Áth Cliath 1-19 Muineachán 0-12

Cluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann, Páirc an Chrócaigh, 5 Lúnasa, 2017

Ceithre fhoireann atá fágtha anois – Tír Eoghain, Ciarraí is Maigh Eo. Níl ach oiread na fríde idir na foirne seo.

Nuair a chas na foirne seo ar a chéile ní ba luaithe sa mbliain, sa tSraith Náisiúnta, thóg sé cúl iontach ó Jack McCaffrey in am cúitimh gortaithe leis an gcluiche a bhuachaint do na Dubs. Ní raibh an bua tuillte ag foireann Jim Gavin an lá sin. Bhí Muineachán lán le díocas agus ní raibh faitíos ar bith orthu roimh churaidh na hÉireann. Tá sé deacair a shamhlú gurbh iad an fhoireann chéanna, a bheag nó a mhór, a chuaigh chun páirce, Dé Sathairn seo caite, agus a fuair léasadh ó na Dubs.

Teaicticí Mhuineacháin

Bhí sé díomách agus aisteach go raibh fir fós á gcoinneáil siar ag Muineachán in ainneoin go raibh siad naoi gcúilín go dtí cúilín amháin taobh thiar tar éis 28 nóiméad. Bhí an cluiche ag imeacht uathu ach bhí sé ar nós go raibh siad sásta ligean dó imeacht uathu. D’éirigh le Malachy O’Rourke roinnt imreoirí óga maithe a thabhairt isteach ar an bpainéal i mbliana ach beidh orthu a bheith níos fearr an bhliain seo chugainn. Níl aon amhras ach go bhfuil siad níos fearr ná mar a bhí Dé Sathairn seo caite, cibé ar bith.

Na Dubs

Tá na Dubs ag gabháil ó neart go neart ó chluiche go cluiche. Thosaigh siad an cluiche seo go han-láidir agus d’éirigh leo roinnt mhaith scóranna a aimsiú in ainneoin go raibh Muineachán ag iarraidh a gcuid fear a choinneáil taobh thiar den liathróid. Ar a bharr sin, bhí cluiche maith ag cúlaithe Átha Cliath agus bhí siad go maith in ann ag an mbagairt ó Conor McManus is ó Jack McCarron, ach go háirithe.

Cnoc ó Uí Ógáin

Tuigfidh Gavin go maith go bhfuil go leor oibre fós le déanamh acu, áfach.Chuir siad go leor seansanna amú. Beidh sé níos deacra spás a fháil ó chúlaithe Thír Eoghain agus beidh ar na Dubs a gcuid seansanna a thógáil más mian leo an cluiche ceannais a bhaint amach. Níl ach oiread na fríde idir na foirne atá fágtha. Ní haon dochar, mar sin, go bhfuil neart oibre fós le déanamh ag na Dubs.

D’imir Stephen Cluxton a 89ú cluiche craoibhe do na Dubs. Tá níos mó cluichí craoibhe imrithe aige anois ná aon imreoir eile i stair Chumann Lúthchleas Gael. Is sárimreoir é atá théis ról an chúl báire a athrú ó bhonn le blianta beaga anuas.

An Chéad Leath

Tháinig na Dubs amach ag tús an chluiche go han-tréan agus níor thóg sé nóiméad féin orthu an chéad chúilín a aimsiú ó chos Paul Mannion. D’aimsigh siad 8 gcinn den chéad ocht scór eile agus bhí siad chun tosaigh 0-09 go dtí 0-01 ar chlár na scór théis 28 nóiméad. Thuig Muineachán go raibh siad i dtrioblóid, ag an bpointe sin, ach ní raibh aon ‘phlean B’ acu. Choinnigh siad a gcuid fear siar ina leath féin agus chloígh siad le córas cosanta nach raibh ag éirí leis.

