Oíche an Lucht Leanta i bPáirc Pharnell

Beidh deis ag lucht leanta Átha Cliath castáil lena gcuid laochra i bPáirc Pharnell tráthnóna amárach, Dé Céadaoin, 30 Lúnasa idir 6.30 agus 8. Tabharfaidh an ócáid seo deis don lucht leanta óg, ach go háirithe, gach rath a ghuí ar a gcuid laochra agus iad ag réiteach le haghaidh a thabhairt ar pheileadóirí Mhaigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann ar 17 Meán Fómhair.

Con O Callaghan

Mar a bhíonn i gcónaí, beidh foireann Jim Gavin fial flaithiúil lena gcuid ama ag geámaíl le haghaidh ghrianghraf is ag síniú geansaithe don dream óg. Tá ócáidí den chineál seo fíorthábhachtach agus bíonn meas mór ag gasúir agus ag daoine fásta orthu.

Nuair a bheidh an ócáid seo thart beidh deis ag na Dubs a gcuid cloigne a chur síos agus díriú go hiomlán ar Mhaigh Eo. Tá cath crua fíochmhar amach romhainn. Na Dubs abú!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s