15-17 Sam BÁC

Cluiche Ceannais Peile na hÉireann, Páirc an Chrócaigh,

17 Meán Fómhair, 2017

Jonny Cooper

A leithéid de bhliain…a leithéid de fhoireann. Tá Corn Sam Maguire buaite ag na Dubs don tríú bliain i ndiaidh a chéile agus tá áit bhuan bainte amach ag an bhfoireann iontach seo i stair Chumann Lúthchleas Gael. Ta caint fós ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann idir 1964 agus 1966. Ta caint fós ar fhoireann iontach Chiarraí a d’imir sna seachtóidí agus sna hochtóidí agus beidh caint orthu go deo. Beidh caint ar fhoireann seo Átha Cliath go deo, anois, freisin. Is iontach an rud é, mar Dub, a bheith beo le linn réimeas seo Átha Cliath.

Beidh an-díomá is aiféala ar mhuintir Mhaigh Eo. Níl aon cheist faoi sin. Ba cheart go mbeadh siad níos faide chun tosaigh ag leatham agus bhí seansanna acu brú ar aghaidh théis chúl Lee Keegan leis an gcluiche a bhuachan. Beidh an-díomá ar Dhónal Vaughan ach go háirithe. Ba cheart dó smacht a choinneáil air féin. Mar sin féin, tá Maigh Eo théis a chruthú arís eile nach bhfuil ach cic liathróide idir iad féin agus foireann iontach seo na Dubs. Beidh siad ar ais arís an bhliain seo chugainn.

Cnoc

D’oibrigh na Dubs go han-chrua leis an mbua seo a bhaint amach. Don chéad uair, i gcraobhchomórtas na bliana seo, cuireadh brú mór ar fhoireann Jim Gavin agus ag amantaí éagsúla le linn an chluiche bhí an chuma ar an scéal go mbeadh Sam ag gabháil siar go Maigh Eo. D’oibrigh na Dubs uafásach crua, áfach. D’éirigh leo fanacht i ngaireacht cúilín amháin de Mhaigh Eo ag leatham in ainneoin go raibh an lámh in uachtar ag muintir an iarthair ar an gcluiche. Tá an-spiorad ag foireann seo na Dubs agus is é an spiorad sin a thuill an bua seo dóibh.

Na Dubs

Gortaíodh Jack McCaffrey agus bhí air an pháirc a fhágáil san 8ú nóiméad. Chuir sé sin isteach go mór ar phleananna na Dubs. Ní raibh an rithim agus an luas céanna le feiceáil ina gcuid imeartha agus iad ag brú chun tosaigh, ina dhiaidh sin.

Daragh

Rinne Jim Gavin cúpla athrú ag leatham a d’athraigh an cluiche i bhfabhar na Dubs. Tháinig Kevin McManamon is Diarmuid Connolly isteach in áit Paddy Andrews is Eoghan O’Gara agus chuaigh siad i bhfeidhm ar an gcluiche láithreach. Bhí siad réidh don dúshlán a bhí amach rompu. Cé a mharcálfadh Connolly? Bhí Keegan gafa le Ciarán Kilkenny.

Níor imir Áth Cliath chomh maith is a d’imir siad sna cluichí eile i mbliana, ach, bhí baint mhór ag Lee Keegan is ag imreoirí Mhaigh Eo leis sin. Níor lig siad do na Dubs imirt. Sheas an trí chomhscór a bhí ag na Dubs sa tSraith i mbliana dóibh, áfach, agus d’éirigh leo an bua a fháil de bharr a gcuid díocais agus an taithí atá acu ar chluichí deacra mar seo a bhuachaint. Bua cúilín amháin a bhí ag na Dubs – an ceathrú bua ar chúilín amháin a bhí acu i gcluichí ceannais na hÉireann ó 2011 i leith.

Paschal

An Chéad Leath

Bhí tús spleodrach ag na Dubs leis an gcluiche seo agus tar éis nóiméid bhí siad imithe cúl chun tosaigh a bhuíochas do scór gleoite ó Chon O’Callaghan. Bhí go leor de lucht an Chnoic ag ceapadh go mbeadh lá compordach ag na Dubs ina dhiaidh sin. Tháinig Maigh Eo ar ais le cúig cinn den sé scór eile, áfach, rud a d’fhág 0-05 go dtí 1-01 chun tosaigh iad théis 19 nóiméad. Ba iad Andy Moran (0-02), Dónal Vaughan (0-01), Kevin McLoughlin (0-01) agus Cillian O’Connor (0-01) a fuair na scóranna sin do fhir an iarthair.