Bhabhtáil an dá fhoireann scóranna idir sin ag leatham agus chuaigh na Dubs isteach chun tosaigh ag an mbriseadh ar scór 0-11 go dtí 0-03. D’aimsigh Dean Rock, Paul Mannion, Con O’Callaghan, Jack McCaffrey agus James McCarthy scóranna na Dubs sa gcéad leath. Ba iad Conor McManus, Colin Walshe agus Karl O’Connell a fuair scóranna Mhuineacháin. Scór leathama: Áth Cliath 0-11 Muineachán 0-03.

An Dara Leath

Thosaigh Muineachán an dara leath rúinne beag níos fearr agus d’éirigh leo dhá scór a aimsiú sa gcéad dá nóiméad den leath. D’éirigh leis na Dubs 1-02 a aimsiú ó Rock (1-01) agus ó Paddy Andrews sa gcéad chúpla nóiméad eile, áfach, rud a chuir deireadh leis an gcluiche. Ón gcúl sin do Áth Cliath, sa 39ú nóiméad, ar aghaidh scóraladh 13 cúilín. Fuair Muineachán seacht gcinn acu sin agus fuair na Dubs sé cinn acu. Chuir na Dubs roinnt mhaith seansanna ar fóraoil le linn an ama sin agus is cinnte nach mbeidh foireann bainistíochta Átha Cliath róshásta leis sin.

Stephen Cluxton

I measc na scórálaithe do na Dubs sa dara leath bhí Rock, Andrews, Eoghan O’Gara, Paul Flynn agus Mannion. Bhí lucht leanta Átha Cliath an-sásta Flynn agus Michael Darragh Macauley, ach go háirithe, a fheiceáil ag teacht chun páirce sa dara leath. Ba iad Conor McCarthy, Rory Beggan, Darren Hughes, McManus agus Ryan McAnespie a fuair cúilíní Mhuineacháin sa dara leath. Scór deiridh: Áth Cliath 1-19 Muineachán 0-12.

Amach Anseo

Tá Flynn is Macauley ar ais. Tá Cormac Costello ar ais ag traenáil. Beidh Diarmuid Connolly ar fáil don chéad chluiche eile. Teastóidh na himreoirí uilig seo má tá na Dubs chun an ceann is fearr a fháil ar Thír Eoghain, gan trácht ar Chorn Sam Maguire a bhuachan don tríú huair i ndiaidh a chéile. Tá siad ag gabháil ó neart go neart agus is léir gur plean a bhí anseo, le cinntiú go mbeadh siad réidh don am seo bliana. Bhí cuma thuirseach ar pheileadóirí Átha Cliath an t-am seo anuraidh.

Tá go leor le feabhsú acu, ach, b’fhearr i bhfad é sin ná a mhalairt. Beidh dúshlán roimh Gavin a fhoireann is fearr a roghnú, anois go bhfuil chuile dhuine ar an bpainéal ar ais agus ar fáil dó. Ní drochfhadhb í sin ach an oiread, afach.

Na Foirne Eile

…ní raibh ach cic liathróide idir na Dubs agus Ciarraí is na Dubs agus Maigh Eo, anuraidh.

Ceithre fhoireann atá fágtha anois – Tír Eoghain, Ciarraí is Maigh Eo. Níl ach oiread na fríde idir na foirne seo. Dar ndóigh, ní raibh ach cic liathróide idir na Dubs agus Ciarraí is na Dubs agus Maigh Eo, anuraidh. Sin an méid ar cheart a bheith idir na foirne atá fágtha i mbliana. Tá Tír Eoghain ag teacht an athuair agus tá foireann iontach acu. Beidh siad réidh dúinn. Tá laethanta neirbhíseacha, lán le teannas, romhainn…

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, J Cooper, M Fitzsimons, P McMahon, J Small, C O’Sullivan, J McCaffrey (0-01), B Fenton, J McCarthy (0-01), E Lowndes, C O’Callaghan (0-01), C Kilkenny, P Mannion (0-03), P Andrews (0-03), D Rock (1-08)

Ionadaithe: B Brogan do E Lowndes, D Dally do J Small, P Flynn (0-01) do J McCarthy, E O’Gara (0-01) do P Andrews, MD Macauley do C Kilkenny, D Byrne do J Cooper

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s