Tráth na gCeist – Na Dubs go dtí seo i 2017

An bhfuil tú dímhaoin is tú ag fanacht ar chluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh Thír Eoghain, Dé Domhnaigh? Má tá, seo chugat 20 ceist ar an mbliain peile go dtí seo a choinneoidh gnóthach tú.

Cé chomh gorm is atá tú?

15-20   Tá tú an-ghorm.

10-15   Tá tú gorm.

5-10     Caithfidh tú tosú ag leanacht na Dubs roimh thús na Craoibhe!

0-5       Tut tut!

(Cuirfear suas na freagraí Dé Sathairn, 2 Meán Fómhair)

Na Ceisteanna

  1. Cé bhí mar bhainisteoir ar na Dubs le linn Chraobhchomórtas Chorn Uí Bhroin i mbliana?
  2. Cé air ar bhuaigh na Dubs i gcluiche leathcheannais Chraobhchomórtas Chorn Uí Bhroin i mbliana?
  3. Cén contae inar imríodh cluiche ceannais Chraobhchomórtas Chorn Uí Bhroin i mbliana?
  4. Cé a d’ardaigh Corn Uí Bhroin mar chaptaen ar na Dubs i mbliana?
  5. Cé a bhí mar chéilí comhraic ag na Dubs i gcéad chluiche na Sraithe Náisiúnta i mbliana?NDA 11
  6. Chríochnaigh trí chluiche de chuid na Dubs ar comhscór sa tSraith Náisiúnta i mbliana. Cé a bhí mar chéilí comhraic ag Jim Gavin is a fhoireann sna cluichí sin?
  7. D’imir na Dubs ceithre chluiche sraithe i bPáirc an Chrócaigh i mbliana. Cé a bhí mar chéilí comhraic acu sna cluichí sin?
  8. Cé a chuir cic éirice amú in aghaidh Thír Eoghain sa gcluiche sraithe idir na foirne i mbliana?
  9. Cé a d’aimsigh 1-03 do na Dubs in aghaidh Mhaigh Eo sa tSraith Náisiúnta?
  10. Nuair a bhuaigh na Dubs in aghaidh Mhuineacháin sa tSraith i mbliana cá mhéad cluiche sraithe is craoibhe a bhí imeartha acu gan cailleadh?cill-dara-3
  11. Ainmnigh an triúr imreoirí as Cuala atá tar éis imirt do na Dubs sa gCraobh i mbliana?
  12. Cár imríodh an cluiche craoibhe in aghaidh Cheatharlach i mbliana?
  13. Cén tréimhse fionraíochta a tugadh do Dhiarmuid Connolly tar éis an chluiche craoibhe in aghaidh Cheatharlach?
  14. Cá mhéad cúl a d’aimsigh na Dubs in aghaidh na hIarmhí?
  15. Cé a scóráil 12 cúilín in aghaidh Chill Dara agus a ainmníodh mar laoch na himeartha i gcluiche ceannais chúige Laighean? DiarmuidConnolly
  16. Cé a cuireadh isteach in áit Dean Rock théis gur bronnadh cárta dubh air i gcluiche ceannais chúige Laighean?
  17. Cén club lena n-imríonn Niall Scully?
  18. Cé a d’aimsigh cúl Átha Cliath in aghaidh Mhuineacháin i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann?
  19. Cá mhéad cluichí sraithe atá imeartha ag Stephen Cluxton leis na Dubs?
  20. Ainmnigh an ceathrar ó CLG Bhaile Munna a thosaigh in aghaidh Mhuineacháin i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann ag tús na míosa.

Na Freagraí

  1. Paul Clarke
  2. Cill Dara
  3. An Lú
  4. Ciarán Reddin
  5. An Cabhán
  6. Tír Eoghain, Dún na nGall, Ciarraí
  7. Tír Eoghain, Maigh Eo, Ros Comáin agus Ciarraí
  8. Dean Rock
  9. Conor McHugh
  10. 36
  11. Con O’Callaghan, Mick Fitzsimons, Mark Schutte
  12. Port Laoise, Páirc Uí Mhórdha
  13. 12 seachtain
  14. 4 cinn
  15. Con O’Callaghan
  16. Bernrad Brogan
  17. Teach Mealóg-Sráid Synge
  18. Dean Rock
  19. 89
  20. John Small, Philly McMahon, James McCarthy, Dean Rock

 

Advertisements

2 thoughts on “Tráth na gCeist – Na Dubs go dtí seo i 2017

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s