Áth Cliath 4-29 An Iarmhí 0-10

Cluiche Leathcheannais Peile Chúige Laighean, Páirc an Chrócaigh, 25 Meitheamh, 2017

Slua: 33,370

Bhí an Iarmhí an-lag sa gcluiche seo ach, a mhac go deo, bhí na Dubs damanta. Bhí siad ar ais ar a seanléim arís. Bhí cuma thuirseach orthu sna cluichí a d’imir siad go dtí seo i mbliana agus an chosúlacht orthu go rud éicint ar iarraidh ó bhlianta eile. Ní raibh rian ar bith de sin le feiceáil iontu Dé Domhnaigh seo caite, áfach. Bhí siad lándíocas. Bhí siad díograiseach. Bhí siad dírithe. Ní dhearna siad aon trócaire ar an Iarmhí. Bhí 31 cúilín idir na foirne ar chlár na scór agus d’aimsigh 11 imreoirí éagsúla na scóranna do na Dubs. Ba é Paul Mannion ba mhó a sheas amach dóibh. D’aimsigh sé ocht gcúilín ón imirt.

An Iarmhí

Bhí drochlá ag an Iarmhí agus bhí an chuma ar an scéal in amanna nach raibh plean acu don chluiche. Chaith siad cuid den chluiche ag coinneáil fear siar agus cuid eile ag iarraidh imirt in aghaidh na Dubs fear ar fhear. Ghéill siad do chiceanna amach na Dubs agus thóg siad féin ciceanna amach fada rud a thug seans maith do na Dubs an liathróid a bhuachan óna gcuid ciceanna amach féin.

BÁC v IM Tactaicí

Mar atá amhlaidh faoi spórt ar bith eile, níl aon amhras ach go bhfuil difear mór idir na foirne a imríonn i Roinn 1 agus na foirne a imríonn i Roinn 4. Is cinnte, áfach, nach bhfuil an Iarmhí chomh dona is a bhí siad Dé Domhnaigh. Caithfidh Tom Cribbin is a fhoireann dearmad a dhéanamh ar an gcluiche seo agus díriú ar na cluichí cáilithe. Níl siad críochnaithe fós.

An Chéad Leath

Théis 12 nóiméad den chluiche seo bhí na foirne cothrom ar scór 0-04 go dtí 0-04. Ghlac na Dubs seilbh iomlán ar an gcluiche ina dhiaidh sin, áfach. Níor éirigh leis an Iarmhí ach cúilín amháin eile a aimsiú roimh leatham agus d’eirigh leis na Dubs 1-11 a aimsiú le linn an ama sin. Ina measc siúd a d’aimsigh scóranna na Dubs bhí Dean Rock (1-04), Con O’Callaghan (0-03), Paul Mannion (0-03), Paddy Andrews (0-02), Ciarán Kilkenny (0-02) agus Brian Fenton (0-01). D’aimsigh Kieran Martin (0-02), John Egan (0-02) agus John Heslin (0-01) scóranna na hIarmhí. Scór leathama: Áth Cliath 1-15 An Iarmhí 0-05.

BÁC vIM 1

An Dara Leath

In ainneoin gur éirigh leis an Iarmhí ceithre cinn den chéad ocht scór den dara leath a aimsiú choinnigh na Dubs orthu ag déanamh scrios orthu. D’éirigh leo 3-14 a aimsiú sa dara leath agus d’éirigh lena gcuid ionadaithe – Eoghan O’Gara (1-00), Shane Carthy (0-02), Bernard Brogan (0-02)agus Kevin McManamon (1-01) 2-05 den 3-14 sin aimsiú. Ba iad Mannion (0-05), Kilkenny (1-01) Rock (0-01), Fenton (0-01) agus Jack McCaffrey (0-01) a fuair na scóranna eile sa dara leath sin. John Heslin (0-03), Kieran Martin (0-01) agus John Egan (0-01) a fuair scóranna na hIarmhí. Tháinig Brian Howard isteach do na Dubs sa dara leath agus d’imir a chéad chluiche leis na sinsir. Scór deiridh: Áth Cliath 4-29 An Iarmhí 0-10.

Jim Gavin

cén bainisteoir nach seasfadh lena gcuid imreoirí?

Tar éis an chluiche thug Jim Gavin le fios ag preasócáid nach mbeadh sé féin ná a fhoireann ag tabhairt tús áite do RTÉ ná aon dream eile ó thaobh agallamh de a thuilleadh. Dúirt sé go mbeadh siad sásta ceisteanna a fhreagairt ag preasócaidí ina mbeadh na meáin chumarsáide uilig i láthair iontu. Thagair sé den bhealach ar chaith Sky Sports agus RTÉ le heachtra Dhairmuid Connolly mar chúis leis an gcinneadh sin. Rinneadh go leor cáinte ar Gavin ó shin i leith maidir leis an gcinneadh seo ach cén bainisteoir nach seasfadh lena gcuid imreoirí?

DiarmuidConnolly

Amach Anseo

Caithfidh na Dubs na cloigne a choinneáil síos anois agus díriú ar Chill Dara agus ar chluiche ceannais Laighean. Deirtear linn go bhfuil Cill Dara ag teacht in athuair agus d’fhéadfadh an cluiche seo a bheith an-deacair. Mar sin féin, bhí cuma ar na Dubs in aghaidh na hIarmhí, agus don chéad uair i mbliana, go bhfuil siad réidh tabhairt faoin dúshlán Corn Uí Dhúshláine agus Chorn Sam Maguire a choinneáil sa bpríomhchathair.

Ná déanaimis dearmad go bhfuil Cormac Costello, Philly McMahon. Michael Darragh Macauley agus John Small fós le filleadh ó ghortaithe. Tá Macauley agus McMahon ar ais ag traenáil. Má éiríonn linn gabháil a fhad le cluiche leathcheannais na hÉireann d’fhéadfadh Diarmuid Connolly a bheith ar ais, freisin. Tógaimis cluiche ar chluiche é ach comharthaí beaga dóchais, mar sin féin!

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Na Foirne

Áth Cliath: S Cluxton, M Fitzsimons, C O’Sullivan, J Cooper, D Daly, E Lowndes, J McCaffrey (0-01), B Fenton (0-02), J McCarthy, C Kilkenny (1-03),C O’Callaghan (0-03), N Scully, D Rock (1-05), P Andrews (0-02), P Mannion (0-08)

Ionadaithe: E O’Gara (1-00) do P Andrews, D Byrne do M Fitzsimons, S Carthy (0-02) do J Cooper, B Brogan (0-02) do D Rock, K McManamon (1-01) do N Scully, B Howard do C O’Callaghan

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s