Agóid na Brataí – Agóid Ar Strae?

Ní féidir an Cnoc a shárú nuair a bhíonn atmaisféar maith ann. Cuimhním, ach go háirithe, ar laethanta i mí Lúnasa nó i mí Mheán Fómhair agus na Dubs ag imirt. Oompa Loompa gorm agus dúghorm le feiceáil amach romham ar an gCnoc ó mo shuíochán ar Ardán Uí Chíosóig. Come on You Boys In Blue á chasadh ag na mílte agus lámha chuile dhuine acu ag bogadh le rithim na cantaireachta. Bratach mhór na Dubs á bogadh ó thaobh go taobh roimh an gcluiche. Bratacha beaga le feiceáil chuile áit. Sean-Mholly Malone le feiceáil, freisin, agus  a Corn Sam Maguire féin ina lámh aici. Dathanna na Dubs le feiceáil chuile áit le corrgheansaí de chuid Mhaigh Eo, nó de chuid Chiarraí, le feiceáil scaipthe amach i bpócaí éagsúla den Chnoc agus neart gleo á dhéanamh acu féin. Ní féidir an t-atmaisféar sin a shárú!

An Bhratach1

Sin é an fáth nach dtuigim cinneadh Pháirc an Chrócaigh gan an bhratach mhór cháiliúil ghorm is dhúbhghorm seo, a bhíonn le feiceáil ar an gCnoc le linn cluichí de chuid na Dubs, a cheadú a thuilleadh. Cuireann leitheidí na brataí sin leis an atmaisféar is leis an ócáid. Tógadh an cinneadh aisteach seo an tseachtain seo caite agus tugadh le fios gur de bharr cúrsaí slándála is sábháilteachta a tógadh an cinneadh. Tugadh le fios dúinn, freisin, gur ar chomhairle Sheirbhís Dóiteáin Átha Cliath a tógadh an cinneadh. Tháinig lucht Sheirbhís Dóiteáin Átha Cliath amach ar twitter idir an dá linn, áfach, agus d’fhógair siad gur cinneadh a bhí anseo a thóg Cumann Lúthchleas Gael amháin.

Míshástacht Lucht Leanta na Dubs

Chuir sé seo isteach go mór ar go leor de lucht leanta Bhaile Átha Cliath. Tá roinnt mhaith de na daoine atá i mbun na suíomhanna is mó de chuid na Dubs ar na meáin shóisialta an-mhíshásta leis an gcinneadh seo. Tá siad réidh le héirí amach agus tá siad ag iarraidh ar lucht leanta na Dubs baghcat a dhéanamh ar aon siopa, nó ar aon ghnó, taobh istigh de Pháirc an Chrócaigh, Dé Sathairn. Tá said ag iarraidh ar na Dubs gan oiread is pingin amháin a chaitheamh taobh istigh de na geataí. I measc na ndreamanna éagsúla atá taobh thiar den seasamh seo tá Hill 16 Army, All Dublin GAA Fans, True Blue Hill agus Dubs Banter Page.

…i bhfad níos mó i gceist lena n-agóid ná eachtra seo na brataí, ach, gurbh é an eachtra seo buille maraithe na muice.

Thug lucht na suíomhanna seo le fios go raibh i bhfad níos mó i gceist lena n-agóid ná eachtra seo na brataí, ach, gurbh é an eachtra seo buille maraithe na muice. Luaigh siad go raibh siad míshásta leis an gcaoi nach mbíonn na céimeanna ná na bealaí éalaithe ar an gCnoc riamh saor. Chuir siad in iúl go raibh siad thar a bheith míshásta leis an gclúid mhór a choinníonn an lucht leanta isteach atá os comhair an Chnoic. Dúirt siad gur chóir go mbeadh lucht Pháirc an Chrócaigh ag díriú ar leithéidí na fadhbanna slándála agus sábháilteachta sin seachas a bheith ag díriú ar bhratacha a thógail ó dhaoine.

Ról na Suíomhanna

Bheadh drogall orm lucht na suíomhanna seo a cháineadh toisc gur dream paiseanta iad agus go gcuireann siad seirbhís iontach ar fáil do lucht leanta na Dubs. Mar sin féin, tá roinnt a déarfadh, agus mé féin ina measc, go bhfuil siad ag gabháil thar fóir leis an agóid seo. Is léir go bhfuil siad oibrithe agus cúis mhaith acu ach tá siad ag caitheamh le lucht Pháirc an Chrócaigh mar a bheadh namhaid ann. Nach bhféadfaí agóid ar bhonn níos lú a eagrú le míshástacht na Dubs a chur in iúl? Rud éicint ar an gCnoc le linn an chluiche?

D’fhéadfadh suas le 35,000 – 40,000 Dub a bheith i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn. Dá dtacódh a leath acu sin leis an agóid seo bheadh lucht Chumann Lúthchleas Gael go mór as póca. Seo airgead a théann isteach i gcistí Chumann Lúthchleas Gael agus airgead a chaitear ar fhorbairt agus ar chur chun cinn ár gcuid cluichí Gaelacha i measc rudaí eile.

Fleg

In ainneoin an méid atá ráite agam ansin, feictear dhom gur cheart do Chumann Lúthchleas Gael géilleadh anseo. Níl ann ach bratach! Dúirt Alan Milton, thar ceann lucht Pháirc an Chrócaigh, gur glacadh cinneadh gan aon ‘phacáiste’ a bhí níos mó ná A4 a cheadú ag cluichí i bPáirc an Chrócaigh a thuilleadh. Mar sin féin, nach bhféadfaí an bhratach a choinneáil i bPáirc an Chrócaigh as seo amach agus í a thabhairt don lucht leanta roimh na cluichí? Réiteach simplí ar an bhfadhb seo, cheapfá.

Deatach Bán?

Tá cruinniú beartaithe idir lucht Pháirc an Chrócaigh agus ionadaithe ó na suíomhanna seo, de réir roinnt tuairiscí a léigh mé inniu. Tabharfaidh sé seo deis na deacrachtaí seo a phlé amach go stuama anois seachas a bheith ag tabhairt faoi fheachtas poiblí den chineál seo. Tá cúis míshástachta ag lucht leanta na Dubs ach caitear teacht ar réiteach trí phlé ciallmhar.

Tá súil agam go dtiocfar ar réiteach in am don chluiche Dé Sathairn. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s