Áth Cliath 2-17 Tír Eoghain 0-11

Cluiche Leathcheannais na hÉireann, Páirc an Chrócaigh, 27 Lúnasa, 2017

Nuair a d’aimsigh an ‘SuperDub’ Con O’Callaghan cúl do na Dubs sa gceathrú nóiméad, d’fhéadfá a rá go raibh an cluiche seo thart de bharr an chaoi ar leagadh Tír Eoghain amach. Tá Tír Eoghain i bhfad níos fearr ná mar a bhí siad Dé Domhnaigh ach bhí an chosúlacht ar an scéal nach raibh aon phlean ‘B’ acu ar an lá. Bhí siad ag brath ar bheith gob ar ghob leis na Dubs go dtí an fead leathama ar a laghad. Ba cheart dóibh a bplean a athrú leathbhealach tríd an dara leath ar a dheireanaí.

Téamh Suas

Buille mhearfach a bhí i gcúl O’Callaghan do Thír Eoghain agus d’éirigh leis na Dubs trí cinn den chéad cheithre scór eile a aimsiú ina dhiaidh sin. Bhris sé sin muinín agus misneach na nUltach. Choinnigh na Dubs seilbh na liathróide, ina dhiaidh sin, idir líne leathchúil Thír Eoghain agus lár páirce agus rinne siad iarracht foireann Mickey Harte a mhealladh amach ón gcur chuige cosantach a bhí acu. Nuair a tháinig siad amach cruthaíodh spás do na Dubs agus rinne siad damáiste.

Ó rinne Dún na nGall luíochán ar na Dubs i 2014, níl aon fhadhb ag foireann Jim Gavin imirt in aghaidh foirne a leagtar amach go cosantach. Nuair a bhí mé ar scoil agus sa rang eolaíochta – fadó ó shin – d’fhloghlaim muid gurbh ionann ‘plus’ agus ‘plus’ agus plus’. D’fhoghlaim muid gurbh ionann ‘minus’agus ‘minus’ agus ‘plus’ freisin, áfach. Is é an bealach is fearr le himirt in aghaidh cur chuige cosantach ná a bheith cosantach, tú féin, agus rinne na Dubs go maith é sin.

Níl cur chuige an ‘blankett’ sách maith le Craobh na hÉireann a bhuachan a thuilleadh. Bhí na hUltaigh ag súil go ndéanfadh na Dubs síorionsaí orthu. Bhí siad ag súil go mbeadh siad in ann briseadh amach théis dóibh an liathróid a bhuachan ar ais ó na Dubs lena gcuid scóranna a aimsiú. Tá na Dubs róchliste dó sin, áfach. Mar a deir an seanfhocal ‘tuilleann foighid fortún’ agus bíonn na Dubs foighdeach. Coinníonn siad seilbh na liathróide go mbíonn spás nó bearna ann le scóranna a aimsiú.

Paráid

Beidh athmhacnamh le déanamh ag Tír Eoghain ar an stíl seo ach is é an rud is measa a d’fhéadfaidís a dhéanamh ná fail réidh le Mickey Harte. Tá sé i measc na mbainisteoirí is fearr a bhí ann riamh. Tá a fhoireann níos fearr na mar a bhí said Dé Domhnaigh agus foghlaimeoidh siad ón gcluiche seo. Níl aon amhras orm faoi sin.

Ar ábhar eile, gach rath ar Sheán Cavanagh a d’éirigh as théis an chluiche. Bhí sé ar dhuine de imreoirí a linne agus bhí an t-ómós a léirigh imreoirí Átha Cliath dó ag deireadh an chluiche tuillte go maith aige.

