Áth Cliath v An Iarmhí

Páirc an Chrócaigh, Dé Domhnaigh, 25 Meitheamh, 2017

Tabharfaidh na Dubs aghaidh ar an Iarmhí Dé Domhnaigh seo chugainn, 25 Meitheamh, i gcluiche leathcheannais Chúige Laighean, i bPáirc an Chrócaigh. Is é seo an tríú bliain i ndiaidh a chéile a thabharfas na foirne aghaidh ar a chéile i gCraobh Laighean. Fuair na Dubs an ceann is fearr ar an Iarmhí sa dá chluiche eile sin go réasúnta compordach.

2017-05-15

Tá sé fíordheacair dhá Chraobh uile-Éireann a bhuachan i ndiaidh a chéile gan trácht ar an tríú ceann. Níl aon amhras ach gurbh é sin an mórsprioc atá ag Jim Gavin is ag a fhoireann, ach, bí cinnte gur ar an Iarmhí amháin a bheidh siad dírithe Dé Domhnaigh. Níl an éascaíocht chéanna le feiceáil in imirt na Dubs go dtí seo i mbliana, i gcomparáid le blianta eile, ach feicfidh muid sa gcluiche seo an bhfuil mórán dul chun cinn déanta acu ón gcluiche deireanach in aghaidh Cheatharlach.

An Iarmhí

Tá go leor cainte ag teacht ó champa na hIarmhí maidir leis an gcaoi a n-imreoidh siad. Tá an scéal á chur amach ag leithéidí Tom Cribbin, John Heslin is ag Dessie Dolan go bhféadfaidís imirt ar an ionsaí, ach bheadh an-iontas go deo orm dá n-imreodh siad mar sin. Sa dá chluiche dheireanacha a d’imir an Iarmhí in aghaidh na Dubs choinnigh siad go leor fear siar le scóranna na Dubs a choinneáil íseal.

Tá Paddy Halloway, (ballnasc croiseach), Denis Glennon (rúitín) agus Callum McCormack (glúin) gortaithe, rud a chuireann teorann leis na roghanna atá acu. Chuile sheans go mbeidh John Heslin ar imeall chearnóg na Dubs leis féin agus liathróid ard á cur isteach chuige agus tosaithe na hIarmhí ag pléascadh amach as leath Átha Cliath nuair a éiríonn leo seilbh a fháil ar an liathróid.

Áth Cliath

Ba cheart go mbeadh cur chuige foighdeach ag na Dubs. Coinneoidh siad seilbh ar an liathróid go dtí go gcruthaítear spás thart ar líne 20 méadar na hIarmhí. Nuair a chruthaítear an spás sin, déanfaidh siad ionsaí ar chúl na hIarmhí. Beidh siad gan Diarmuid Connolly, John Small agus Michael Darragh Macauley. Tabharfaidh sé seo seans do leaids eile teacht isteach lena rian a fhágáil ar an bpainéal. Beidh sé suimiúil an bhfaighidh Con O’Callaghan níos mór spáis ná mar a bhí aige in aghaidh Cheatharlach agus an mbeidh sé in ann tionchar níos mó a bheith aige ar an gcluiche.

Áth Cliath nó An Iarmhí?

Na Dubs le níos mó ná deich gcúilín. Beidh an cluiche seo iomaíoch go maith go dtí thart ar an 50ú nóiméad, nó mar sin, ach críochnóidh na Dubs an-láidir.

An Fhoireann

  1. Stephen Cluxton
  2. Michael Fitzsimons
  3. Jonny Cooper
  4. Eric Lowndes
  5. Niall Scully
  6. Cian O’Sullivan
  7. Jack McCaffrey
  8. Brian Fenton
  9. James McCarthy
  10. Ciarán Kilkenny
  11. Paddy Andrews
  12. Paul Mannion
  13. Kevin McManamon
  14. Con O’Callaghan
  15. Dean Rock
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s