Ainmníodh foireann peile Átha Cliath ar ghearrliosta Ghradaim Spóirt RTÉ 2017. Aitheantas atá anseo ar an éacht a rinne na Dubs a dtríú Craobh uile-Éireann i ndiaidh a chéile a bhuachan i mbliana. Le vóta a chaitheamh do na Dubs níl le déanamh ach téacstheachtaireacht a chur chuig 53125 leis na focla TEAM Dublin Football. Fógrófar na buaiteoirí trathnóna Dé Sathairn, 16 Nollaig.
I measc na bhfoirne eile a roghnaíodh don ghradam seo tá foireann peile Átha Cliath na mban, foireann camógaíochta Chorcaí, foireann iomána na Gaillimhe, Mark O’Donovan agus Shane O’Driscoll, Cork City FC agus foireann seóléimní na hÉireann.
Ainmníodh Noelle Healy ar ghearrliosta Phearsa Spóirt na Bliana de chuid RTÉ agus is féidir vóta a chaitheamh do Noelle ag an nasc seo leanas: https://www.rte.ie/sport/other-sport/2017/1207/925776-vote-for-the-rte-sport-awards-sportsperson-of-the-year/
Bígí ag vótáil! Gach rath orthu. Na Dubs abú. Ní fada uainn Craobh Chorn Uí Bhroin is Chorn an Bhreathnaigh…