An Chéad Leath

In ainneoin gur aimsigh Seán Cavanagh céad scór an chluiche seo do Thír Eoghain bhí tús iontach ag Áth Cliath. Tar éis deich nóiméad bhí siad chun tosaigh ar scór 1-04 go dtí 0-02 a bhuíochas do chúl ó Con O’Callaghan, dhá chúilín ó Paddy Andrews agus cúilín an duine ó Dean Rock agus ó Chiarán Kilkenny. Shocaigh Tír Eoghain síos rúinne beag ina dhiaidh ach bhí an dochar déanta. Tar éis 17 nóiméad bhí ceithre chúilín eatarthu. Chríochnaigh na Dubs an leath láidir agus d’éirigh leo ceithre chúilín eile a aimsiú agus níor aimsigh Tír Eoghain ach ceann amháin. D’aimsigh O’Callaghan péire eile, Rock ceann amhain agus bhí scór iontach ann ó Brian Fenton. Scór leathama: Áth Cliath 1-09 Tír Eoghain 0-05.

An Dara Leath

Ní raibh an dara leath mórán níos fearr do Thír Eoghain. In ainneoin gur aimsigh siad cúig cinn den chéad naoi scór eile bhrúigh na Dubs ar aghaidh, ina dhiaidh sin, agus chríochnaigh siad an cluiche go han-láidir le 1-04. Ba é Eoghan O’Gara a fuair an cúl do na Dubs agus d’fhéadfadh péire eile a bheith aimsithe acu. Bhuail Kevin McManamon an trasnán agus chuir Jack McCaffrey, a raibh an-chluiche aige, seans eile ar fóraoil. D’éirigh le Paul Flynn, a tháinig isteach in áit Niall Scully, trí chúilín a aimsiú.

Blue Panther

De bharr go raibh bearna mhór idir na foirne ní raibh an t-atmaisféar ró-iontach go dtí nóiméid dheireanacha an chluiche. Tharla trí eachtra mhóra le linn an ama sin a thug ardú mór meanman do lucht an Chnoic ach go háirithe!! Ba é an chéad eachtra a tharraing aird an tslua ná nuair a tháinig Eric Lowndes isteach sa 65ú nóiméad do Paul Mannion. Cheap formhór mór an tslua go raibh Diarmó sin againne ar ais. Nuair a tháinig sé chun solais, ón scáileán mór, go raibh Connolly fós ar an mbinse tháinig tost sách sciobthaí ar an slua! Ardaíodh an fhuaim i bPáirc an Chrócaigh arís, mar sin féin, nuair a cuireadh Connolly isteach ceithre nóiméad ina dhiaidh sin. Tá sé iontach é a fheiceáil ar ais. Chaill an slua smacht iomlán orthu féin nóiméad ina dhiaidh sin nuair a shábháil Stephen Cluxton cic éirice ó chos Peter Harte sa 69ú nóiméad. An scór deiridh: Áth Cliath 2-17 Tír Eoghain 0-11.

Amach Anseo

Céard is féidir a rá faoi fhoireann iontach seo na Dubs agus an cúigiú cluiche ceannais Éireann bainte amach ó 2011 i leith. Níor éirigh leo aon chluiche ceannais a bhaint amach idir 1995 agus 2011. Is am iontach é seo le bheith ag tacú leis na Dubs. Bainimis taitneamh as na laethanta seo. Ní mhairfidh siad go deo.

Cnoc

Tá painéal iomlán Jim Gavin ar fáil do chluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Mhaigh Eo, ar 17 Meán Fómhair. Beidh siad uilig ag teastáil uainn má tá muid chun an beart a dhéanamh. Níl aon amhras faoi ach go mbeidh Maigh Eo réidh agus go bhfuil cath crua amach romhainn – díreach mar a bhí anuraidh. Tá sé dochreidte nár imir Michael Darragh Macauley, Bernard Brogan ná Cormac Costello, i measc daoine eile, Dé Domhnaigh seo caite.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Áth Cliath: S Cluxton, J Cooper, C O’Sullivan, M Fitzsimons, J Small, P McMahon, J McCaffrey, B Fenton, J McCarthy, N Scully, C O’Callaghan, C Kilkenny, P Mannion, P Andrews, D Rock.

Ionadaithe: P Flynn do N Scully, K McManamon do P Andrews, D Daly do J Small, E O’Gara do S Rock, E Lowndes do P Mannion, D Connolly do C O’Callaghan

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s