Áth Cliath 2-28 Laois 1-15

Páirc Pharnell, 1 Iúil, 2017

Thug iománaithe óga Átha Cliath taispeántas maith in aghaidh iománaithe Laoise, os comhair slua mór i bPáirc Pharnell, 1 Iúil, Dé Sathairn seo caite. Don chéad uair i mbliana d’éirigh leo an cluiche a chríochnú go láidir agus cuirfidh sé sin giúmar maith ar Ger Cunningham is ar a fhoireann bainistíochta. Tabharfaidh an bua seo misneach do na Dubs óga agus iad ag tabhairt aghaidh ar Dhurlas Éile Uí Fhógartaigh is ar iománaithe Thiobraid Árann sa gcéad bhabhta eile de na babhtaí cáilithe. Mar sin féin, bheifeá ag súil le bua ag na Dubs ar Laois sa gcluiche seo.

17951742_1676531402376257_8747405650255707015_n

Bhí Laois iomaíoch sa gcéad leath ach níl aon amhras ach go mbeadh an-díomá ar Éamonn Kelly le taispeántas a fhoirne sa dara leath. Ba cheart dóibh cluiche níos deacra a thabhairt do na Dubs. Is mór an dul chun cinn ata déanta ag Laois le blianta beaga anuas faoi bhainistíocht Cheddar Plunkett agus tá sé tábhachtach nach ligeann siad don chaighdeán sleamhnú. Ba iad Mark Kavanagh agus Paddy Purcell ba mhó a sheas amach do mhuintir Chontae Uí Mhórdha Dé Sathairn.

An Chéad Leath

Leis an ngaoth le seolta Laoise d’éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar an gcéad deich nóiméad, nó mar sin, den chluiche seo. Bhí siad chun tosaigh ar chlár na scór 0-06 go dtí 0-03. Dhúisigh sé sin na Dubs, áfach, agus d’éirigh leo sé cinn den chéad ocht scór eile a aimsiú. Tar éis 23 nóiméad bhí na Dubs chun tosaigh ar scór 0-09 go dtí 0-08. Chríochnaigh an dá fhoireann an leath gob ar ghob agus chuaigh na Dubs isteach ag an mbriseadh leathama ar scór 0-12 go dtí 0-11. I measc scórálaithe na Dubs bhí David Treacy (0-05), Ben Quinn (0-02), Cian O’Sullivan (0-01), Eamon Dillon (0-01), David Burke (0-01), Shane Barrett (0-01), agus Niall McMorrow (0-01).

Tá cuid de lucht tacaíochta na Dubs míshásta go bhfuil an cluiche á imirt i nDurlas, in ainneoin gur dúradh go n-imreofaí é in áit neodrach, ach sin an saol.

An Dara Leath

D’aimsigh an dá fhoireann dhá scór an taobh ag tús an dara leath agus théis 40 nóiméad bhí na Dubs chun tosaigh le cúilín amháin. D’aimsigh Áth Cliath 1-14 ina dhiaidh sin, áfach, gan oiread is gíog amháin as Laois. Seasfaidh an críoch láidir sin go maith dóibh sa gcéad chluiche eile. D’aimsigh Laois 1-01 in am cúitimh ghortaithe le cuma níos fearr a chur ar chlár na scór. I measc na scóralaithe a bhí ag na Dubs sa dara leath bhí Dillon (2-03), Treacy (0-05),Feargal Whitely (0-02), Dotsy O’Callaghan (0-02), O’Sullivan (0-01), David Burke (0-01), Quinn (0-01) agus John Hetherton (0-01). Bhí sé iontach Eamon Dillon a fheiceáil ar a sheanléim arís agus an-chluiche go deo aige do na Dubs. Scór deiridh: Áth Cliath 2-28 Laois 1-15.

1098879-e1498834793805

Amach Anseo

Tiobraid Árann i Staid Semple an chéad dúshlán eile atá os comhair fhir Ger Cunningham. Tosaíonn an chraobh anois. Níl mórán ag tabhairt seans do Áth Cliath ach tabharfaidh sé sin seans do leaids óga na Dubs imirt le saoirse. Tá cuid de lucht tacaíochta na Dubs míshásta go bhfuil an cluiche á imirt i nDurlas, in ainneoin gur dúradh go n-imreofaí é in áit neodrach, ach sin an saol. Caithfidh muid treabhadh ar aghaidh. Am maith é seo le himirt ina aghaidh na dTiobraideach.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: C Dooley, C O’Callaghan, E O’Donnell, F Ó Riain-Broin, S Barrett (0-01), C Crummey, S Moran, B Quinn (0-03), N McMorrow (0-01), D Burke (0-02), L Rushe, E Dillon (2-04), C O’Sullivan (0-03), R O’Dwyer, D Treacy (0-09)

Ionadaithe: F Whitely (0-02) do N McMorrow, D O’Callaghan (0-02) do C O’Sullivan, F McGibb do D Burke, J Hetherton (0-01) do R O’Dwyer, T Connolly do S Moran

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s