Áth Cliath 0-19 Ceatharlach 0-07

Páirc Uí Mhórdha, Port Laoise, Dé Sathairn, 3 Meitheamh, 2017

Clár na Scór

Tá ardmholadh ag gabháil do pheileadóirí agus do lucht bainistíochta Cheatharlach. Daithí in aghaidh Goliath a bhí againn seo. Foireann as Roinn 4 iad Ceatharlach a chuaigh chun páirce le curaidh na hÉireann. Bhí plean ag Turlough O’Brien is ag a fhoireann agus chuir siad i bhfeidhm go héifeachtach é. Rinne siad rudaí deacair do na Dubs ar feadh 50 nóiméad den chluiche seo agus bhí sé fiordheacair ar fhoireann Jim Gavin scóranna a aimsiú le linn an ama sin.

Rinneadh go leor cáineadh ar theaicticí cosantacha Cheatharlach ach céard eile a dhéanfaidís? Ar chóir dóibh luí siar agus ligean do na Dubs 6-28 a aimsiú? Imreoidh beagnach chuile fhoireann a imreoidh in aghaidh na Dubs i mbliana go cosantach. Cleachtadh maith a bhí anseo do na cluichí eile a bheidh le himirt acu.

Imreoirí ag teacht

Thosaigh Niall Scully agus Con O’Callaghan cluiche craoibhe don chéad uair leis na Dubs sa gcluiche seo agus rinne siad réasúnta maith, in ainneoin nach raibh móran spáis acu. Beidh Gavin sásta leo. Beidh sé sásta, freisin, Jack McCaffrey a fheiceáil ar ais agus chruthaigh Eric Lowndes go maith nuair a sheas sé sa mbearna bhaoil de bharr go raibh Philly McMahon ar fionraí agus go raibh John Small gortaithe. Tháinig Mark Schutte isteach do na Dubs le linn an dara leath agus d’imir sé a chéad chluiche leis na peileadóirí. Tá an chuma ar an scéal go mbeidh painéal fíorláidir ag Gavin arís i mbliana.

Diarmuid Connolly

Tharraing Diarmuid Connolly aird na meán air féin nuair a leag sé lámh ar an bhfear taobhlíne tar éis gur tugadh cinneadh ina éadan, agus gur bhrúigh triúr imreoirí ó Cheatharlach amach thar an taobhlíne é. Is beag an teagmháil a rinne sé leis an bhfear taobhlíne ach ní féidir a leithéid a dhéanamh. Tá sé dubh agus bán. In ainneoin go bhfaca an réiteoir an eachtra seo agus gur scaoil sé le Connolly gan aon phionós, ba cheart do Connolly glacadh leis an bpionós 12 seachtaine a ghearr an CCCC air.

DiarmuidConnolly

Mar sin féin, chonaic muid arís eile sampla den neamhaird atá á tabhairt ag fir taobhlíne is ag réiteoirí ar imreoirí a bhíonn ag tarraingt as Connolly. Chaith sé cuid mhaith den chluiche lena lámha san aer ag breathnú ar an bhfear taobhlíne agus imreoirí Cheatharlach ag tarraingt as. Scaoiltear lena leithéidí seo go rómhinic. Níl sé ceart agus tá dualgas ar réiteoirí cosaint a thabhairt do imreoirí.

An Chéad Leath

Bhí sé soiléir ó thús an chluiche go raibh sé de rún ag Ceatharlach scór Átha Cliath a choinneáil chomh híseal agus a d’fhéadfaidís. Choinnigh siad go leor fear siar agus diabhal mórán spáis a thug siad do thosaithe na Dubs. Tar éis 12 nóiméad bhí foireann na príomhchathrach chun tosaigh ar scór 0-03 go dtí 0-02. Choinnigh Ceatharlach orthu agus níor aimsigh na Dubs ach cúig scór eile sa leath. I measc scórálaithe na Dubs bhí Dean Rock, Paul Mannion, Ciarán Kilkenny, Niall Scully agus Jack McCaffrey. D’aimsigh Paul Broderick dhá scór dheasa do Cheatharlach sa gcéad leath. Scór leathama: Áth Cliath: 0-08 Ceatharlach 0-05.

An Dara Leath

Choinnigh Ceatharlach orthu ag déanamh rudaí deacair do na Dubs sa dara leath. Níor éirigh le laochra Átha Cliath an lámh in uachtar a fháil ceart orthu go dtí tar éis an 50ú nóiméad. Cuireadh Brendan Murphy den pháirc sa 47ú nóiméad, tar éis gur bronnadh an dara cárta buí air, agus níor chabhraigh sé sin lena fhoireann.

Ag an pointe áirithe sin, bhí Áth Cliath ag buachan ar scór 0-10 go dtí 0-06. D’éirigh imreoirí Cheatharlach tuirseach, áfach, agus thosaigh na Dubs ag aimsiú bearnaí agus spáis i measc a gcuid cúlaithe. D’éirigh leo naoi gcúilín a aimsiú sa 20 nóiméad deireanach sin agus níor éirigh le Ceatharlach ach ceann amháin a aimsiú. Rock, Kilkenny, Bernard Brogan, Con O’Callaghan agus Conor McHugh a fuair scóranna na Dubs. Scór deiridh: Áth Cliath 0-19 Ceatharlach 0-07.

Amach Anseo

Bhí an-díomá ar go leor de lucht leanta na Dubs maidir leis an gcaoi ar imir a bhfoireann ach ní raibh anseo ach tús na Craoibhe. Tá leithéidí John Small, Cormac Costello agus Michael Darragh MacAuley fós le filleadh agus iad amuigh gortaithe faoi láthair. Beidh Philly McMahon ar ais don chéad lá eile. Beidh beagnach chuile fhoireann a thabharfas aghaidh ar na Dubs i mbliana ag imirt ar stíl chosantach agus ní féidir linn a bheith ag súil le buanna 20 cúilín, dá bharr sin.

Invincibles

D’fhéadfadh foireann Gavin a bheith ag imirt níos fearr mar sin féin, ach, b’fhearr i bhfad go mbeadh go leor le feabhsú acu an tráth seo den bhliain seachas a mhalairt. Beidh sé fíorhdeacair trí Chraobh uile-Éireann i ndiaidh a chéile a bhuachan agus caithfidh lucht leanta na Dubs sin a thuiscint. Tá siad sách maith lena dhéanamh, áfach. Bainimis spórt is spraoi as an turas agus as na heachtraí éagsúla a théann leis an dúshlán seo.

Maidir le Diarmuid Connolly, tugadh le fios le cúpla lá anuas go mbeadh Bord Contae Átha Cliath ag déanamh achomhairc ar an bpionós a gearradh air. Beidh le feiceáil cén toradh a bheidh ar an achomharc…

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, E Lowndes, J Cooper, M Fitzsimons, J McCaffrey (0-02), C O’Sullivan, J McCarthy, C Kilkenny (0-03), B Fenton, N Scully (0-01), C O’Callaghan (0-02), D Connolly (0-01), P Mannion (0-01), D Rock (0-06), K McManamon

Ionadaithe: B Brogan (0-02) do K McManamon, S Carthy do J McCaffrey, M Schutte do N Scully, C McHugh (0-01) do D Rock, D Byrne do C O’Sullivan, D Bastick do B Fenton

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s