Áth Cliath nó Maigh Eo?

Cluiche Ceannais Peile na hÉireann, Dé Domhnaigh, 17 Meán Fómhair, Páirc an Chrócaigh

Cath crua fíochmhar atá amach romhain Dé Domhnaigh, nuair a thabharfas na Dubs aghaidh ar Mhaigh i gcluiche ceannais peile na hÉireann don tríú huair ó 2013 i leith. Is iad seo an dá fhoireann is fearr sa tír ó 2012 – cé go bhfuil go leor i gCiarraí nach n-aontódh liom. D’imir na foirne in aghaidh a chéile sé huaire ó 2012 i leith. Tá 3 cinn buaite ag na Dubs, ceann amháin buaite ag Maigh Eo agus chríochnaigh péire acu ar comhscór.

bacme-2

Nuair a bhuaigh Maigh Eo ar na Dubs i 2012 ní raibh trí chúilín, nó cic liathróide, idir na foirne. Nuair a bhuaigh na Dubs i 2013 ní raibh ach cúilín amháin eatarthu – cic liathróide. Bhuaigh na Dubs i 2016 ar sheacht gcúilín san athimirt agus anuraidh bhuaigh na Dubs ar chúilín amháin – cic liathróide – san athimirt. Níl raibh ach oiread na fríde idir na foirne sna cluichí sin. Iad siúd a deir go mbeidh bua éasca ag na Dubs sa gcluiche seo, tá siad as a meabhair. Ní bhíonn ach preab laithróide idir na foirne iontacha seo.

Maigh Eo

Má imríonn foireann Stephen Rochford chomh maith is atá siad in ann beidh seans maith ag Maigh Eo deireadh a chur lena ngorta. Bhuaigh Stephen Rochford Craobh na hÉireann le Cora Finne. Bhuaigh Tony McEntee péire le Crois Mhic Lionnáin. Tuigeann siad cén chaoi buachaint. Bhí naoi gcluiche acu go dtí seo. Imríodh am breise i bpéire acu. Buntáiste é seo atá ag Maigh Eo ar na Dubs agus cinnteoidh sé go bhfuil siad réidh don chath. Ní bheidh aon easpa díocais iontu. Tagann siad ar ais bliain i ndiaidh bliana. Gaiscígh atá iontu. Mar atá feicthe againn i mbliana cheana beidh siad réidh in am an ghátair. Tá siad feabhsaithe go mór ó bhí anuraidh ann. Ní bheidh aon fhaitíos orthu roimh na Dubs.

Áth Cliath

DiarmuidConnolly

Tá na Dubs féin ag imirt iontach go dtí seo ach is é an rud is mó atá ag gabháil ina n-éadan nár tugadh cluiche dian dóibh fós. Dá bharr sin, tá sé fíordheacair a dhéanamh amach cé chomh maith is atá siad. De réir gach cosúlachta tá Jim Gavin is a chuid imreoirí dírithe go hiomlán ar thaispeántas maith a thabhairt. Má tá siad chun an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Eo Dé Domhnaigh beidh siad ag brath ar leithéidí Stephen Cluxton, Philly McMahon, Jonny Cooper, Brian Fenton , James McCarthy, Ciarán Kilkenny is ar Dean Rock an-chluiche a bheith acu. Beidh siad ag súil le taispeántais mhaithe ó Con O’Callaghan agus ó Paul Mannion, freisin. Beidh siad an-láidir arís ón mbinse agus d’fhéadfadh tionchar mór a bheith aige seo ar an gcluiche. Tá ionadaithe níos fearr acu ná mar atá ag Maigh Eo. Rogha iontach é Diarmuid Connolly do Jim Gavin ar an mbinse.

Cé a Bhuafas?

Tá Maigh Eo réitithe níos rearr don chluiche seo de bharr na gcathanna crua a bhí acu in aghaidh Dhoire, Chorcaí, Ros Comain is Chiarraí. Tá deireadh ag teacht leis an bhfoireann iontach seo atá ag Maigh Eo agus beidh siad dírithe go hiomlán ar an mbeart a dhéanamh. Ina ainneoin sin, tá mé ag gabháil le mo chroí mór gorm agus tá mé den tuairim go mbuafaidh na Dubs, ach gan eatarthu ach cic liathróide.

Na Foirne

Áth Cliath

  1. Stephen Cluxton
  2. Philly McMahon
  3. Cian O’Sullivan
  4. Michael Fitzsimons
  5. Jonny Cooper
  6. John Small
  7. Jack McCaffrey
  8. Brian Fenton
  9. James McCarthy
  10. Ciarán Kilkenny
  11. Con O’Callaghan
  12. Niall Scully
  13. Paul Mannion
  14. Paddy Andrews
  15. Dean Rock

Maigh Eo

  1. David Clarke
  2. Brendan Harrison
  3. Donal Vaughan
  4. Keith Higgins
  5. Lee Keegan
  6. Chris Barrett
  7. Colm Boyle
  8. Seamus O’Shea
  9. Tom Parsons
  10. Kevin McLoughlin
  11. Aidan O’Shea
  12. Diarmuid O’Connor
  13. Jason Doherty
  14. Cillian O’Connor
  15. Andy Moran
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s