Cé a thiocfas i gComharbacht ar Ger Cunningham?

Cé a thiocfas i gcomharbacht ar Ger Cunningham? Ceist mhór í seo atá ar bharr a ngob ag lucht iomána Bhaile Átha Cliath ó d’éirigh Cunningham as, i lár mhí Iúil na bliana seo. Bhí roinnt mhaith den tuairim go mbeadh suim ag Davy Fitzgerald sa bpost ach ghlac Davy le síneadh ama an tseachtain seo caite leis na Carmannaigh. Tá an-chur is cúiteamh ann maidir le cé a bheidh mar chéad bhainisteoir eile. Caithfear súil anseo ar na boic mhóra a bheidh san iomaíocht don phost.

Beidh painéal óg láidir ag pé duine a gheobhas an jab. Dá mbeadh an bainisteoir nua in ann cúigear nó seisear de na leaids a d’fhág an painéal le cúpla bliain anuas a mhealladh ar ais, bheadh deis mhaith aige dul chun cinn láithreach a dhéanamh. Is post tarraingteach é dá bharr sin agus níl aon amhras ach go léireofar go leor suime sa bpost.

MK agus AC

Mattie Kenny

D’imir Mattie Kenny le Gaillimh idir 1988 agus 1992. Bhí sé mar roghnóir le Gaillimh idir 2012 agus 2013 le linn réimeas Anthony Cunningham agus d’éirigh leo cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach i 2012. Chaith sé roinnt mhaith blianta le foireann bainistíochta f21 na Gaillimhe roimhe sin. Bhuaigh sé Craobh na hÉireann le Cuala anuraidh – an chéad uair do fhoireann as Baile Átha Cliath Corn Tommy Moore a bhuachan.

Tá sé raite go hoscailte ag Kenny go mbeadh an-suim aige a bheith ina bhainisteoir ar Ghaillimh, rud a thugann le fios go mbeadh an t-am aige a bheith ina bhainisteoir ar fhoireann idirchontae. D’fhéadfadh sé oirbiú le hAnthony Cunningham an athuair, leis na Dubs an iarraidh seo, nó d’fhéadfadh sé Joe Fortune agus Shay Boland a tharraingt isteach ar an bhfoireann bainistíochta le gabháil ag obair leis. Níl aon amhras ach go bhfuil cur amach aige ar chúrsaí iomána i mBaile Átha Cliath ón am atá caite aige le Cuala. Is cinnte go mbeadh sé in ann leithéidí Mark agus Paul Schutte a mhealladh ar ais chuig an bpainéal, ach go háirithe.

Anthony Daly

Bhuaigh Dalo dhá Chraobh Éireann mar chaptaen ar an gClár sna blianta 1995 agus 1997. Tar éis dó éirí as mar imreoir ceapadh ina bhainisteoir ar an gClár é sa mbliain 2003. D’éirigh sé as sa mbliain 2006. Níor éirigh leis aon mhóréacht a dhéanamh le linn na tréimhse sin. Ceapadh ina bhainisteoir ar na Dubs é sa mbliain 2008 agus rinne sé dul chun cinn iontach leo. Bhuaigh siad an tSraith Náisiúnta sa mbliain 2011 agus bhuaigh siad Craobh Laighean sa mbliain 2013.

Anthony Daly

Tá an-tuiscint ag Daly ar iomáint Bhaile Átha Cliath agus níl aon amhras ach go bhféadfadh sé na himreoirí a d’fhág an painéal a mhealladh ar ais agus a shníomh isteach sa bapinéal. Bhí gaol iontach ag Daly lena chuid imreoirí agus é ina bhainisteoir ar na Dubs. Is cinnte go gcuirfí fáilte ar ais roimhe. D’éirigh sé as a ról mar stiúrthóir ar fhoirne faoi aois Luimnigh le gairid, rud atá tar éis go leor cainte a chruthú i measc lucht leanta na Dubs.

Pat Gilroy

Ní fios go fóill an bhfuil aon bhunús leis an gcaint aisteach maidir le Pat Gilroy agus post mór iomána na Dubs. Mar sin féin, rogha shuimiúil a d’fhéadfadh a bheith ann. Dar ndóigh, ba é Gilroy a bhí mar bhainisteoir nuair a chuir na peileadóirí deireadh lena ngorta idir 1995-2001. Is iomaí duine a deir nach bhfaigheann sé an t-aitheantas cuí as deireadh a chur leis an ngorta sin. Fear mór eagrúcháin é agus níl aon amhras faoi ach go mbeadh sé in ann imreoirí a thabhairt leis. Tá ardmheas ar Gilroy agus tá caint ann, bíodh sé fíor nó bréagach, gur labhair an Bord Contae leis faoi phost na hiomána, théis do Dalo éirí as sa mbliain 2014.

Gilroy

Thosaigh an chaint seo ar Gilroy agus an post mór nuair a stop Boylesports ag glacadh le geallta air don phost an mhí seo caite. De réir scéalta áirithe ar na meáin shóisialta, bheadh sé i gceist aige leitheidí Conal Keaney a bheith in éineacht leis. Ní fios an bhfuil aon fhírinne leis an scéal seo ach scéal suimiúil é, mar sin féin.

Anthony Cunningham

D’imir Anthony Cunningham le hiománaithe na Gaillimhe idir 1984 agus 1993. Bhí sé ina bhainisteoir ar pheileadóirí Garrycastle, a chuaigh a fhad le cluiche ceannais peile na hÉireann sa mbliain 2011/12. Ghlac sé le post le foireann shinsearach na Gaillimhe díreach ina dhiaidh sin agus d’éirigh leis cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach le lucht na Treibhe faoi dhó i 2012 agus i 2015 . Bhí drochdheireadh lena ré le Gaillimh nuair a tháinig na himreoirí amach ina choinne.

Dhéanfadh Cunningham jab maith leis na Dubs agus seans maith go mbeadh sé ag iarraidh ar Mattie Kenny a bheith leis. Mar sin féin, de bharr na ndeacrachtaí a bhí aige le himreoirí na Gaillimhe agus na deacrachtaí a bhí ag roinnt ar phainéal Átha Cliath le Ger Cunningham le cúpla bliain anuas b’fhéidir gurbh fhearr duine eile a cheapadh.

Joe Fortune

Joe-F

Bheadh an-aithne ag Joe Fortune ar fhoireann óg Átha Cliath. Bhí baint mhór aige le forbairt cuid mhaith de na himreoirí mar iarbhainisteoir ar fhoirne mionúir is f21 na Dubs. As Loch Garman dó ach tá an-chur amach aige ar iomáint Bhaile Átha Cliath.

Daoine Eile

I measc na ndaoine eile atá á lua le post Átha Cliath tá Derek McGrath, Dónal Óg Cusack, Henry Shefflin, Eddie Brennan agus Shay Boland.

Mo Rogha Féin

Ba bhreá liom féin Mattie Kenny a fheiceáil mar chéad bhainisteoir eile ar na Dubs agus Joe Fortune is Shay Boland mar roghnóirí aige. Beidh le feiceáil…

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s