Bíodh an Diabhal ag Lucht an Fhormaid

Níl ach sé seachtaine imithe ó bhuaigh peileadóirí Átha Cliath Craobh na hÉireann don tríú huair i ndiaidh a chéile. Éacht ollmhór a bhí anseo. Ní dhearnadh a leithéid ach trí huaire eile ó thús na seascaidí – Gaillimh idir 1964-66, Ciarraí idir 78-81 agus Ciarraí arís eile idir 84-86. Léiríodh ómós do na foirne iontacha sin as ucht a gcuid gaiscíoch agus b’in mar ba cheart. Cúis mhór díomá, áfach, nach bhfuil an t-ómós céanna á léiriú ag roinnt mhaith sna meáin chumarsáide ar mhóréacht fhoireann seo na Dubs. Tá lucht an cháinte amuigh ó shin i leith agus go leor alt diúltach scríofa faoi fhoireann Jim Gavin.

Eddie

Ba cheart Áth Cliath a scoilt ina cheithre chuid. Ní bhuafadh na Dubs tada gan an t-airgead a fhaigheann siad. Níl Jim Gavin in ann ceiliúradh. Foireann chiniciúil iad na Dubs. Imríonn siad chuile chluiche sa mbaile. Thug Dublin Joe cúnamh do na Dubs. Tá daonra rómhór ag na Dubs. Ní bheidh aoinne in ann an bua a fháil ar na Dubs arís go deo de bharr na n-acmhainní atá acu srl…Seo cuid den chaint atá le cloisteáil ar na meáin chraolta is chlóite ó bhuaigh na Dubs Craobh na hÉireann don tríú huair i ndiaidh a chéile sé seachtaine, nó mar sin, ó shin.

Cheapfá go mbeadh sé éasca gan aon aird a thabhairt ar a leithéid seo de chaint, agus Sam Maguire ina luí cois Life ar feadh bliana eile, ach níl. Tá an treibheachas go smior i lucht Chumann Lúthchleas Gael agus caithfidh mise mo threibh féin a chosaint anseo!

Páirc an Chrócaigh – Baile na Dubs?

Más baile í Pairc an Chrócaigh do na Dubs is teach oscailte í! D’imir na Dubs 5 chluiche craoibhe ann i mbliana – an méid céanna is a d’imir Maigh Eo ann. D’imir Ciarraí faoi thrí ann sa gCraobh agus uair amháin ann sa tSraith i mbliana.

Gracious Gavin
Jim Gavin ag déanamh comhbhróin le Lee Keegan

Is ag Maigh Eo a bhí formhór mór na dticéad ag cluiche ceannais na hÉireann i mbliana – agus don dara bliain i ndiaidh a chéile in aghaidh na Dubs. Foireann baile a deirtear linn? Ní dhéanann na Dubs aon traenáil i bPáirc an Chrócaigh le linn na Sraithe ná sa gCraobh ach an oiread. A leithéid de bhaile!

Imríonn na Dubs a gcuid cluichí baile sa tSraith Náisiúnta i bPáirc an Chrócaigh, ach téann sciar mór den airgead a thógtar ag na geataí chuig CLG agus roinntear ar chontaetha is ar chlubanna eile fud fad na tíre é. Ní bhíonn ach idir 20-40,000 ag na cluichí sraithe seo agus cuid mhaith den am ní bhíonn aon atmaisféar ann de bharr an staid a bheith leathfholamh. B’fhearr liomsa, agus le go leor Dubs eile, a bheith ag freastal ar na cluichí seo i bPáirc Pharnell agus an áit ag cur thar maoil le Dubs agus atmaisféar iontach ann.

Le roinnt blianta anuas cuireadh na Dubs ar an mbóthar do bhabhtaí tosaithe Chraobh Laighean. Níl aon ghearán ó na Dubs faoi seo. A mhalairt atá ann. Ba bhreá linn dá gcuirfí ar an mbóthar níos minicí muid.

Áth Cliath a Scoilt

Ar an Sunday Game, oíche chluiche ceannais na hÉireann, mhol Colm O’Rourke go scoiltfí Áth Cliath ina cheithre chuid ó thaobh na peile de agus tá sé ag casadh an phoirt chéanna ó shin i leith. Is ar mhaithe le himreoirí nach bhfaighidh seans imirt leis na Dubs riamh, as siocair an daonra a bheith rómhór, a bhí se á mholadh seo. Sin a deir sé linn ar chuma ar bith!

Dá mbeadh leas na n-imreoirí ag croílár na hargóna atá ag O’Rourke bheadh sé ag iarraidh go scoiltfí chuile chontae bunaithe ar dhaonra a chontae dhúchais féin – Liatroim! Más cothrom na Féinne atá uaidh ba cheart dó smaoineamh ar mhuintir Liatroma agus chuile chontae a scoilt bunaithe ar dhaonra an chontae sin le go mbeadh seans cothrom ag chuile dhuine.

