Áth Cliath v Cill Dara

Cluiche Ceannais Chúige Laighean, Páirc an Chrócaigh, 16 Iúil, 2017

BÁC2Thug Jim Gavin le fios dúinn le cúpla lá anuas go bhfuil chuile dhuine ar a phainéal ar fáil le himirt dó anois seachas Diarmuid Connolly. Dea-scéal é sin do lucht leanta na Dubs agus rud a chiallaíonn go bhfuil leithéidí Michael Darragh Macauley, Cormac Costello, John Small is Paul Flynn ar ais arís. Tá na Dubs agus gabháil ó neart go neart agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil siad in áit mhaith le tabhairt faoin dúshlán trí Chraobh uile-Éireann i ndiaidh a chéile a bhuachan. Tosaíonn an dúshlán sin inniu, áfach, agus beidh siad ag iarraidh an seachtú Craobh Laighean a bhuachan i ndiaidh a chéile. Is iad Cill Dara a sheasann idir iad féin agus an t-éacht sin a bhaint amach agus cinnteoidh na Lilí nach mbeidh aon rud éasca ag na Dubs.

Cill Dara

Tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil Cill Dara feabhsaithe go mór le bliain anuas. D’éirigh leo áit i Roinn 1 den tSraith Náisiúnta a bhaint amach agus bhí dhá bhua mhóra acu sa gCraobh go dtí seo in aghaidh Laoise agus in aghaidh na Mí. 3-37 a d’aimsigh siad sa dá chluiche sin. Tá imreoirí acu ar nós David Slattery, Niall Kelly, Cathal McNally, Paddy Brophy, Daniel Flynn agus Kevin Feely a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do na Dubs. Tá neart taithí ag Cian O’Neill ón seal a chaith sé i Maigh Eo agus i gCiarraí agus beidh a fhoireann réitithe don dúshlán seo. Dea-scéal do Chraobh Laighean go bhfuil Cill Dara ag teacht an athuair.

Áth Cliath nó Cill Dara?

Áth Cliath le rúinne beag níos mó ná an 7 gcúilín atá á thabhairt ag go leor iriseoirí dóibh. Níl leithéidí Jonny Cooper, Philly McMahon, John Small, Michael Darragh Macauley, Kevin McManamon, Bernard Brogan, Paul Flynn agus Cormac Costello ainmnithe i measc an 15 a thosóidh an cluiche seo. Bheifeá ag súil, mar sin, go dtiocfadh siad isteach le linn an chluiche agus go ndéanfadh siad an-damáiste. Is iad ionadaithe Átha Cliath a chinnteoidh an bua do na Dubs.

An Fhoireann

  1. Stephen Cluxton
  2. Darren Daly
  3. Michael Fitzsimons
  4. Eric Lowndes
  5. James McCarthy
  6. Cian O’Sullivan
  7. Jack McCaffrey
  8. Brian Fenton
  9. Ciarán Kilkenny
  10. Niall Sculy
  11. Paul Mannion
  12. Con O’Callaghan
  13. Paddy Andrews
  14. Eoghan O’Gara
  15. Dean Rock
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s