Cluichí Sraithe is Craoibhe 2018 Fógartha

Tá cluichí Sraithe is Craoibhe na Dubs do 2018 fógartha. Cuirfidh foireann Jim Gavin tús leis an dúshlán mór atá rompu amach, Corn Sam Maguire a choinneáil cois Life, le cluiche in aghaidh na mbuaiteoirí idir Uíbh Fhailí agus Cill Mhantáin. Tá chuile sheans ann go mbeidh turas bóthair ag na Dubs don chluiche sin. San iomáint cuirfidh Pat Gilroy is a fhoireann tús leis an gCraobh le cluiche baile in aghaidh Chill Chainnigh.

Blue Panther

Dar ndóigh, tá leagan amach nua ag an dá chraobhchomórtas i mbliana rud a chiallaíonn go mbeidh ar a laghad 4 chluiche ag na hiománaithe – in aghaidh Chill Chainnigh, Loch Garman, Uíbh Fhailí is na Gaillimhe. Má éiríonn leis na peileadóirí greim a choinneáil ar Chorn Uí Dhúshláine gabhfaidh siad ar aghaidh chuig na ‘Super 8s’, mar a thugann lucht na meán orthu. Bheadh ar a laghad cluiche amháin de na ‘Super 8s’ le himirt i bPáirc an Chrócaigh agus bheadh ceann le himirt taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

i-2

Maidir leis an tSraith peile, imreoidh na Dubs 4 cluiche i bPáirc an Chrócaigh agus 3 chluiche taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Is iad Cill Dara (27 Eanáir), Dún na nGall (10 Feabhra), Ciarraí (3 Márta) agus Muineachán (25 Márta) a bheidh mar chéilí comhraic ag na Dubs do na cluichí sin i bPáirc an Chrócaigh. Tabharfaidh siad aghaidh ar Thír Eoghain (3 Feabhra), ar Mhaigh Eo (24 Feabhra) is ar Ghaillimh (18 Márta) do na cluichí taobh amuigh den phríomhchathair.

Muin v BÁC

Tá caint ann go n-imreoidh na hiománaithe a gcéad chluiche sraithe in aghaidh Uíbh Fhailí roimh na peileadóirí i bPáirc an Chrócaigh ar 27ú Eanáir. Thabharfadh sé seo seans iontach do lucht leanta na Dubs fáilte cheart a chur roimh Pat Gilroy. Imreoidh siad in aghaidh churaidh na hÉireann, Gaillimh, i bPáirc Pharnell ar 25 Feabhra agus beidh turais rompu go hAontroim (4 Feabhra), go Luimneach (17 Feabhra) agus go Laois (4 Márta) sna cluichí eile.

Níor fógraíodh cluichí Chorn an Bhreathnaigh is Chorn Uí Bhroin go fóill ach níl i bhfad eile le gabháil! Ar aghaidh linn na Dubs abú!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s