Bhabhtáil siad scóranna idir sin agus leatham agus chuaigh Maigh Eo isteach cúilín amháin chun tosaigh ag an mbiseadh. Moran, Jason Doherty agus Colm Boyle a fuair na scóranna eile do Mhaigh Eo. O’Callaghan, Eoghan O’ Gara, Dean Rock agus John Small a fuair scóranna na Dubs. Scór leathama: Maigh Eo 0-09 Áth Cliath 1-05.

An Dara Leath

Bhí na Dubs iontach ag tús an dara leath agus d’éirigh leo sé cinn den chéad naoi scór eile a aimsiú. D’aimsigh Paul Mannion péire acu agus d’aimsigh Rock, McManamon, Brian Fenton agus James McCarthy ceann an duine. D’aimsigh Cillian O’Connor 0-03 do Mhaigh Eo.

Ba le linn an ama sin a tharla eachtra chinniúnach an chluiche. Bronnadh an dara cárta buí ar John Small agus cuireadh den pháirc é. Bhí Vaughan ar buille faoin gcalaois a rinne Small, áfach, agus leag sé Small. Ní raibh aon rogha ag an réiteoir ach é a chur den pháirc. Tá go leor den tuairim go mbeadh an bua ag Maigh Eo murach sin.

Paráid

Sa 53ú nóiméad d’aimsigh Lee Keegan cúl iontach do Mhaigh Eo agus bhí an lámh in uachtar acu an athuair. Chuir siad roinnt seansanna ar fóraoil ina dhiaidh sin, áfach, agus d’éirigh leis na Dubs sé cinn den chéad deich scór eile a aimsiú. D’fhág sé sin na Dubs chun tosaigh ar chúilín amháin ag deireadh an chluiche. Bhí Craobh na hÉireann buaite ag foireann Jim Gavin don tríú huair i ndiaidh a chéile. Scór deiridh: Áth Cliath 1-17 Maigh Eo 1-16.

Amach Anseo

Is am iontach é seo le bheith ag leanacht pheileadóirí Átha Cliath. In ainneoin an diúltachais, atá le brath ó dhaoine áirithe sna meáin maidir le réimeas seo na Dubs, ní mhairfidh na laethanta iontacha seo go deo. Bainimis taitneamh astu. Tá muid sách fada ag fanacht orthu!

Eddie

2018

Tá leithéidí Stephen Cluxton, Bernard Brogan, Diarmuid Connolly, Denis Bastick, Kevin McManamon, Paul Flynn, Michael Darragh Macauley agus Darren Daly ar an taobh mícheart de 30, faraor. Seans go mbeidh cinneadh mór le tógáil ag cuid acu. Ta súil agam go bhfanann siad thart píosa eile. Beidh le feiceáil…

15-17 Sam BÁC – Na Dubs abú!

Sam

Áth Cliath: S Cluxton, J Cooper, P McMahon, M Fitzsimons, J Small (0-01), C O’Sullivan, J McCaffrey, B Fenton (0-01), J McCarthy (0-02), C Kilkenny, D Rock (0-07), C O’Callaghan (1-00), P Andrews, E O’Gara (0-01), P Mannion (0-03)

Ionadaithe: P Flynn do J McCaffrey, D Connolly (0-01) do P Andrews, K McManamon (0-01) do E O’Gara, B Brogan do P Flynn, N Scully do C O’Callaghan, C Costello do P Mannion

Advertisements

3 thoughts on “15-17 Sam BÁC

  1. Maith thú – alt iontach arís eile. Jab iontach déanta agat le linn na bliana leis an bhlag – coinnigh ort leis an obair! Foireann iontach ag na Dubs arís i mbliana agus an 3ú Craobh as a chéile tuillte go maith. Bain sult as na laetha órga seo – bhí sibh ag fanacht píosa orthu. Ta súil agam go mbeidh muid féin ar ais agus an lámh (dhearg) in uachtar againn féin arís. Beir bua!

    Moladh

  2. Ráite go maith agat arís Jamie! Tá muid ag fanacht sách fada don tréimhse seo agus bainimis mór sult as. Tá cuma ar an scéal anois go mbeidh sé deacair mná BÁC a cloí tar éis an bua chuimsitheach a bhí acu ar an Domhnach. #COYBIB #COYGIB

    Molta ag 1 person

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s