Ainmniúcháin Ghradaim na Sárimreoirí Fógartha

Fógraíodh na hainmniúcháin do Ghradaim na Sárimreoirí de chuid CLG/GPA inné, 21 Meán Fómhair. I measc an 45 a ainmníodh ar an ngearrliosta tá 13 as Áth Cliath, 12 as Maigh Eo, 6 as Tír Eoghain, 5 as Ciarraí, beirt as Ros Comáin, Cill Dara agus an Dún chomh maith le duine amháin as Muineachán, Dún na nGall agus as Ard Mhacha. Is ar an Aoine, 3 Samhain a bhronnfar na gradaim.

cwcug17xcaacrb1
Pictiúr ó Seb Daly, Sportsfile

 

Ba iad Stephen Cluxton, Jack McCaffrey, Cian O’Sullivan, Michael Fitzsimons, Philly McMahon, John Small, Jonny Cooper, James McCarthy, Brian Fenton, Ciarán Kilkenny, Con O’Callaghn, Paul Mannion agus Dean Rock a ainmníodh do na Dubs.

Is deas an rud é ceann de na gradaim seo a fháil agus is aitheantas é a thugtar do na himreoirí is fearr. Níl aon cheist faoi sin. Mar sin féin, níl an bealach a roghnaítear na himreoirí seo gan locht. Feictear dhom go mbaineann na gradaim seo le taispeántais imreoirí ó mhí Lúnasa ar aghaidh den chuid is mó agus nach leagtar mórán suntais de na taispeántais a thugann na himreoirí sa tSraith agus i mbabhtaí tosaithe na craoibhe. Is féidir tuilleadh a léamh faoi mo chuid tuairimí i leith na ngradam seo anseo: https://nadubsabu.com/2016/11/10/gradaim-na-sarimreoiri-aitheantas-dheireadh-an-tsamhraidh-no-aitheantas-ar-an-mbliain-uilig/

Imreoir na Bliana agus Imreoir Óg na Bliana

Ceathrar ar fad atá ainmnithe do ghradam Imreoir na Bliana i mbliana –Stephen Cluxton, David Clarke, James McCarthy agus Andy Moran. Dá mbeadh mo rogha féin agam is é Cluxton a roghnóinn. Níl aon imreoir eile i stair Chumann Lúthchleas Gael a raibh tionchar chomh mór sin aige ar an gcluiche. D’imir sé iontach i mbliana agus is cinnte nach mbeadh Craobh an hÉireann buaite ag na Dubs gan é. Is iad na himreoirí féin a chaitheann vóta don ghradam seo agus is cinnte go mbeidh cinneadh deacair le déanamh acu. Bhí an-bhliain ag Andy Moran do Mhaigh Eo, chomh maith.

Con O Callaghan

Is iad Con O’Callaghan sin againne, Sean Powter as Corcaigh agus Michael Day as Gaillimh atá ainmnithe le haghaidh Imreoir Óg na Bliana. Ba cheart go mbeadh sé seo ag O’Callaghan. Bhuaigh sé trí bhonn uile Éireann i mbliana – ceann le hiománaithe Chuala, ceann le peileadóirí f21 Átha Cliath agus ceann le foireann shinsearach Átha Cliath. Bhí sé an-lárnach sna buanna seo.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s