F Whitely (0-01) do D Treacy, J Malone do N McMorrow, D O’Callaghan do D Burke, J Hetherton (0-02) do R O’Dwyer

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s