Áth Cliath nó Muineachán

jamieblog

Bímis cinnte faoi. Tá foireann iontach ag na Dubs ach tá foirne iontacha ag na foirne atá fágtha ach go háirithe ag Ciarraí, Tír Eoghan is ag Maigh Eo. Mar sin féin, níl na Dubs ag breathnú orlach níos faide ná Muineachán, amárach. Tá Muineachán ar cheann de na foirne is fearr sa tír, freisin. Ar lá ar bith tá siad in ann an ceann is fearr a fháil ar fhoireann ar bith eile agus tuigeann Jim Gavin go rímhaith é sin.

Muineachán

Tháinig peileadóirí an Dúin aniar aduaidh ar Mhuineachán sa gcéad chluiche a bhí acu i gcúige Uladh i mblaina ach tá a fhios ag Muineachán go maith é sin. Ó shin i leith fuair foireann Malachy O’ Rourke an ceann is fearr ar arm Bhanty, Loch Garman, agus rinne siad slad orthu. Ina dhiaidh sin, bhuaigh siad ar Cheatharlach i gcluiche crua, ach thug Ceatharlach cluiche deacair do na Dubs, freisin. Bhain siad díoltas amach ar an Dún ina dhiaidh sin, sa mbabhta deireanach. Léiríonn sé sin go bhfuil siad réidh don chath seo.

Tá sárimreoirí acu agus beidh siad réidh don chath seo. Beidh Ryan agus Drew Wylie acu sna cúlaithe. Beidh muintir na Boithe, an bheirt Hughes, Darren agus Kieran i lár páirce, agus beidh Conor McManus acu i measc na dtosaithe. Beidh Jack McCarron agus Conor McCarthy réidh le teacht isteach mara dtosaíonn siad. Ta foireann iontach acu. Bímis Dubs, ar airdeall. Mar a bhí amhlaidh sa gcluiche sraithe, ar cheart a bheith buaite acu, beidh na hUltaigh lán le díocas. Oibreoidh siad uafásach crua le linn an chluiche.

Na Dubs

Tá an chosúlacht ar na Dubs go bhfuil siad ag gabháil ó neart go neart, ó chluiche go cluiche, ach beidh orthu a bheith ag lán a gcumhachta leis an gceann is fearr a fháil ar Mhuineachán. Tá foireann iontach ainmnithe ag Gavin le tosú ach beidh imreoirí iontacha réidh aige le teacht isteach. Is cosúil go bhfuil Paul Flynn agus Michael Darragh Macauley réidh arís agus beidh leithéidí Bernard Brogan, Kevin McManamon, Darren Daly, Denis Bastick, Niall Scully, Shane Carthy agus Davy Byrne an-mhífhoigdeach agus iad ag suí ar an mbinse, freisin.

Gach rath ar Stephen Cluxton a bheidh ag imirt a 89ú cluiche craoibhe – rud nach bhfuil déanta ag aon imreoir eile i stair Chumann Lúthchleas Gael go dtí seo!

Áth Cliath nó Muineachán

Is é an tréith is láidre atá ag Gavin mar bhainisteoir ná go réitíonn sé le haghaidh chuile chluiche ar an gcaoi chéanna. Tugann sé an t-ómós céanna do chuile fhoireann. Dá bharr sin, feictear dhom go mbeidh an bua ag Áth Cliath. Ní bheidh sé éasca, ach éireoidh leo an ceann is fearr a fháil ar mhuintir Mhuicneacháin, ach go háirithe, sa gceathrú dheireachach. Na Dubs le 6 + cúilín.

An Fhoireann

  1. Stephan Cluxton
  2. Philly McMahon
  3. Cian O’Sullivan
  4. Michael Fitzsimons
  5. Jonny Cooper
  6. John Small
  7. Eric Lowndes
  8. Brian Fenton
  9. James McCarthy
  10. Ciarán Kilkenny
  11. Con O’Callaghan
  12. Jack McCaffrey
  13. Paul Mannion
  14. Paddy Andrews
  15. Dean Rock
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s