Tiobraid Árann 6-26 Áth Cliath 1-19

Staid Semple, 8 Iúil, 2017

Níor tháinig an toradh seo aniar aduaidh ar lucht leanta iomána na Dubs ach, mar sin féin, toradh an-díomách a bhí ann. Rinne tosaithe Thiobraid Árann, agus Séamus Callanan ach go háirithe, scrios ar Áth Cliath agus ní raibh cúlaithe na Dubs in ann ag an síorionsaí a rinneadh orthu. D’aimsigh Callanan 3-11 – dhá chúilín níos lú an 1-19 a d’aimsigh foireann uile Átha Cliath. Bíonn an fhírinne searbh. Níl na Dubs iomaíoch ag an leibhéal is airde níos mó. Bun agus barr an scéal.

Tipp v Dub

Tiobraid Árann

Tosaíonn bliain na dTiobraideach anois. Tuigfidh Michael Ryan agus a fhoireann nár imir siad ró-iontach go dtí seo i mbliana, in ainneoin gur éirigh leo cluiche ceannais na Sraithe a bhaint amach. D’aimsigh Callanan 3-11 in aghaidh na Dubs. D’aimsigh John McGrath 2-02 agus d’aimsigh John ‘Bubbles’ O’ Dwyer 0-04. Beidh se an-deacair tosaithe Thiobraid Árann a stopadh agus tabharfaidh an bua seo muinín dóibh. An féidir leo Corn Liam Mhic Cárthaigh a bhuachan don dara bliain i ndiaidh a chéile? Beidh le feiceáil!

An Chéad Leath

Tar éis 14 nóiméad den chluiche seo bhí na foirne ar comhscór agus cúl an taobh aimsithe ag na foirne – 1-04 go dtí 1-04. Bhí lucht leanta na bhfoirne ag ceapadh go mbeadh cluiche iomaíoch lán le teannas rompu ag an bpointe sin. Níor aimsigh na Dubs ach sé chúilín idir sin agus leathama, áfach, agus d’aimsigh 3-07 idir an dá linn. D’fhág sé sin go raibh na Tiobraidigh chun tosaigh le 3-01 ag leatham agus an t-uafás le déanamh ag na Dubs sa dara leath. Ba é Cian O’Sullivan a fuair cúl na Dubs agus fuair Callanan agus John McGrath péire an duine do mhuintir Thiobraid Árann. Scór leathama: Tiobraid Árann 4-11 Áth Cliath 1-10.

An Dara Leath

Má bhí aon seans ag na Dubs an beart a dhéanamh, bhí tús maith leis an dara leath uathu, ach d’aimsigh na Tiobraidigh 1-07 gan aon fhreagra ó fhoireann Ger Cunningham. Bhí an fhoireann baile as radharc. In ainneoin gur chríochnaigh na Dubs go réasúnta láidir bhí an damáiste déanta agus bhí sé ródheireanach. Is í foireann Michael Ryan a bheidh ag gabháil ar aghaidh go dtí na babhtaí ceathrú ceannais. An scór deiridh: Tiobraid Árann 6-26 Áth Cliath 1-19.

Todhchaí Ger Cunningham

i-2

Tá ceisteanna á n-ordú agam faoi na deacrachtaí idir bhainistíocht, iarimreoirí agus bhord Contae Átha Cliath le tamall anseo. Mar sin féin, tá an dearg-ghráin á léiriú ag go leor de lucht leanta na Dubs ar Cunningham agus ní rud maith é sin. Níl sé ceart ach an oiread. Ba cheart don Bhord Contae seasamh isteach tamall ó shin agus labhairt le Ger agus leis na hiarimreoirí le teacht ar réiteach, nó teacht ar shocrú, a ghabhfadh chun sochair do iománaíocht na príomhchathrach. Níor tharla sé sin.

Ceapadh Cunningham mar bhainisteoirí ar na Dubs théis go raibh ceann de na foirne is rathúla a bhí ag na Dubs riamh i mbarr a réime faoi cheannasaíocht Anthony Daly. Ag an am, áfach, aontaíodh go fíorleathan go raibh na cáilíochtaí cuí ag Cunningham na Dubs a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad laibhéal eile.

Ar an drochuair níor oibrigh sé amach. Tá an iománaíocht go smior i Ger Cunningham, mar sin féin, agus níl na maslaí agus an drochphoiblíocht uilig atá faighte ag bainisteoir na Dubs tuillte aige. Tá mé go láidir den tuairim go gcaithfidh sé imeacht ach ba cheart go scaoilfí leis gan na hionsaithe seo atá á ndéanamh air. Bímis uasal agus guímis gach beannacht ar Ger – má shocraíonn sé imeacht. Beidh painéal óg láidir fágtha ina dhiaidh aige. Scéal eile do lá eile.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Na Foirne

Áth Cliath: C Dooley, C O’Callaghan, E O’Donnell, F Ó Riain-Ó Broin, S Barrett, C Crummey (0-01), S Moran, B Quinn, N McMorrow, D Treacy (0-11), L Rushe (0-02), E Dillon, C O’Sullivan (1-01), R O’Dwyer (0-02), D Burke

Ionadaithe: J Madden do S Barrett, F Whitely do N McMorrow, D O’Callaghan (0-01) do D Burke, T Connolly do S Moran, R McBride (0-01) do D Treacy

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s