Pat Gilroy Ceaptha ina Bhainisteoir ar Iománaithe na Dubs

Fógraíodh maidin Dé Céadaoin seo caite gurbh é Pat Gilroy a bheadh mar bhainisteoir nua ar iománaithe na Dubs. Conradh trí bliana a tugadh dó. In ainneoin nach bhfuil mórán taithí ag Gilroy ar fhoirne iománaíochta a bhainistiú tá ardmheas air i measc mhuintir na príomhchathrach. Tá formhór mór lucht leanta na n-iománaithe ar bís faoina cheapachán agus iad ag súil go gcuirfear leis an dul chun a rinneadh le linn réimeas Anthony Daly.

Pat Gilroy

Bhuaigh Pat Craobh Peile na hÉireann mar imreoir i 1995 agus arís eile mar bhainitseoir i 2011 nuair a chuir na peileadóirí deireadh leis an ngorta 1995-2011. Fear mór struchtúr agus córas é agus níl aon amhras ann agus go gcuirfidh sé dianphlean traenála i bhfeidhm a thabharfas a chuid imreoirí go dtí an chéad chéim eile. 

Laoch mór is ea Pat de chuid na Dubs agus níl aon amhras ach go dtiocfaidh méadú mór ar lucht leanta na n-iománaithe le linn a thréimhse bainistíochta. Ní fios go fóill cé a bheidh aige mar roghnóirí ach tá go leor den tuairim go mbeidh Anthony Cunningham, iarbhainisteoir na Gaillimhe, agus leithéidí Conal Keany leis. Fógrófar a fhoireann bainistíochta go luath.

Go n-éirí go geal le Pat. Na Dubs abú!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s