Áth Cliath 2-23 Cill Dara 1-17

Cluiche Ceannais Peile Chúige Laighean, Páirc an Chrócaigh, 16 Iúil, 2017

Slua: 66,734

Bhí me ceathracha i mbliana agus, dá bharr sin, is maith atá cuimhne agam ar a bheith ag freastal ar chluichí de chuid na Dubs chomh fada siar le tús na nóchaidí. Tá laethanta iontacha feicthe agam ó 2011 i leith, ach go háirithe, ach is maith a chuimhním na drochlaethanta, freisin. Ó 1995 go dtí 2005 níor bhuaigh Áth Cliath ach Craobh Laighean amháin. Ná déanaimis dearmad air sin. Bhí na laethanta sin lán de bhriseadh croí.

Grianghraf

Éacht é seo atá déanta ag na Dubs an seachtú craobh i ndiaidh a chéile a bhuachan agus an 12ú ceann taobh istigh de 13 bliain. Déanaimis ceiliúradh ceart ar éachtaí na foirne seo. In ainneoin a deir Wooly agus lucht an duaircis linn, ní mhairfidh na laethanta iontacha seo go deo. Bainimis taitneamh astu a fhaid a mhairfidh siad.

Áth Cliath

Thug na Dubs taispeántas maith eile uathu sa gcluiche seo ach, mar sin féin, is cinnte go bhfuil rudaí ann a d’fhéadfaidís a fheabhsú. D’éirigh le Cill Dara 1-17 a aimsiú ina n-éadan agus aimsíodh cuid de na scóranna sin go ró-éasca. D’éirigh leis na Lilí rith síos an lár agus i dtreo an chúil rómhinic agus chruthaigh sé seo roinnt mhaith fadhbanna do chúlaithe na Dubs. Chomh maith leis sin, chuir na Dubs ceithre sheans ar chúilíní amú tar éis dóibh an dá chúl a aimsiú. Dá dtógfaí na seansanna sin bheadh Áth Cliath as radharc leathbhealach tríd an gcéad leath. Ní haon dochar é go bhfuil rudaí le feabhsú acu agus iad ag díriú ar chluichí ceathrú ceannais na hÉireann anois.

ConOC

Is fiú go mór taispeántais Con O’Callaghan agus Bernard Brogan a lua. Bhí siad iontach. Bhí Con ag socrú isteach ar an bhfoireann go deas réidh go dtí seo ach, a mhac go deo, bhí an-chluiche aige Dé Domhnaigh. 0-12 a d’aimsigh sé – sé cinn ón imirt agus sé cinn ó na saorchiceanna, tar éis do Dean Rock cárta dubh a thuilleadh dhó féin.

Tá Ciarraí agus Maigh Eo i bhfolach sa bhféar fada agus tá Tír Eoghain tagtha an athuair.

Nuair a d’imigh Rock den pháirc ba mhór an faoiseamh é do lucht leanta na Dubs a choisteáil gurbh é Bernard Brogan a bhí lena áit a thógáil. Ceann de na buanna is mó atá ag na Dubs, ar ndóigh, is ea a láidre atá an painéal acu. Bhí cluiche iontach ag Brogan nuair a tháinig sé isteach agus d’aimsigh sé 0-05 ón imirt. Beidh le feiceáil an bhfuil a dhóthain déanta aige le háit a fháil ar an bhfoireann tosaithe an chéad lá eile.

Cill Dara

In ainneoin gur chaill Cill Dara le naoi gcúilín bheadh Cian O’Neill is a fhoireann réasúnta sásta leis an taispeántas a thug siad. Is cinnte go bhfuil siad ag teacht an athuair. Bhí an-chluiche ag Kevin Keely i lár páirce agus d’aimsigh Cathal McNally, Paddy Brophy is Jonny Byrne scóranna gleoite dóibh. D’fhéadfadh misneach a bheith caillte acu nuair a bhí Áth Cliath 2-04 go dtí 0-01 chun tosaigh théis 20 nóiméad, ach shocraigh siad go raibh siad chun troid ar ais. Ní raibh ach ceithre chúilín idir na foirne ag leatham.

BacvCDImirtgo dona

Is in aghaidh Ard Mhacha a bheidh na Lilí sa gcéad chluiche eile. Má éiríonn le hachomharc Keely, atá ar fionraí théis dó trí chárta dhubha a fháil in aon bhliain amháin, ba cheart go mbeadh siad sách maith áit a thógáil sna cluichí ceathrú ceannais. Tá Cill Dara ar ais i Roinn 1 den tSraith Náisiúnta agus tá siad iomaíoch sa gCraobh arís. Bliain mhaith cheapfá!

