Deireadh an Bhóthair do Denis Bastick

Briseadh an scéal inné, 15 Samhain, go bhfuil Denis Bastick (36) tar éis éirí as painéal peile na Dubs. Níor tháinig an scéal seo aniar aduaidh ar na Dubs de bharr a aoise ach, mar sin féin, is le brón agus le bród a glacadh leis an scéal. Níor imir Bastick a chéad chluiche craoibhe leis na Dubs go raibh sé 28 ach, a mhac go deo, d’éirigh leis an t-uafás a bhuachan sa ngeansaí dubh agus dubhghorm ina dhiaidh sin!

Denis Bastick

Ball an-tábhachtach de chuid na foirne a bhí i Denis Bastick. Níor thosaigh sé chuile chluiche faoi réimeas Jim Gavin ach bhí ról lárnach aige i gcónaí i lár na páirce do na Dubs. Taobh le Michael Darragh Macauley, Cian O’Sullivan, Brian Fenton agus James McCarthy bhí cúraimí lár páirce air idir 2011 agus 2017. D’imir sé ról lárnach i mbuanna na Dubs idir na blianta sin.

Denis Bastick 2

Bhuaigh sé 5 Craobh uile-Éireann, 4 Sraith Náisiúnta agus 7 Craobh Laighean le linn an ama sin. Bhuaigh se Craobh Shóisearach na hÉireann leis na Dubs agus é ina chaptaen ar an bhfoireann sa mbliain 2008.

Denis 3

Is léir an meas a bhí ag leathbhádóirí Bastick air ó na tuíteanna a chuir siad amach ó d’éirigh sé as inné. Aireoidh lucht leanta na Dubs uathu Denis go mór agus iad ag súil go mór nach leanfaidh mórán imreoirí eile amach an doras é. Tá áit bhuan greannta aige i stair pheil Átha Cliath. Míle buíochas leat, a Denis.

Denis 4

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s