Dúshláin Réaltaí Átha Cliath

D’imir iománaithe agus peileadóirí Átha Cliath in aghaidh Réaltaí Átha Cliath Dé Sathairn seo caite, 23 Nollaig, ar Pháirc Chumann Naomh Uinsionn. Dúshláin bhliantúla a bhíonn sna cluichí seo a imrítear díreach roimh an séasúr nua chuile bhliain. Deis iad le haitheantas a thabhairt dóibh siúd a ndearna éachtaí lena gcuid clubanna le linn na bliana.

17951742_1676531402376257_8747405650255707015_n

D’éirigh le Jim Gavin is a fhoireann an ceann is fearr a fháil ar na réaltaí ar scór 2-18 go dtí 2-15. Aaron Byrne a d’aimsigh na cúil do na Dubs. Ina measc siúd a d’imir ar fhoireann Gavin bhí Colm Basquel, Brian Howard, Shane Carthy, Killian O’Gara agus Emmett Ó Conghaile.

Fuair Réaltaí Átha Cliath an ceann is fearr ar fhoireann Pat Gilroy ar scór 1-24 go dtí 0-21. Ní raibh imreoiri Chuala ar fáil do Gilroy. Ina measc siúd a d’imir leis na Dubs bhí Tomás Connolly, Shane Barrett agus Fionn Ó Riain Broin.

Chuaigh leithéidí Johnny McCaffrey, Gary Maguire, Chris Crummey agus Niall Corcoran chun páirce do na réaltaí.

*Do Fheargal Ó Cuilinn, RIP, (1966-2017)  a bhíodh le feiceáil ag an gcluiche bliantúil seo go minic. Ní dhéanfar dearmad ort, a mhac.

Na Foirne

Peil: A Bunyan, R McGowan, S McMahon, G Hannigan, D Devereux, B Howard, G Seaver (0-01), S Ryan, S Carthy (0-01), C Basquel (0-05), E Ó Conghaile (0-01), K Callaghan, A Byrne (2-01), K O’Gara (0-01), A Rogers (0-04)

Ionadaithe: D Downey, R Deegan (0-01), C Doyle (0-02), E O’Brien, C Sallier, G O’Reilly (0-01), C Dixon

 

Iomáint: A Nolan, D Kelly (0-01), P Smyth, C Hendriken, T Connolly (0-01), B O’Carroll, S Barrett, R Smyth, E Dunne (0-01), P Crummey (0-01), R Mahon (0-03), C Costello (0-04), F Ó Riain Broin (0-06), J Hetherton, P Kelly

Ionadaithe: S O’Connor, R Curley, S Ó Riain, D Gray (0-01), K Fitzgerald, C Dowling, M McCaffrey (0-01), E McKenna, E Smyth (0-02)

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s