Clasaic Iomána Pháirc Fenway

Chas Pat Gilroy agus a roghnóirí nuacheaptha – Anthony Cunningham, Mickey Whelan agus Paddy O’Donoghue – ar a gcuid imreoirí go foirmeálta ag Clasaic Pháirc Fenway i mBoston Mheiriceá an mhí seo caite.

th40DM2621

Taispeántais iomána a bhí sa gcomórtas seo i bPáirc Fenway, Páirc Cluiche Corr Boston Red Sox, agus ba é seo an dara huair a eagraíodh a leithéid. Ba iad Áth Cliath, Gaillimh, An Clár agus Tiobraid Árann a fuair cuireadh ó AIG páirt a ghlacadh ann i mbliana. Tar éis do na Gaillimhigh an ceann is fearr a fháil ar na Dubs agus don Chlár an ceann is fearr a fháil ar na Tiobraidigh, d’imir an Clár in aghaidh na Gaillimhe sa gcluiche ceannais. Bhuaigh an Clár an comórtas.

Tá sé soiléir ón bpainéal a roghnaigh Pat Gilroy go bhfuil an doras oscailte don dream a d’fhág an painéal le blianta beaga anuas. D’fhill Danny Sutcliffe agus d’imir sé ar an bhfoireann tosaithe don chluiche in aghaidh na Gaillimhe. Seans maith anois go bhfeicfidh tuilleadh ag filleadh ar an bpainéal i mí Eanáir agus tús á chur le Craobh Chorn an Bhreathnaigh.

Ré nua faoi sheol. Na Dubs abú!

Áth Cliath: Jonathan Tracey, Danny Sutcliffe, Paddy Smyth, Shane Barrett, James Madden, Kevin Hetherton, Tom Connolly, Fergal Whitely, Glenn Whelan, John Hetherton

Ionadaithe: Paul Winters, Éanna Boland, Paul Crummy, Dónal Burke, Dónal Gromley, Ronan Hayes, Stephen Chester, Darren Kelly, Cillian Costello, Darragh Gray, Niall McMorrow, Alan Moore, Emmet McKenna

 Cluichí Leathcheabnnais

Gaillimh 55 Áth Cliath 39

An Clár 50 Tiobraid Árann 45

Cluiche Ceannais

An Clár 50 Gaillimh 33

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s