Na Dubs ag na Gadhair

Beidh seans ag lucht leanta fhoireann peile na Dubs castáil lena gcuid laochra anocht, 27 Deireadh Fómhair, agus ceiliúradh a dhéanamh leo ar a gcuid gaiscí. Is ag na gadhair i bPáirc Shelbourne a bheidh siad agus Coirn Sam Maguire is Uí Dhúshláine in éineacht leo. Deis iontach é seo do Dubs óga pictiúirí a fháil le Jim Gavin is lena fhoireann.

Is ar a sé a bheidh na doirse ag oscailt agus beidh an chéad rása ar siúl ar 7.40. €10 atá ar na ticéid do dhaoine fásta agus €5 atá ar na ticéid do ghasúir. Is féidir béile agus cead isteach do cheathrar a fháil ar €100. Is chun sochair shaoire na n-imreoirí a ghabhfas chuile bhrabach a dhéantar ar an oíche. An-trathnóna siamsaíochta a bheidh ann.

Tá an oíche seo á eagrú ag Friends of Dublin Football. Na Dubs abú!

Dubs at the dogs

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s