1977
Alt san Evening Herald i 1977

Tá i bhfad níos mó daoine i gCorcaigh ná mar atá in aon chontae eile i gcúige Mumhan. Cén fáth nach bhfuil sé ag piocadh ar mhuintir Chorcaí, nó ar mhuintir na Gaillimhe i gConnachta nó ar mhuintir Aontroma i gcúige Uladh?

Ar an drochuair, tá sciar mór millteach de dhaonra Bhaile Átha Cliath nach n-imríonn na cluichí Gaelacha. Tá an sacar i réim i go leor áiteanna sa gcontae. Tá sé seo ag athrú de réir a chéile, mar sin féin, de bharr ré órga seo na Dubs. Nár cheart do lucht Chumann Lúthchleas Gael fáiltiú roimhe sin?

Ní raibh aon fhadhb ag Colm O’Rourke is a leithéid le cúrsaí daonra i mBaile Átha Cliath nuair a bhí an Mhí agus Cill Dara ag fáil an ceann is fearr ar na Dubs! Arbh fhearr le O’Rourke dá mbuafadh an Mhí Craobh na hÉireann agus gan deis acu an ceann is fearr a fháil ar na Dubs ar an mbealach? Tá barúil mhaith agam cén freagra a bheadh ag leithéidí Tommy Dowd, Mick Lyons, Graham Geraghty, imreoirí Mhaigh Eo, Thír Eoghain is Chiarraí ar an gceist áirithe sin!

Cuireadh na hargóintí céanna chun cinn sna seachtóidí théis do na Dubs trí Chraobh uile-Éireann a bhuachan taobh istigh de cheithre bliana. Dúradh linn go mbuafadh na Dubs chuile bhliain ina dhiaidh sin agus go raibh fadhb mhór le réiteach ag lucht stiúrtha Chumann Lúthchleas Gael. Foireann speisialta atá i bhfoireann seo na Dubs ach, ar an drochuair, ní mhairfidh na laethanta iontacha seo go deo.

 Cúrsaí Airgid

De réir tráchtairí áirithe tá níos mó airgid á chaitheamh ag Cumann Lúthchleas Gael ar Áth Cliath ná ar aon chontae eile le tamall de bhlianta anuas. Deirtear linn gurb é seo is cúis le cúig Chraobh uile-Éireann a bheith buaite ag na Dubs agus go gcinnteoidh sé a thuilleadh dhóibh. Níl sé seo féaráilte agus tá dul amú ar na tráchtairí áirithe sin má cheapann siad gurb é an t-airgead is cúis le rathúlacht na Dubs ó 2011 i leith.

Airgead na gContaetha
Íocaíochtaí CLG 2016??

An raibh aon bhaint ag airgead le tionchar Stephen Cluxton ar an gcluiche le tamall de bhlianta anuas? Shocraigh Ciarán Kilkenny fanacht in Éirinn seachas sodar i ndiaidh airgead an AFL. Bhí Diarmuid Connolly, Bernard Brogan agus Michael Darragh Macauley thart sula ndearnadh an infheistíocht mhór seo i bpeil is in iomáint Bhaile Átha Cliath. Cén bhaint a bhí ag airgead le scil is le díograis leithéidí Alan Brogan, Bryan Cullen is Ger Brennan? Nó Philly McMahon, James McCarthy nó Jack McCaffrey? Foireann speisialta aon uaire í foireann seo Átha Cliath. Bainimis sásamh astu agus tugaimis ómós dóibh. Ní bheidh a leithéidí thart go deo.

Socraíonn boird chontae eile airgead a chaitheamh ar staideanna móra nach líontar ach go fíorannamh. Chuir na Dubs an t-airgead a fuair siad i dtreo cóitseála i scoileanna agus i gclubanna. Céard tá cearr leis sin? Cén fáth a bhfuil Bord Contae Átha Cliath ag fáil níos mó deontas ná boird chontae eile? An bhfuil boird chontae eile ag cur isteach ar airgead breise? Níl a fhios agam an bhfuil! B’fhiú an cheist seo a fhiosrú.

Jim Gavin

D’imir Jim Gavin agus Pat Gilroy ar fhoireann iontach de chuid na Dubs sna nóchaidí. Bhuaigh siad Craobh uile-Éireann amháin i 1995 ach ba cheart go mbeadh níos mó buaite acu. Cuirtear go leor den mhilleán as gan a thuilleadh a bhuachaint ar an ‘hype’ a bhaineann le foirne Átha Cliath. Chuir Pat Gilroy is Jim Gavin deireadh leis an ‘hype’ agus ní bhíonn gíog ná míog as a gcuid foirne agus iad i mbun bainistíochta. Tá cúig Chraobh uile-Éireann buaite acu ó 2011 i leith. Caithfidh go bhfuil ag éirí go maith leis an gcur chuige seo!

