Roinnt Cluichí ar na Bacáin – 2018 ag Teacht go Tréan!

Níl ach 2 lá le gabháil go bhfeicfear peileadóirí agus iománaithe na Dubs in athuair agus tá lucht leanta na Dubs ar bís! Cuirfear tús le ré iomána Pat Gilroy agus le feachtas eile peile de chuid arm Jim Gavin ar an Satharn seo chugainn, 23 Nollaig, nuair a thabharfas na foirne contae aghaidh ar na ‘Réaltaí Gorma’. Is ar pháirc peile CLG Naomh Uinsionn a imreofar na cluichí seo. Tosóidh an pheil ar 12.30 agus an iomáint ar 2.00pm.

NDA 8

Ag teacht sna sála ar na cluichí sin beidh Craobhchomórtais Chorn Uí Bhroin is Chorn an Bhreathnaigh. Beidh an chuid is mó de fhoireann bhuacach na Dubs ar saoire foirne le linn an chomórtais seo rud a chiallaíonn go dtabharfar seans do imreoirí óga nach raibh ar an bpainéal anuraidh. Is é Paul Clarke a bheidh bhainisteoir don chomórtas seo arís i mbliana.

Imreoidh na Dubs in aghaidh Uíbh Fhailí ar 3 Eanáir i bPáirc Pharnell agus in aghaidh Loch Garman ar 7 Eanáir in Inis Córthaidh. Ní bheidh na hollscoileanna páirteach sa gcomórtas i mbliana rud a chiallaíonn nach bhfuil ach trí fhoireann sa ngrúpa.

Is iad an Mhí agus Aontroim a bheidh mar chéilí comhraic ag na hiománaithe i gCraobhchomórtas Chorn an Bhreathnaigh i mbliana. Imreoidh siad in aghaidh na Mí i mBaile an Aba ar 3 Eanáir agus in aghaidh Aontroma i bPáirc Pharnell ar 7 Eanáir. Ní bheidh imreoirí Chuala ar fáil do Pat Gilroy ach dea-scéal do lucht leanta na Dubs go mbeidh Danny Sutcliffe, Johnny McCaffrey agus Peter Kelly ar fáil don phainéal arís.

Na Dubs abú!

Craobhchomórtas Chorn Uí Bhroin

Áth Cliath v Uíbh Fhailí, 3 Eanáir, Pairc Pharnell

Loch Garman v Áth Cliath, 7 Eanáir, Inis Córthaidh

Craobhchomórtas Chorn an Bhreathnaigh

An Mhí v Áth Cliath, 3 Eanáir, Baile an Aba

Áth Cliath v Aontroim, 7 Eanáir, Páirc Pharnell

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s