‘Dotsy’ Éirithe As

D’fhógair David ‘Dotsy’ O’Callaghan, an tseachtain seo caite, gur éirigh sé as painéal iomána Átha Cliath, tar éis dó 13 bliain a chaitheamh ag imirt leo. Chaith sé roinnt blianta le peileadóirí na Dubs le linn an ama sin, freisin, idir na blianta 2003 agus 2007.

Dotsy is Dalo

I measc na rudaí a bhuaigh Dotsy leis na Dubs bhí an tSraith Náisiúna Iomána sa mbliain 2011, Craobh Iomána Chúige Laighean i 2013 chomh maith le Craobh Peile Laighean sna blianta 2005 agus 2006. Is le CLG Naomh Marc a d’imir sé ar feadh a shaoil taobh amuigh den seal gairid a chaith sé le Baile Buadáin Naomh Éanna sa mbliain 2015. Tá Dotsy 34 anois.

Sa ráiteas a d’éisigh sé ghuigh sé gach rath ar Pat Gilroy is a fhoireann don bhliain amach romhainn. Aireoidh lucht leanta iomána Bhaile Átha Cliath uathu Dotsy go mór.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s