Áth Cliath v Tír Eoghain

Cluiche Leathcheannais na hÉireann, Páirc an Chrócaigh, 27 Lúnasa, 2017

te2

Ní fada uainn na hUltaigh agus deis a fháil áit a bhaint amach i gcluiche ceannais peile na hÉireann 2017, in aghaidh Mhaigh Eo! Amárach an la mór agus beidh na Dubs is Tír Eoghain ag tabhairt aghaidhe ar a chéile. Is cinnte gur cath mór lán le teannas a bheidh ann a ghabhfaidh síos go dtí na nóiméid dheireannacha.

Tír Eoghain

Imríonn Tír Eoghain ar bhealach atá cosúil go leor leis an gcaoi a n-imríonn na Dubs. Beidh siad ag iarraidh briseadh amach leis an liathróid go sciobthaí, óna leath féin, le scóranna a aimsiú. Beidh ar na Dubs a bheith ar airdeall. Tá go leor imreoirí iontacha acu – idir óg is aosta – a bheidh in ann damáiste a dhéanamh. I measc na n-imreoirí sin tá Peter Harte, Sean agus Colm Cavanagh, Matthew Donnelly, Tiernan McCann, Pádraig Hampsey agus Niall Sludden.

Níl aon amhras ann ach go bhfuil Tír Eoghain ag teacht an athuair agus ní bheidh aon easpa misnigh orthu agus iad ag tabhairt aghaidhe ar na Dubs amárach. Go dtí seo, bhí buanna éasca ag foireann Mickey Harte ar Dhoire, ar Dhún na nGall, ar an Dún is ar Ard Mhacha.

Áth Cliath

Fógraíodh inniu go mbeadh foireann láidir ag gabháil chun páirce do na Dubs (féach thíos). Ina ainneoin sin, is ar an mbinse a bheidh leithéidí Michael Darragh Macauley, Paul Flynn, Bernard Brogan, Cormac Costello, Denis Bastic agus Diarmuid Connolly. Bhí neart plé ann le coicís anuas maidir le háit Connolly ar an bhfoireann tosaithe ach feictear dhom go bhféadfadh an-tionchar a bheith aige ar an gcluiche ón mbinse.

Má bhíonn an cluiche idir dhá cheann na meá agus gan fágtha ach 25 nóiméad, níl aoinne ann ar mhaith liom a fheiceáil ag teacht isteach ná Connolly. Thabharfadh sé ardú meanman don fhoireann is don lucht féachana sa gceathrú dheireanach.

Áth Cliath nó Tír Eoghain

Mar atá fíor faoi Thír Eoghain tá na Dubs ag gabháil ó neart go neart ó chluiche go cluiche. Ní bheidh ach oiread na fríde idir na foirne. Gabhfaidh mé le mo chroí. Na Dubs le dhá chúilín. Na Dubs abú!

Áth Cliath

  1. Stephen Cluxton
  2. Philly McMahon
  3. Cian O’Sullivan
  4. Michael Fitzsimons
  5. Jonny Cooper
  6. John Small
  7. Jack McCaffrey
  8. Brian Fenton
  9. James McCarthy
  10. Ciarán Kilkenny
  11. Con O’Callaghan
  12. Eric Lowndes
  13. Paul Mannion
  14. Paddy Andrews
  15. Dean Rock

Tír Eoghain

  1. Niall Morgan
  2. Aidan McCrory
  3. Ronan McNamee
  4. Cathal McCarron
  5. Tiernan McCann
  6. Pádraig Hampsey
  7. Peter Harte
  8. Colm Cavanagh
  9. Conall McCann
  10. David Mulgrew
  11. Niall Sludden
  12. Kieran McGeary
  13. Mark Bradley
  14. Seán Cavanagh
  15. Matthew Donnelly
Advertisements

2 thoughts on “Áth Cliath v Tír Eoghain

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s