Seacht nGradam Sárimreora ag na Dubs

D’éirigh le seachtar ó fhoireann Jim Gavin Gradaim Sárimreoirí a bhuachan Dé hAoine seo caite, 3 Samhain, ag ócaid bhronnta in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath. Aitheantas atá sna gradaim seo ar éachtaí na n-imreoirí is fearr sa tír ó thús go deireadh na bliana agus is mór an onóir do na himreoirí na gradaim seo a fháil. Is iad Michael Fitzsimons, Cian O’Sullivan, Jack McCaffrey, James McCarthy, Con O’Callaghan, Dean Rock agus Paul Mannion a fuair na gradaim do na Dubs. Ainmníodh Con O’Callaghan mar Imreoir Óg na Bliana agus ainmníodh Andy Moran mar Imreoir na Bliana. Comhghairdeas leo uilig.

ConOC

Stephen Cluxton

Ní théann bliain tharainn, áfach, nach mbíonn conspóid, plé agus díospóireacht maidir leis na gradaim seo agus b’in mar a bhí arís i mbliana. Bhí an-bhliain ag Stephen Cluxton arís. Is cinnte nach mbeadh cúig Craobh uile-Éireann ag na Dubs ó 2011 i leith gan é. Is é an t-imreoir is tábhachtaí atá acu. Is é a chuireann tús le chuile ionsaí a dhéanann Áth Cliath ar an bpáirc imeartha agus rinne sé go leor sábhálacha tábhachta idir an dá chuaille do na Dubs i mbliana.

Na Sárimreoirí

Tá sé deacair a shamhlú nach bhfuil ach dhá Ghradam Sárimreora ag Cluxton ó 2011 i leith. Bhuaigh sé trí cinn roimh 2011. Tá sé tar éis ról an chúl báire a athrú ó bhonn agus téann foirne amach lena stopadh. Ní raibh tionchar chomh mór céanna ag aon imreoir eile ar an gcluiche riamh is a bhí ag Cluxton. Is sárchúl báire é David Clarke. Níl aon cheist faoi sin, ach, bhí bliain níos fearr ag Cluxton. Tá mé cinnte nach n-aontódh muintir Mhaigh Eo leis an méid sin ach bíodh mar atá!

Ciarraí agus Tír Eoghain

Bhuaigh Ciarraí an tSraith Náisiúnta agus Craobh Chúige Mumhan. D’fhéadfadh cúis gearáin a bheith ag lucht na Ríochta, mar sin, nach bhfuair siad a thuilleadh gradam. Agus é ag caint faoin bpróiseas roghnaithe do Ghradaim na Sárimreoirí anuraidh, dúirt Michael Lester go mbíonn 16 iriseoirí ar an bpainéal roghnaithe agus go gcuireann siad liosta de 45 isteach ag trí phointe áirithe le linn na bliana – ag deireadh na Sraithe Náisiúnta, ag deireadh na gCraobhacha Cúige agus ag deireadh Chraobh na hÉireann. Cén fáth, mar sin, nach bhfuair na Ciarraígh agus Tír Eoghain tuilleadh gradam? Smaoinimis nach bhfuil ach dhá Ghradam Sárimreora buaite ag Diarmuid Connolly…

Na Buaiteoirí

  1. David Clarke (Maigh Eo)
  2. Chris Barrett (Maigh Eo)
  3. Michael Fitzsimons (Áth Cliath)
  4. Keith Higgins (Maigh Eo)
  5. Colm Boyle (Maigh Eo)
  6. Cian O’Sullivan (Áth Cliath)
  7. Jack McCaffrey (Áth Cliath)
  8. Colm Cavanagh (Tír Eoghain)
  9. James McCarthy (Áth Cliath)
  10. Dean Rock (Áth Cliath)
  11. Aidan O’Shea (Maigh Eo)
  12. Con O’Callaghan (Áth Cliath)
  13. Paul Mannion (Áth Cliath)
  14. Paul Geaney (Ciarraí)
  15. Andy Moran (Maigh Eo)

 

Imreoir Óg na Bliana – Con O’Callaghan

Imreoir na Bliana – Andy Moran

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s