Jim Gavin ag ceiliúradh bhua na Dubs ina chlub féin i gCluain Dolcáin

Ní thugann Jim Gavin ná a fhoireann ‘ceannlínte’ do lucht na meán agus ní maith le lucht na meán é sin. Ní chailleann Jim smacht air féin nuair a chailleann na Dubs agus ní chailleann sé smacht air féin nuair a bhuann siad. Amadán, agus leathamadán, a déarfadh gur chuma leis, mar sin féin. Ná ceapadh aoinne nach bhfuil Jim Gavin agus a fhoireann sásta faoi na gaiscígh atá déanta acu. Ní maith le go leor sna meáin an ‘próiseas’, ach, go maire an ‘próiseas’.

Tráchtairí agus Lucht Anailíse

Tagann roinnt mhaith de na tráchtairí peile atá againn trasna ar bhealach an-diúltach. Cheapfá nar thaitin an cluiche iontach atá againn le cuid acu. Bíonn siad i gcónaí ag díriú ar na rudaí diúltacha agus i gcónaí ag lorg lochtanna is fadhbanna. Puke Football a thugann siad uirthi. Deir siad linn nach dtiocfaidh deireadh le réimeas na Dubs go deo agus nach fiú do fhoirne eile a bheith ag imirt. Deir siad linn go bhfuil an iliomad cruachás sa gcluiche agus sa gcumann. Fadhbanna, fadhbanna agus a thuilleadh fadhbanna. Cruacháis. Deacrachtaí. Dochloíte. I mbaol. Cosantach. Santach. Easpa iomaíochta. Imirt chiniciúil. Peil ag fáil bháis. Sweeper. Millte. Scrios. Ní éireoidh leis an ‘mark’. Téarmaí agus focla diúltacha.

Athraíonn cluichí agus athraíonn an chaoi a n-imrítear cluichí. Tagann foirne is imíonn foirne. Le linn na seascaidí bhí Gaillimh is an Dún i réim. Ó 1974 agus 1886 níor bhuaigh ach trí fhoireann Craobh na hÉireann. Tá ceithre fhoireann théis Craobh na hÉireann a bhuachan ó 2010 i leith – Corcaigh, Áth Cliath, Dún na nGall is Ciarraí! Bhuaigh Ard Mhacha agus Tír Eoghain Corn Sam Maguire don chéad uair in 2002 agus i 2003. Níl sé sin i bhfad ó shin.

Boinn
Líon na mBonn

 

Tagann réimis is imíonn réimis. Ar an drochuair, ní mhairfidh na laethanta maithe seo ag na Dubs go deo. Tá Ciarraí théis Corn Tom Markham a bhuachaint ceithre bliana i ndiaidh a chéile. Níl aon fhadhb ag aoinne leis sin! Tiocfaidh foirne is imeoidh foirne. Sin mar a bhí i gcónaí agus sin mar a bheidh go deo. Bainimis taitneamh as foireann iontach seo na Dubs a fhad atá siad thart. Seans nach bhfeicfidh muid a leithéid arís.

Focal Scoir

Tá an-mheas agam ar fhoireann peile na Gaillimhe ó sna seascaidí is ar fhoireann Chiarraí na seachtóidí is na n-ochtóidí. Bhí foirne na Mí agus Chorcaí ag deireadh na n-ochtóidí iontach. Chuir na hUltaigh tús le ré nua sna nóchaidí agus d’éirigh leo Sam a thabhairt ó thuaidh ocht n-uaire idir 1991 agus 2008. Rinneadh ceiliúradh ar na foirne Ultacha sin agus tugadh an t-ómós cuí dhóibh as a gcuid éachtaí. Bhí foirne iontacha ag Ciarraí idir 1997 agus 2014 a bhuaigh 7 gcinn de Chraobhacha uile-Éireann agus bhí an-mheas orthu. Ní thugann roinnt tráchtairí an t-ómós is an t-aitheantas cuí do fhoireann iontach seo Átha Cliath, áfach, agus is mór an trua é sin.

Ní raibh na cluichí Gaelacha riamh chomh mór i mBaile Átha Cliath is atá anois. Bhí lán an tí i láthair ag cluiche ceannais Átha Cliath i bPáirc Pharnell Dé Luain seo caite. Is rud iontach é seo agus is ábhar bróid é do lucht Chumann Lúthchleas Gael sa bpríomhchathair. Tá súil againn go gcuirfear leis an bhfás seo sna blianta atá le teacht agus go mbeidh deis ag níos mó is níos mó ár gcluichí iontacha a imirt.

Bíodh an diabhal ag lucht an fhormaid. Jim Gavin is na Dubs abú. 15-17 Sam BÁC.

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s