An Chéad Leath

D’aimsigh Cill Dara céad scór an chluiche seo ach bhí smacht iomlán ag na Dubs ar an gcluiche don chéad fiche nóiméad eile. Le linn an ama sin, d’aimsigh siad dhá chúl ó chosa Dean Rock is James McCarthy agus ceithre chúilín ó Con O’Callaghan (0-02), Paul Mannion (0-01) is ó Chiarán Kilkenny (0-01). D’fhéadfaidís a bheith níos faide chun tosaigh, áfach, ach chuir siad ceithre sheans réasúnta éasca amú sa gcéad chúig nóiméad eile.

Máirseáil

Thug sé sin misneach is muinín do na Lilí agus d’éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar na Dubs don chuid eile den leath. D’aimsigh siad an chéad cheithre scór eile leis an bhearna a laghdú go 5 chúilín. I measc na scórálaithe do Chill Dara bhí Cathal McNally is Keith Cribbin. Sa 24ú nóiméad tugadh cárta dubh do Dean Rock agus tháinig Bernard Borgan isteach ina áit. Ba ar misean a bhí Bernard agus níor airigh na Dubs uathu Rock. Chuaigh O’Callaghan i mbun na saorchiceanna agus idir é féin agus Brogan d’aimsigh siad ceithre chúilín roimh an bhfead leathama. Cúig cinn a d’aimsigh Cill Dara le linn an ama sin. Scór leathama: Áth Cliath 2-08 Cill Dara 0-10.

An Dara Leath

D’athraigh na Dubs luas an chluiche sa dara leath agus d’éirigh leo 10 gcinn den chéad 12 scór eile a aimsiú, rud a d’fhág chun tosaigh iad ar scór 2-18 go dtí 0-12 tar éis 53 nóiméad. Chríochnaigh Cill Dara láidir, áfach, agus d’éirigh leo an bhearna a laghdú go naoi gcinn a bhuíochas, ach go háirithe, do chúl ó Paddy Brophy sa 73ú nóiméad. I measc scórálaithe na Dubs sa dara leath bhí O’Callaghan, Brogan, Kilkenny, Paddy Andrews, Shane Carthy agus Brian Howard. Scór deiridh: Áth Cliath 2-23 Cill Dara 1-17.

Stephen Cluxton

D’imir Clucko a 88ú cluiche do na Dubs Dé Domhnaigh seo caite. Tá an méid céanna cluichí craoibhe imeartha aige anois is a d’imir Marc agus Tomás Ó Sé. Níor imir aoinne níos mó cluichí i stair CLG. Tá Cluxton 35 anois agus níl aon chúis nach bhféadfadh sé imirt ar feadh cúpla bliain eile. Tugann sé air mhaith dhó féin. Ní raibh tionchar chomh mór ar an gcluiche, agus ar ról an chúl báire ach go háirithe, ag aon imreoir eile i stair an chumainn is a bhí ag Cluxton. Níl aon amhras ach go mbeidh caint air go deo.

Amach Anseo

Tá neart oibre le déanamh ag na Dubs fós, ach ní drochrud é sin. Tosaíonn an dúshlán Corn Sam Maguire a choinneáil sa bpríomhchathair anois. Níl a fhios againn fós cé acu an Dún, Ard Mhacha nó Muineachán a bheidh againn i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann ach níl aon amhras ach go mbeidh a chuid taighde déanta ag Jim Gavin ar na hUltaigh.

Deireadh an chluiche

Níor imir Michael Darragh Macauley nó Cormac Costello sa gCraobh fós agus ní raibh Jonny Cooper ar fáil le tosú, ná le háit a thógail ar bhinse na Dubs, an lá cheana. Tá an fhoireann agus an séasúr ag neartú de réir a chéile. Mar sin féin, teastaíonn na himreoirí is fearr atá againn a bheith ar an bpáirc má tá muid chun tabhairt faoin dúshlán mór atá romhainn.

Tá Ciarraí agus Maigh Eo i bhfolach sa bhféar fada agus tá Tír Eoghain tagtha an athuair. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, P McMahon, C O’Sullivan, M Fitzsimons, E Lowndes, J Small, J McCaffrey, J McCarthy (1-00), B Fenton, N Scully, C Kilkenny (0-02), C O’Callaghan (0-12), P Andrews (0-01), P Mannion (0-01), D Rock (1-00)

Ionadaithe: B Brogan (0-05) do D Rock, S Carthy (0-01) do N Scully, D Daly do P McMahon, K McManamon do P Andrews, D Byrne do C O’Sullivan, B Howard (0-01) do B Fenton

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s