Deireadh le Réimeas Ger Cunningham

Fógraíodh Dé Sathairn seo caite, 22 Iúil, nach mbeadh Ger Cunningham ag leanacht ar aghaidh mar bhainisteoir ar fhoireann shinsearach iomána Átha Cliath. D’fhógair Cunningham gur mhór on onóir agus an phribhléid dhó a bheith ina bhainisteoir ar na Dubs. Tar éis roinnt plé idir é féin agus an Bord Contae, áfach, d’aontaigh sé féin agus lucht an bhoird gurbh fhearr gan síniú ama a lorg ar a thréimhse bainistíochta.

Ger Cunningham

Is cinnte go mbeidh roinnt mhaith de lucht leanta na Dubs sásta deireadh a fheiceáil de Cunningham ach níl aon argóint ann ach go raibh na cailíochtaí cuí aige don phost. Bhuaigh sé trí Chraobh uile-Éireann mar chúl báire le Corcaigh. Bhuaigh sé seacht gcinn de Chraobhacha na Mumhan chomh maith le ceithre cinn de Ghradaim Sárimreora. Bhuaigh sé dhá Chraobh uile-Éireann mar roghnóir ag Dónal O’Grady agus ag John Allen idir 2003 agus 2006. Bhí a sheans tuillte aige, cheapfá. Faraor, níor oibrigh rudaí amach.

Oidhreacht Anthony Daly

Bhí jab fíordheacair le déanamh ag Cunningham tar éis dó teacht i gcomharba ar Anthony Daly. Thóg Daly na Dubs a fhad le dhá chluiche leathcheannais Éireann. Bhuaigh sé sraith iomána leo i 2011 agus bhuaigh sé Craobh Laighean leo don chéad uair le 52 bliain i 2013. Bhí lucht leanta na Dubs ag súil go leanfaí ar aghaidh leis na laethanta maithe sin.

Bhí roinnt athruithe le déanamh ar an bpainéal ,áfach, agus roinnt mhaith de imreoirí Daló ag gabháil in aois. Ní hamháin gur fhág na himreoirí sin a bhí ag gabháil in aois an painéal ach d’fhág go leor imreoirí tábhachtacha óga eile chomh maith. Bhí pearsantacht agus cur chuige bainistíochta iomlán difriúil ag Cunningham ó Daló agus deirtear linn nár thaithin sé sin le roinnt mhaith de na himreoirí. Chuir na deacrachtaí seo bac ar fhorbairt an phainéil.

Taobh istigh den trí bliana a bhí ag Cunningham leis na Dubs d’fhág leithéidí Johnny McCaffrey, Danny Sutcliffe, Conal Keaney, muintir Schutte i measc go leor eile. Is mór an trua nach raibh na himreoirí sin thart agus leithéidí Ben Quinn, Feargal Whitely, David Burke, Tomás Connolly agus Cian O’Sullivan ag briseadh isteach ar an bapinéal.

Johnny McCaffrey

Is mór an trua, freisin, nár thóg lucht an Bhoird Contae Ger Cunningham agus na hiarimreoirí le chéile leis na fadhbanna seo a réiteach. Má tá na Dubs ag iarraidh a bheith iomaíoch i measc na mboc mór caithfidh na himreoirí is fearr atá acu a bheith ar fáil. Ní raibh na himreoirí is fearr de chuid na Dubs ar fáil le cúpla bliain anuas agus is ar gcúl atá na Dubs imithe dá bharr. Is é sin an rud is mó a luafar le réimeas Ger Cunningham nuair a bhreathnaítear siar ar an tréimhse seo i stair iomána Átha Cliath, faraor.

Tús Ré Nua

In ainneoin nach bhfuil Cunningham ach díreach tar éis deireadh a chur lena chuid cúraimí bainistíochta tá Mattie Kenny agus Anthony Cunningham á lua go mór leis an bpost. Beidh go leor oibre le déanamh ag an gcéad duine eile a thiocfas isteach, ach, níl aon amhras ann ach go mbeidh painéal óg láidir ag an duine sin. Is é an chéad chúram a bheidh ar cibé duine a cheapfar ná teagmháil a dhéanamh leis an dream nach raibh ar fáil don phainéal le cúpla bliain anuas.

Tá an cinneadh ceart déanta ag Cunningham is ag an mBord Contae. Guímis gach beannacht is gach rath ar Ger, mar sin féin. Is cinnte go bhfeicfear ar an taobhlíne arís amach anseo é.

Tá ré nua amach romhainn. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s